YouVersion Logo
Search Icon

Esra 9

9
Caibidil IX.
Admhail pheacadh an phobail; 5 agus caoi Esra dá ccionn.
1Anois a núair do rinneadh na neithesi, thangadar na prionnsadha chugamsa, dha rádh, Níor dhealuigh pobal Israel, nó na sagairt, nó na Lebhítigh, íad feín ó dhaoinibh na ccríoch, ag déanamh do reír a ngráineamhlachd, eadhon na Ccananíteach, na Hititeach, na Bperisiteach, na Iebusiteach, na Nammomteach, na Moabiteach, na Négipteach, agus na Namoriteach.
2Oír thugadar a ningheana chuca feín, agus chum a mac: iondus gur chumaisc an síol náomhtha íad féin ré daómibh na ccríochsin: agus fós, lámh na bprionnsadha agus na núachtarán do budh ceann ar a nurchóidsi.
3Agus a núair do chúala misi an nísi, do bhris mé méadach agus mfalluing, agus do tharruing mé grúag mo chinn agus mféusóige, agus do shúigh mé siós ar líthiughadh.
4Annsin do chruinnigh chugam gach áon do chriothnuigh re breithir Dé Israel, ar son chiontadh na muinntire rugadh ar siubhal; agus do shúigh mé go hanbhúaineach nó go ttáinig íodhbairt an tráthnóna.
5¶ Agus ag íodhbuirt an tráthnóna déirigh mé súas as mo dhóbhrón; agus íar mbriseadh méaduigh agus mfalluinge dhamh, do léig mé ar mo ghlúinibh mé, agus do leathnuigh mé mo lámha amach chum mo THIGHEARNA Dé.
6Agus a dubhairt mé, O mo Dhía, atá náire orum agus do dhearg mé tré maghuidh do thógbháil súas chugadsa, mo Dhía: óir dfásadar ar bpeacuidh ós ar cceann, agus dfásadar ar ccionta súas go neamh.
7O laéthibh ar naithreadh atámuid a bpeacadh mhór gus a niugh; agus ar son ar nolc do seachadadh sinn féin, ar righthe, agus ar sagairt, a láimh ríogh na ccríoch, don chloidhéamh, do dhaoirsine, do chreachadh, agus do náire aighthe, mar atá a niúgh.
8Agus a nois a mbeagáin aimsire do taisbeanadh grása ó ar TTIGHEARNA Día, fuighioll dfágbháill dínn do dhul as, agus do thabhairt táirnge dhúinn iona áit náomhtha, le bhfoisceolaidh ar Ndía ar súile, agus aithbheóghadh beag do thabhairt oruinn as ar ndaoirsine.
9Oír do bhámairne ar ndáoirsineachaibh; gidheadh níor thréig ar Ndía sinn ann ar ndaoirsine, acht do thaisbein sé trócaire dhúinn a radharc ríogh na Persia, do thabhairt aithbheoghudh eruinn, do chur thighe ar Ndé súas, do leasughadh a fhásuigh, agus do thabhairt balla dhúinn ann Iúdah agus ann Ierusalem.
10Agus a nois, ó ar Ndía, cred a déaram na dhiáigh so? óir do thréigeamar haitheanta sa,
11Noch daithin tú red sherbhísigh, na fáighe, ag rádh, An fearann, a bhfuilti ag dul dá shealbhughadh, atá sé na fhearann neamhghlan arson salchar dhaoine na talmhan, le na ngráineamhlacht, noch do líon é ón ccorr go chéile le na salchar.
12Anois ar a nadhbharsin ná tugaidhse bhur ningheana dá macaibh, agus ná gabhuidh a ningheana dá bhur macaibh, ná híarruidh a síothcháin nó a saidhbhrios go bráth: chor go mbeithí laídir, agus go niostaói maithios na talmhan, agus go bhfúigfidhe é na oighreacht ag bhur ccloinn go bráth.
13Agus tar eís a ttáinic oruinn fár ndroichghníomhuibh, agus far ccoir mhóir, ó phianuidh tusa sinn ó ar Ndía níos lugha ná mar do thuill ar bpeacadh, agus thug tú fuásgladh dhumn mar so;
14Nar chóir dauinn a rís haitheanta do bhriseadh, agus íadhadh a ccleamhnus ré lucht na graíneamhlachta? nach beitheása feargach rinn nó go scriostá sinn, iondus nach biath fuighioll nó dul as?
15O a THIGHEARNA Día Israel, atá tú ceart: óir mairmidne fós íar ndul as, mar atá a niugh: féuch, a támaoid ad lathair ann ar gciontuibh: óir ni fhéadmaoid seasamh as do choinne dá bhrígh so.

Currently Selected:

Esra 9: Bedell

Highlight

Share

Compare

Copy

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in