Exodus 9
9
Caibidil IX.
An cúigeadh, an seiseadh, agus an seachdmhadh pláigh na Hegipte.
1Ann sin a dubhairt an TIGHEARNA re Maóise, Eirigh a steach go Phárao, agus innis dó, Is mar so a deir an Tighearna Día na Neabhruigheach, Léig dom phobal imtheachd, go ndéanuid serbhís damhsa.
2Oír má dhíultann tú léigean dóibh imtheachd, agus go ccuinneochuidh tú fós íad.
3Feuch, atá lámh an TIGHEARNA ar háirneís atá ar an machaire, ar a neachraidh, ar na hassaluibh, ar na cámhalluibh, ar na damhuibh, agus ar na cáorchuibh: biaidh conach ródhoiligh orra.
4Agus dealóchuidh Día áirneís Israel ó áirneís na Hégipte: agus ní racha éinní is lé cloinn Israel déug.
5Agus do órduigh an TIGHEARNA lá cinnte, dá rádh, A márach do dhéana an TIGHEARNA an ni si ann sa dúthaigh.
6Agus do rinne an TIGHEARNA an ní sin ar na mhárach, agus fúaradar áirneís na tíre uile bás: achd ní bhfuáir éinbheathach dáirnéis na Nisraelach bás
7Agus do chuir Phárao fios amach, agus, féuch, ní dheachuidh áon amháin déug dáirneis Israel. Agus do crúadhuigheadh cróidhe Phárao, agus níor léig don phobal imtheachd.
8Agus a dubhairt an TIGHEARNA ré Maóise agus re Haáron, Glacuidh chuguibh lán glaice do luáith na fuirnéise, agus croitheadh Maóisi sin chumnimhe a radharc Phárao.
9Agus do dhéuntar luáithreadh mion de, ar feadh chríche na Hégipte, agus biáidh na bhriseadh amach a mbolguidh ar dhuine, agus ar bheathach, ar feadh chríche na Hégipte.
10Agus do ghlacadar luáith na fuirnéise, agus do sheasádar a lathair Pháraó: agus do chroith Maóise súas é chum nimhe; agus do rinneadh bolgach dhe ag briseadh amach a léasach ar dhuine, agus ar ainmhidhe.
11Agus níor fhéadadur na dráoithe seasamh a lathair Mhaoise do bhrígh nam bolguidhe; óir do bhí an bholgach ar na dráoithibh, agus ar na Hégiptibh uile.
12Agus do chrúadhuigh an TIGHEARNA croidhe Phárao, agus níor éisd sé riu; mar a dubhairt an TIGHEARNA re Maóise.
13Agus a dubhairt an TIGHEARNA re Maóise, Eirigh súas go moch ar maidin, agus seas as coinne Phárao, agus abuir ris, Is mar so a deir an TIGHEARNA Día na Neabhruigheach, Léig dom phobal imtheachd, go ndéanaid serbhís damh.
14Oír cuirfe mé a nois mo phlágha uile ar do chroidhe, agus ar do sherbhíseachuibh, agus ar do mhuinntir; chor go mbia a fhios agad nach bhfuil mo leitheid eile san domhan.
15Oír a nois sínfe mé amach mo lámh, go mbuáilidh mé thusa agus do dháoine lé Támh; agus gearrfuighear ón talamh thú.
16Agus go deimhin is uime so do thóg mé thusa súas, ionnus go ttáisbeanfuinn ionnadsa mo chumhachda; agus go bhfoillseochuidh mainm ar feadh an domhuin uile.
17Agus a nárduigheann tusa fós thú féin a naghaidh mo phobuil, nach áil leachd léigean dóibh imtheachd?
18Féuch, fá namsa a márach cuirfe misi, cloichshneachda roighéar, a leitheid nach raibh sa Négipt ó chruthuígheadh í, gus a niugh.
