YouVersion Logo
Search Icon

Esra 8

8
Caibidil VIII.
Comh‐chuideachd Esra, 24 Agus na tiodhluice tugadar léo.
1Isiad so a nois roighne a naithreadh, agus sé so genealach na druinge do chuáidh liomsa súas on Bhabilóin, á ríghe Artacsercses an rígh.
2Do mhacaibh Phineas; Gersom: do mhacaibh Itamar; Daniel: do mhacaibh Dáibhi; Hattus.
3Do mhacaibh Shechaniah, do mhacaibh Pharos; Sechariah: agus do háirmheadh maille ris don ghenealach fheardha céud agus cáogad.
4Do mhacaibh Phahat‐Moab; Elihoenai mhac Seraiah, agus maille ris sin dhá chéad tirionnach.
5Do mhacaibh Shechaniah; mac Iahasiel, agus maille ris sin trí chéad firionnach.
6Agus do mhacaibh Adin mar an ccéadna; Ebed mhac Ionatan, agus maille ris sin cáogad firionnach.
7Agus do mhacaibh Elam; Iessaiah mhac Ataliah, agus maille ris seachtmhoghad firionnach.
8Agus do mhacaibh Sephatiah; Sebadiah mhac Michael, agus maille ris ceithre fithchid firionnach.
9Do mhacaibh Ioab; Obadiah mhac Iehiel, agus maille ris dhá chéud agus ocht bhfir dhéug.
10Agus do mhacaibh Selomit; mac Iosiphiah, agus maille ris céad agus trí fithchid firionnach,
11Agus do mhacaibh Bebai; Secharia mhac Bebai, agus maille ris ochtar ar fhithchid firionnach.
12Agus do mhacaibh Asgad; Iohanan mhac Haccatan, agus maille ris céad agus deithneamhar firionnach.
13Agus do mhacaibh deighionacha Adonicam, ar bhíad so a nanmanna, Eliphelet, Iehiel, agus Semaiah, agus maille riú trítithchid firionnach.
14Fós do mhacaibh Bigbhai; Utai, agus Sabbud, agus maille riú seachtmhoghad firionnach.
15¶ Agus do chruinnigh misi a ccionn a chéile íad gus a nabhuinn ghluaisios go Hahabha; agus dfanamar ann sin a lóistinibh trí lá: agus do mheas mé an pobal, agus na sagairt, agus ní bfúair mé áoinneach do mhacaibh Lébhi ann.
16Ann sin do chuir mé fios ar Eleasar, ar Ariel, ar Shemaiah, agus ar Elnátan, agus ar Iarib, agus Elnátan, agus ar Nátan, agus ar Shechariah, agus ar Mhessullam, daóine toghtha; agus fós ar Ioiarib, agus ar Elnatan, dáoine tuigsionacha.
17Agus do chuir mé íad maille re haithne go Hiddo an ceann san nionad Casiphia, agus dinnis mé dhóibh cred a déaraidís re Híddo, agus re na dhearbhraithribh na Netinimigh, ansa náit Casiphia, go ttugaidis leó chuguinn seirbhísigh chum tighe ar Ndé.
18Agus maille re láimh mhaith ar Ndé do bheith linn thugadar duine tuigsionach chuguinn, do mhacaibh Mahli, mhic Lébhi, mhic Israel; agus Serebiah, gun a mhacuibh agus a dhearbhráithribh, ocht bhfir dhéag;
19Agus Hassabiah, agus maille ris Iessaiah do mhacaibh Merári, a dhearbhráithre agus a micsin, fithche fear.
20Mar an gcéadna do na Netinimibh, noch do órduigh Dáibhi agus na prionnsadha a serbhís na Lebhíteach, dhá chéud agus fithche Netinimeach: do foillsigheadh íad uile le na nainm.
21¶ Annsin dfuágair misi trosgadh san náitsin ag an nabhuinn Ahabha, go ccráidhfemis sinn feín a lathair ar Ndé, lé a níarrfamáois air slighe dhíreach dhúinn féin, agus dar náos óg, agus dar máoin uile.
