YouVersion Logo
Search Icon

Exodus 8

8
Caibidil VIII.
An dara, treas, agus ceathramhadh pláigh na Hegipte.
1Agus do labhair an TIGHEARNA ré Maóise, Eirigh a ccionn Phárao, agus abair ris, Mar so a deir an TIGHEARNA, Léig dom phobal imtheachd, ionnus go ndéanuid serbhís damh.
2Agus ma dhíultann tú léigean dóibh imtheachd, féuch, buáilfe misi do theóranna uile le lúisgionn.
3Agus geinfidh a nabhann cnadáin go líonmhur, noch rachus súas, agus thiucfas a steach dot thighse, agus dot sheómra leaptha, agus ar do leabuidh, agus go tigh do sherbhíseach, agus ar do mhuinntir, agus ann do úamhain, agus ann do loistibh fuinidh.
4Agus tiucfaid na luisgionn súas aráon ort féin, agus ar do mhuinntir, agus ar do sherbhíseachuibh uile.
5Agus do labhair an TIGHEARNA ré Maóisi, Abair ré Háaron, Sín amach do lámh lé do shlait ós cionn na srothann, ós cionn na nabhann, agus ós cionn na lochán, agus tabhair fa deara Luisgionn do theachd súas ar thalamh na Hégipte.
6Agus do shín Aáron a lámh ós cionn uisge na Hégipte; agus tangadar na cnadáin anshíos, agus do fholuigheadar talamh na Hégipte.
7Agus do rinneadar na dráoithe sin le na ndroigheachd, agus tugadar cnadáin súas ar talamh na Hégipte.
8Ann sin do ghoir Phárao ar Mhaóise, agus ar Aáron, agus a dubhairt, Guidhidh an TIGHEARNA go mbeireadh sé na luisgionn uáimse agus óm mhuinntir, agus léigfe mé don phobal imtheachd, go madh héidir leó iodhbuírt do dhéanamh don TIGHEARNA.
9Agus a dubhairt Maóise ré Phárao, Deún onoír theoram: gá huair ghuidhfheas mé ar do shon, agus ar son do sherbhíseach, agus ar son do phobuil do scrios na luisgionn uáit, agus od thighthibh, ionnus go bhfanuid síad sa nabhuinn amháin?
10Agus a dubhairt seision, A márach. Agus a dubhairt seision, Bíodh do réir thfocailsi: ionnus go mbía a fhios agad nach bhfuil éinneach cosmhuil ris anTTIGHEARNA ar Ndíane.
11Agus imeóchuid na luisgionn uáit féin agus ód thighthibh, agus ód sherbhíseachuibh, agus ód phobal; agus fanfuid siad sa nabhuinn amháin.
12Agus do chuáidh Maóise agus Aáron, amach ó Phárao: agus do éigh Maóise ar anTTIGHEARNA, fá na Cnadainibh tug sé a naghuidh Phárao.
13Agus do rinne an TIGHEARNA do réir bhreithre Mhaóise: agus fúaradar na cnadáin bás as na tighthibh, agus as na bailtibh, agus as na machairibh.
14Agus do cruinnigheadh a cceann a chéile íad ná gcrúachuibh: agus do bhréan an talamh.
15Achd a nuáir do chonnairc Phárao go raibh cáirde, do chruáidh sé a chroidhe, agus níor éisd ríusan; mar a dubhairt an TIGHEARNA.
16Agus a dubhairt an TIGHEARNA ré Maóisi, Abair ré Háaron, Sín amach do shlat, agus buáil luaithreamh a nfearuinn go ndearntar míola dhi ar feadh críche na Hégipte uile.
17Agus do rinneadar mar sin; óir do shín Aáron a lámh amach le na shlait, agus do bhuáil luáithreadh na talmhan, agus do rinneadh míola dhi, a nduine agus a mbeathach: do rinneadh míola do luaithreadh na talmhan uile ar feadh chríche na Hégipte.