19Ar a nadhbharsin, fúagair annois agus cruinnigh háirnéis, agus a bhfuil agad annsa machaire; óir a nuile dhuine, agus a nuile bheathach ar a mbearthar air an machaire, agus nach bearthar a bhaile, tiucfa an chloichshneachda a núas orra, agus do gheabhuid bás.
20An té ar a raibh eagla bhréithre an TIGHEARNA a measg sherbhíseach Phárao, tug fá deara dhá sherbhíseachuibh, agus dá áirnéis teitheamh a steach do na tighthibh:
21Agus an té ag nach raibh suim a mbreithir an TIGHEARNA, do fhág a sherbhísigh, agus a airnéis ar an machaire.
22Agus a dubhairt an TIGHEARNA ré Maóise, Sín amach do lámh chum nimhe, ionnus go mbía cloichshneachda ar feadh chríche na Hégipte uile, ar dhuine agus ar ainmhidhe, agus ar gach uile luibh san mhachaire, ar feadh chríche na Hégipte.
23Agus do shín Maóisi a shlat amach chum nimhe: agus do chuir an TIGHEARNA tóirneach agus cloichshneachda agus táinic an teine ar feadh na talmhan, agus do fhear an TIGHEARNA cloichshneachda ar chrích na Hégipte.
24Mar sin do bhí cloichshneachda, agus teine comaisce leis an gcloichshneachda, go ro dhoiligh, air chor nach dtáinic a leitheid á gcrích na Hégipte uile ó rinneadh tír dhi.
25Agus do bhúáil an chlochshneachda ar feadh chriche na Hégipte uile, gach a raibh amuigh san machaire, idir dhuine agus bheathach; agus do bhuáil an chloch sneachda gach áon luibh ar an machaire, agus do bhris gach éanchrann ar an machaire.
26Amháin a bhfearann Gosen, mar a rabhadar clann Israel ní raibh cloichshneachda ar bith.
27Agus do chuir Phárao, fios ar Mhaóisi agus air Aáron, agus do ráidh riú, Do pheacuidh mé a nuairsi: atá an TIGHEARNA firéunta, agus átaimsi agus mo mhuinntir go holc.
28Guidhidh an TIGHEARNA nach bía ní is mó do thóirnigh mhóir nó do chlochshneachda; óir is lór a ndéarnadh, agus léigfe misi dhíbh imeach, agus ní fhanfuidh sibhsi níos sía.
29Agus a dubhairt Maóisi ris, Comhluath is rachas misi amach as an gcathruigh, leithneocha mé mo lámha amach chum an TIGHEARNA; agus scuirfidh an tóirneach, agus ní bhia ní is mó dó chloichshneachda; ar chor go naitheona atusa gur leis anTTIGHEARNA an domhan.
30Achd ar do shonsa, agus ar son do sherbhíseach, atá a fhios agam nach mbiaidh eagla an TIGHEARNA Día fos oruibh.
31Agus do buáileadh an líon agus a neórna: óir do bhí a neórná a ndéis agus an líon a mbolguibh.
32Ach níor buáileadh an chruithneachd nó an seagal: óir níor fhásadar súas.
33Agus do chuáidh Maóise amach as an gcathraidh ó Phárao, agus do leathnuigh amach a lámha ar anTTIGHEARNA: agus do scuireadar na tóirneacha, agus an chloichshneachda, agus níor dóirteadh a nfearthuinn ar an ttalamh.
34Agus a nuáir do chonnairc Phárao gur scuir a nfearthuinn, an chloichshneachda, agus an tóirneach, do pheacuidh sé tuilleamh fós, agus do cruadhuigh a chroidhe, é féin agus a sherbhísigh.
35Agus do cruadhuigheadh croidhe Phárao, agus níor léig do chlannuibh Israel imtheachd; mar do labhair an TIGHEARNA re Maóise.
Currently Selected:
Exodus 9: Bedell
Highlight
Share
Compare
Copy
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.
Maintained by the British and Foreign Bible Society (BFBS) on behalf of the National Bible Society of Ireland (NBSI) and the Bible Society in Northern Ireland (BSNI)