22Oír do bhí náire orum buidhe an sheighdiúr agus mharcshlúagh díarruigh air an rígh do chungnamh linn a naghaidh ná námhad annsa tslighe: do bhrígh gur labhramar ris an rígh, dhá rádh, Atá lámh ar Ndé chum maitheasa leis an mhéid íarrus é; acht bí a chumhacht agus a fhearg a naghaidh gach áoin dá ttréigionn é.
23Marsin do throisgeamar agus do ghuidheamar ar Ndía uimeso: agus déist sé rinn.
24¶ Annsin do chuir mé ar leith dhá fhear dheág do thogha na sagart, Serebiah, Hassabiah, agus deithneamhar da ndearbhráithribh maille riú,
25Agus do thomhuis mé chuca an tairgiod, agus an tór, agus na soithighe, eadhon ofráil thighe ar Ndé, noch dofrail an rígh, agus a chomhairligh, agus a thighearnuigh, agus Israel uile do bhí a lathair annsin:
26Do thomhuis mé féin iona lámhuibh sé chéad agus caogad tallann airgid, agus céad tallann do shoithighibh airgid, agus céad tallann óir;
27Mar an ccéadna fithche báisín óir, do chomhthromuígh míle drama; agus dhá shoitheach dfionnbhruithne fhíneulta, mórlúaigh mar ór.
28Agus a dubhairt mé riú, Atáthaói náomhtha don TIGHEARNA; atáid na soithighe mar an gcéadna beannuigh; agus atá an tairgiod agus an tór na nofráil thoileamhuil don TIGHEARNA Día bhur naithreadh.
29Déanuidhsi faire, agus coimhéuduigh íad, no go ccomhthromhuigh sibh íad a lathair cheann na sagart agus na Lebhíteach, agus thogha aithreadh Israel, ann Ierusalem, a seómradhuibh thighe an TIGHEARNA.
30Marsin do ghlacadar na sagairt agus na Lebhiteach comhthrom a nairgid, agus a noir, agus na soitheach, da ttabhairt go Hierusalem go tigh ar Nde.
31¶ Ann sin do ghiuáiseamar ó shruth Ahabha ar an dara deag don chédmhí do dhul go Hierusalem: agus do bhí lámh ar Ndé maille rinn, agus do sháor sé sinn ó láimh na námhad, agus ón mhéid do bhí a luidheachán oruinn annsa tslighe.
32Agus thangamar go Hierusalem, agus dfanamar ann sin trí lá.
33¶ Anois ar an cceathramhadh lá do comhthromadh an tairgiod agus an tór agus na soithighe a ttigh ar Ndé lé láimh Mheremot mhic Uriah an sagart; agus do bhí maille ris Eleasar mhac Phineas; agus maille riú sin do bhí Iosabad mhac Iessua, agus Noadiah mhac Binnui, Lebhítigh;
34Le huibhir agus le comhthrom gach éainneithe: agus do scriobhadh an comhthrom uile annsa namsin.
35 Mar an ccéadna clann na muinntire rugadh ar siubhal uile, agus dfill ón dáoirsine, dofráladar íodhbartha loisge do Dhía Israel, dhá bhulóig dhéug arson Israel uile, nóchad agus sé reithe, seachtmhoghad agus seacht núain, dha ghabhar dhéug fhirionna mar ofráil pheacuidh: do bhadar so uile na nofráil loisge don TIGHEARNA.
36¶ Agus thugadar cumhachda an rígh do dfir ait an rígh, agus dúachdaránuibh don taoibhse don tsruth: agus do chuidigheadar leis an bpobal, agus lé tigh Dé.

Currently Selected:

Esra 8: Bedell

Highlight

Share

Compare

Copy

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in