YouVersion Logo
Search Icon

Genesis 33

33
Caibidil XXXIII.
Dhearnadar Iácob agus Esau réiteadh. 18 Táinig Iacob go Salem, agus do cheannaich machair annsin.
1Agus do thóg Iácob a shúile súas, agus damhairc se, agus féuch do tháinic Esau agus ceithre chéad fear leis. Agus do roinn sé an chlann do Léah, agus do Ráchel, agus don dá chumhal. 2Agus do chuir sé na cumhail agus a cclann a ttosach, agus Léah agus a clann na ndiáigh, agus Rachel agus Ióseph fá dheireadh. 3Agus do ghluáis anonn rompa, agus do chláon é féin go talamh seachd nuáire, nó go ttáinig a bhfogus dá dhearbhrathair. 4Agus do rith Esau na choinne, agus do theann ris é, agus do luidh ar a mhuinéul, agus do phóg é: agus do ghuileadur. 5Agus do thóg se súas a shúile, agus do chonnairc na mná agus an chlann; agus a dubhairt, Cía híad súd agud? agus a dubhairt seision, An chlann tug Día go grásamhuil dod sheirbhíseach. 6Ann sin tangadur na cumhail, agus a cclann a bhfogus, agus do cláonadur íad féin. 7Agus tháinic Léah mar an gcéadna gon a cloinn a bhfogus, agus do chláonadur íad féin: agus fá dheireadh tháinic Ióseph agus Ráchel a bhfogus, agus do chláonadar íad féin. 8Agus a dubhairt sé, Créad as cíall duit ris a nealbhasa uile thárla rium? agus a dubhairt seision, Dfagháil grás a radharc mo thighearna. 9Agus a dubhairt Esau, Atá go lór agamsa a dhearbhrathair; bíodh an ní as leachd agad féin. 10Agus a dubhairt Iácob, Ní headh, guidhim thú, má fuáir mé a nois grása ad radharc, ann sin glac mo bhronntanas as mo láimh: oir is uime sin do chonnairc mé do ghnuis amhuil mar do chífinn gnúis Dé, gus do thaitin mé riot. 11Guidhim thú, glac mo bheannughadh, tugadh chugad; do chionn go raibh Día go grásamhuil riom, agus do chionn go bhfuil go lór agam. Agus do shárúidh air, agus do ghabh sé an tiodhlaiceadh. 12Agus a dubhairt seision, Glúaisiom ann ar slighe, agus imthighiom, agus rachuidh misi romhad. 13Agus a dubhairt seision ris, Ata a fhios ag mo thighearna go bhfuilid na leinimh máoth, agus na tréada agus na sealbhadha ré hóga agamsa: agus má thiomáinid daóine go hiomarcach íad a néanló, gheabhuidh an tréad uile bás. 14Eirghiodh mo thighearna, íarruim ort, thairis anonn roimhe a sherbhíseach: agus leanfa misi thú go socair, réir mar fhéadfuid a nairnéis bhías romham agus an chlann fhulang, nó go ttí mé go núigh mo thighearna go Seir. 15Agus a dubhairt Esau, Léig dhamhsa a nois cuid don mhuínntir atá am fhochair dfágbháil agad. Agus a dubhairt seision, Cionnus riochthara leas? faghaim a nois grása a radharc mo thighearna. 16Marsin do fhill Esau ann lá sin féin ann a shlighe go Seir. 17Agus do ghluáis Iácob go Succot, agus do rinne tigh dhó féin, agus do rinne máinreacha dhá áirnéis: uimesin goirthear Succot dainm do náit. 18Agus táinic Iácob go Sálem, cathair Shechem, noch atá a ttír Cánaain, a nuáir tháínic sé ó Phádan-Aram; agus do shuidhidh a phubuil as choinne na caithreach. 19Agus do cheannuigh sé cuid do mhachaire, áit ar leathnuigh sé a phubail, as láimh chloinne Hámor, athair Shechem ar chéad píosa airgid. 20Agus do chuir altoir súas annsin, agus do ghoir sé dhi El-elohe-Israel.

Currently Selected:

Genesis 33: Bedell

Highlight

Copy

Compare

Share

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in