18Agus do thairgeadur ná dráoithe mar an ccéadna le na ndroigheachd míola do chruthughadh, ach níor fhéadadar: mar sin do bhádar míola ar dhuine agus ar bheathach.
19An sin a dubhradar na dráoithe ré Phárao, Sé so méur Dé: agus do crúáidheadh croidhe Phárao, agus nior éisd ríu, mar a dubhairt an TIGHEARNA.
20Agus a dubhairt an TIGHEARNA ré Maóise, Eirigh súas go moch ar maidin, agus seas as coinne Phárao; féuch, tiucfa sé amach chum a nuisge; agus abair ris: Mar so a deir an TIGHEARNA, Léig dom phobal imtheachd, go ndéanuid serbhís damhsa.
21Nó muna léigidh tú dom phobal imtheachd, féuch, cuirfe mé saithe mhíoltóg ort féín, agus ar do sherbhíseachuibh, agus ar do mhuinntir, agus a steach ann do thighthibh: agus béid tighthe na Négipteach lán do shaithibh mioltóg, agus mar an gceadna an talamh ar a bhfuilid.
22Agus dealócha mé an lá sin fearann Gosen, a gcomhnuighid mo phobal, nach bía áon tsaithe mhíoltóg ann sin; ar chor go mbía a fhios agadsa gur misi an TIGHEARNA a mheadhón an domhuin.
23Agus cuirfe mé roinn idir mo dháoinibh féin agus do dháoine si: a márach bhias an comharthaso.
24Agus do rinne an TIGHEARNA mar sin; agus táinic saithe dhoilghe mhíoltóg a sleach go tigh Phárao, agus go tighthibh a sherbhíseach; agus ar feadh chríche na Hégipte uile: do truáilleadh an talamh treas an tsaithe mhíoltóg.
25Agus do ghoir Phárao ar Mhaóise agus ar Aáron, agus a dubhairt, Eirgidh, déanuidh iodhbuirt do bhur Ndía ann sa talamh.
26Agus a dubhairt Maóisi, Ní hiomchubhuidh an ní sin ré a dhéanamh: óir isé an ní is athúamhar do na Hégiptibh dhéunas sinne iodhbuirt don TIGHEARNA ar Ndía: féuch, dá ndéanadh sinne an ní is athuamhar do na Hégiptibh iodhbuirt as coinne a súl, nach géubhaidis do chlochuibh oruinn?
27Racham aistior thrí lá do shiubhal san bhfásach, agus do dhéanam iodhbuirt don TIGHEARNA ar Ndía, fa mar aitheónus sé dhínn.
28Agus a dubhairt Phárao, Léigfe mé dhaóibh imtheachd, go ndearnthaoi iodhbuirt don TIGHEARNA bhur Ndía san bhfásach; amháin ní rachtáoi a bhfad; guidhidh ar mo shon.
29Agus a dubhairt Maóise, Féuch, racha mé amach uaid, agus guidhfe mé an TIGHEARNA go nimthighid na saitheadha, mioltóg ó Phárao, ó na sherbhiseachuibh, agus ó na phobal a márach: ach na himreadh Phárao cealg ní is mó, gan leigean don phobal imtheachd do dheanamh iodhbartha don TIGHEARNA.
30Agus do chuáidh Maoisi amach ó Phárao, agus do ghuidh sé an Tighearna.
31Agus do rinne an TIGHEARNA do réir fhocail Mhaóise; agus do atharruigh na saitheadha míoltóg ó Phárao, ó na shearbhfoghantuibh, agus ó na mhuinntir: níor fhan áon dhíobh.
32Agus do chrúadhuigh Phárao a chroidhe a núairse mar an gcéadna, agus ní léigfeadh don phobal imtheachd.

Currently Selected:

Exodus 8: Bedell

Highlight

Share

Compare

Copy

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in