Esra 7
7
Caibidil VII.
Thainic Esra go Hierusalem, 11 le teachdaireachd Artacsercses.
1Anois tar eis na neithionnso, a ríghe Artacsercses rígh na Persia, Esra mhac Seraiah, mhic Asariah, mhic Hilciah,
2Mhic Sallum, mhic Sádoc, mhic Ahitub,
3Mhic Amariah, mhic Asariah, mhic Meraiot,
4Mhic Seraiah, mhic Ussi, mhic Bucci,
5Mhic Abisua, mhic Phinehas, mhic Eleasar, mhic Aáron an tárdshagart:
6Do chuáidh an Tesra so súas ón Bhabilóin; agus do bhí sé na scríbhneóir abuidh a ndligheadh Maóise, noch thug an TIGHEARNA Dia Israel úadha: agus daontuigh an rígh a íarratas uile dhó, do réir láimhe a THIGHEARNA Dé air.
7Agus do chúaidh súas cuid do chloinn Israel, agus do na sagartuibh, agus do na Lebhitibh, agus do na cantáireadhuibh, agus do na doirseóirighibh, agus do na Netinimigh, go Hierusalem, ar an seachdmhadh blíadhain do Artacsercses an rígh.
8Agus tháinic sé go Hierusalem ar an ccúigeadh mí, noch do bhí annsa seachtmadh bliadhain don rígh.
9Oír ar an ccéad lá don chéid mí do thionnscuin sé dul ón Bhabilóin súas, agus ar an ccéad lá don chúigeadh mí tháinic sé go Hierusalem, do réir mar do bhi láimh mhaith Dé air.
10Oír dullmhuigh Esra a chroidhe díarruidh dlighe an TIGHEARNA, agus dá dhéanamh, agus do theagasc reachda agus bhreitheamhnus ann Israel.
11¶ Anois isí so cóib na litreach noch thug Artacsercses an rígh do Esra an sagart, an scribhneóir, eadhon scribhneóir, bhríathar aitheantadh an TIGHEARNA, agus reachda Israel.
12Artacsercses, rígh na ríogh, chum Esra an sagart, scribhneóir dhlighe Dé neimhe, síothchain iomlán, agus annsa namsin.
13Do ním ordughadh, an mhéid do phobal Israel, agus dá sagartuibh agus dá Lebhítibh, ann mo rioghachtsa, ar a bhfuil fonn da ttoil aonta fém dul súas go Hierusalem, go rachuid súas leatsa.
14An mhéid gur cuireadh ón rígh thú, agus ó na sheacht ccomhairleachaibh, do cheastnughadh a ttáobh Iúdah agus Ierusalem, do réir dhlighe do Dhé noch atá ad láimhsi;
15Agus an tairgiod agus an tór do bhreith leachd, dofráil an rígh agus a chomhairligh ó thoil aontadhuigh do Dhía Israel, noch a bhfuil a chomhnuidhe ann Ierusalem,
16Agus a nuile airgiod agus ór is féidir leachd dfagháil a bprobhins na Babilóine, re ofráil áontadhuidh an phobail, agus na sagart, ag ofráil go toileamhuil chum tighe a Ndé noch atá ann Ierusalem:
17Chor go cceinneochthá go lúath leis a nairgiodsa bulóga, reitheadha, uáin, maille re na nofrála bídh agus a nofrála dighe, agus íodhbuir íad ar altóir do THIGHEARNA Dé noch atá ann Ierusalem.
18Agus gidh bé ar bith ní as féarr do chífidhthear dhuit féin, agus dot dhearbhraithribh, déanuidh ris an ccuid oile do nairgiod agus do nór, déanuidh sin do réir thoile bhur Ndé.
19Na soithighe fós tugadh dhuit chum serbhíse thighe do Dhé, seachuid íad a lathair Dé Ierusalem.
20Agus gidh bé ní oile bhías deasbhuidh ar thigh do Dhé, da mbía cúis agad a chairheamh, caith é as tigh ionmhuis an rígh.
21Agus misi, misi féin Artacsercses an rígh, do ním órdughadh ar a nuile óirchisteóir táobh thall dabhuinn, gidh bé ar bith íarrfus Esra an sagart, scribhneóir dhlighe Dé neimhe oruibh, deantar é go lúath,
22Go céad tallann airgíd, agus go céad miosúr cruithneachda, agus céad soitheach fiona, agus céud soitheach ola, agus salann gan cur síos ca mhéid.
23Gidh bé ní do haithnigheadh lé Día neimhe, déantar go dúthrachtach é do thigh Dé neimhe: óir cred as a mbíath fearg a naghaidh rioghachta an righ nó a mhac?
24Mar an ccéadna deimhnigheamíd daóibhse, a ttáobh éanduine do na sagartuibh agus do na Lebhitibh, do na cantairighibh, do na doirseóirighibh, do na Netinimigh, nó seirbhísigh thighe Dé, nach Ludh dlightheach cáin, duibhchíos, nó custum, do chur orra.
25Agus thúsa, Esra, do réir ghliocuis do Dhé, noch atá ad láimhsi, cuir úachdaráin agus breitheamhuin, noch dhéanas breitheamhnus do nuile phobal atá taobh thall do nabhuinn, an mhéid agá bhfuil fios dlighe do Dhése; agus múinsi an mhéid dá nach fios é.
26Agus gidh bé nach déana do réir dhlighe do Dhése, agus dlighe an righ, déantar breitheamhnus ar báll air, mas bás é, nó díbirt, nó caill a mhaóine, nó príosúntachd.
27¶ Go madh beannuigh an TIGHEARNA Dia ar naithreadh, do chuir a leithéid so a ccroidhe an righ, do scíamhadh thighe an TIGHEARNA noch atá ann Ierusalem:
28Agus do thoirbhir trócaire dhamhsa a bhfiadhnuisi an rígh, agus a chomhairleach, agus a lathair uile phrionnsadh cumhachdach an rígh. Agus do neartuigheadh misi mar do bhí lámh mo THIGHEARNA Día orum, agus do chruinnigh mé as Israel daóine toghtha do dhul súas liom.
Currently Selected:
Esra 7: Bedell
Highlight
Share
Compare
Copy
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.
Maintained by the British and Foreign Bible Society (BFBS) on behalf of the National Bible Society of Ireland (NBSI) and the Bible Society in Northern Ireland (BSNI)