YouVersion Logo
Search Icon

Genesis 32

32
Caibidil XXXII.
Tárladar aingle dé ar Iácob. 9 Do Iarr sé ar Dhía a choimheud oná bhráthar Esau. 24 Ghleac sé re Aingil.
1Agus do imthigh Iacob roimhe na shlighe, agus tárla aingle Dé ris. 2Agus a nuáir do chonnairc Iacob íad, a dubhairt sé, A sé so slúagh Dé: agus do ghoir sé dainm do náit sin Mahanaim. 3Agus do chuir Iacob teachda roimhe, go Hésan a dhearbhrathair go fearann Seir, eadhon talamh Edom. 4Agus do aithin sé dhiobh, ag rádh, Mar so a déartháoi rem thighearna Esau: a deir do sheirbhiseach Iácob mar so: do chomhnuighe mé a bhfochair Lábáin, agus do fhan mé aige ann sin go ttí a nois. 5Agus atáid daimh agus assail agam, tréada agus seirbhísigh fear agus seirbhisigh ban: agus do chuir mé teachda uáim dá innisin dom thighearna, ionnus go bhfagha mé grása ad radharc. 6Agus do fhilleadar na teachda go Iacob, ag rádh, Tangamairne go nuige do dhearbhráthair Esau, agus atá seision ag teachd mar an gcéudna do theagmháil ort, agus ceithre chéud fear leis. 7An sin do bhí Iácob lán deagla agus danbhuáin: agus do roinn sé na dáoine do bhí aige, agus na tréada, agus na sealbha, agus na cámhuill a ndá chuideachduin. 8Agus a dubhairt, Má thig Esau cum cuideachda dhíobh, agus go mbuáilfidh íad, ann sin rachuid an chuideachda fhuigfidhear as uadh. 9Agus a dubhairt Iácob, A Dhé máthar Abraham, agus a Dhé máthar Isaac, an TIGHEARNA noch a dubhairt rium, Fill chum do thíre féin agus chum do gháoil, agus do gheabhthar misi go maith ort. 10Ní fiú mé an chuid as lúgha dot thrócaire, agus do nfírinne noch do thaisbéin tú dod óglach: óir lem bhata tháinig mé tar an iordáinse; agus a nois atáim dhá bhanna. 11Sáor mé, iarrum ort, ó láimh mo dhearbhrathar, ó láimh Esau: óir atá eagla agus roimhe, dfaitchios go ttiocfadh, agus go mbuáilfeadh mé, agus an mhathair maille ris an ccloinn. 12Agus a dubhairt tusa, Go deimhin do dhéuna mé maith dhuit, agus do dhéuna mé do shíol mar ghaineamh na fáirge nach féidir áireamh ar a iomadamhlachd. 13Agus do fhosuidh se ann sin a noidhche sin féin; agus do bhean sé as an ní ráinic chum a láimhe, bronntanus ré thabhairt dá dhearbhrathair Esau. 14Dhá chéad gabhar baineánn, agus fithche poc, dhá chéad cáora bhainean, agus fithche reithe. 15Tríochad chámhall bainneann goná mbromchuibh, ceathrachad bó, agus deich ttairbh, fithche assal baineann, agus deich searruigh. 16Agus do sheáchuidh se íad a lámhuibh a sherbíseach, i gach éntsealbh ar leith, agus a dubhairt ré na sherbhíseachuibh; Gluáisigh thairis a nonn romhamsa, agus cuirigh spás eidir gach dá sheilbh. 17Agus do aithin don chéad luchd, dá rádh, A nuáir theigeómhas mo dhearbhrathair Esau riot, agus fhíafrochus díot, ag rádh, Cía léar leis thu? agus cáit a racha tú? agus cía lear leis íad so romhad? 18Ann sin a déura tusa, Is lé do sherbhíseach Iácob íad so; is tiodhlaiceadh é do cuireadh chum mo thighearna Esau; agus féuch, atá sé féin mar an gcéadna ar ndíaigh. 19Agus is mar sin do aithin sé don dara, agus don treas luchd, agus don méid do lean na sealbha, ag rádh, Ar an modh so laibhéorthaoi ré Hésau a nuáir go gheabhthaói é. 20Agus abruidhsi ós a chionn sin, Féuch, atá do sherbhíseach Iácob ar ndíaigh. Oir a dubhairt, Ceinnseochuidh mé é leis an mbronntanas rachas romham, agus na dhiáigh sin do chífe mé a ghnúis; do bféidir go ngéubhadh sé mo ghnúis chuige. 21Mar sin do chuáidh an preasánta anonn roimhe, agus do chomhnuidh sé fein a noidhchesin ann sa chuideachduin. 22Agus do éirigh sé súas a noidhche sin, agus do ghlac sé a dhías ban, agus a dhá chumhal, agus a éanmhac déag, agus do chuáidh sé tar áth Iabboc a nunn. 23Agus do rug sé orra, agus do chuir tar an abhuinn a nunn íad, agus do chuir thairis anunn a raibh aige. 24Agus do fágbhadh Iácob na áonar; agus do bhí duine ag gleic ris no go ttáinig éirghe na maidne. 25Agus a nuáir do chonnairc sé nach deachuidh aige air, do bhean sé re log a laghairce, agus do bhí log laghairce Iácob as alt, mar do bhí agsbáirn ris. 26Agus a dubhairt sé, Léig dhamh imtheachd, óir ata an lá ag éirghe: agus a dubhairt seision, Ní léigfe mé dhuit imtheachd nó go mbeannuighe tú mé. 27Agus a dubhairt seision ris, Cá hainm thu? Agus a dubhairt seision, Iácob. 28Agus do ráidh seision, Ní goirfear Iácob dhíot feasda mar ainm, ach Israel: óir atá cumhachda agad mar phrionnsa ré Día, agus ré daóinibh agus do rug tú buáidh. 29Agus do fhíafruigh Iácob dhe, agus a dubhairt ris, Guidhim thú, innis damh hainm. Agus do raídh seision, Cread an fath fá bhfiafruighionn tú maimn? Agus do bheannuigh sé ann sin é. 30Agus dó ghoir Iácob Peniel dainm do náit sin; óir do chonnairc mé Día aghuidh ar aghuidh agus do sabhaladh mo bheatha. 31Agus mar do chuáidh a nunn tar Phenuel, do éirigh an grían air, agus do bhí sé bácach ann a ladhairg. 32Uime sin nach ithid clanna Israel gus a níugh don fheích do chrap, noch bhios á log na ladhairge: do chionn gur bhean sé ré log na ladhairge ag Iácob ann sa bhféich do chrup.

Currently Selected:

Genesis 32: Bedell

Highlight

Copy

Compare

Share

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in