YouVersion Logo
Search Icon

Exodus 10

10
Caibidil X.
An tochdmhadh agus an naoimheadh plágh na Hégipte.
1Agus a dubhairt an TIGHEARNA re Maóise, Eirigh a steach go Phárao: óir do chruadhuigh misi a chroidhe, agus croidhe a sherbhíseach, ionnus go ttaisbéanfuinn íadso mo chomharthadha dá lathair.
2Agus ionnus go ninneostasa a gclúasuibh do mhic, agus mic do mhic, ciodh íad na neithe do rinne misi sa Négipt, agus mo chomharthadha do rinne mé na measg; ionus go mbía a fhios aguibh gur misi an TIGHEARNA.
3Agus táinig Maóise agus Aáron a steach go Phárao, agus a dubhradar ris, Is mar so a deir an TIGHEARNA, Día na Neabhruigheach, Gá fad bhias tú ag díultadh thú féin dúmhlughadh dom lathairse? léig dom phobal imtheachd, go ndéanaid serbhís damh.
4Nó má dhíúltann tú léigion dom phobal imtheachd, féuch, go ttiubhra misi a márach, na locuistigh ann do thóranna:
5Agus faleochuid síad aghaidh na talmhun, nach budh féidir le duine an talamh dfaicsin: agus íosuid síad an fuighioll do chuáidh as don ní noch do mhair aguibhsi ón chloichshneachda, agus íosuid gach uile chrann dar fhás díbh as an ttalamh:
6Agus líonfuid síad do thighthe, agus tighthe do shearbhiseach uile, agus tighthe na Négipteach uile; ní nach bhfacaidh hathair, nó athair hathar ón ló fa rabhadar ar an ttalamh, gus a niugh. Agus do iompóigh sé é féin, agus do chuáidh amach ó Phárao.
7Agus a dubhradar muinntir Phárao ris, Cá fad bhías an fearsa na dhul oruinn? léig do na dáoinibh imtheachd, ionnus go ndéanuid serbhís don TIGHEARNA a Ndía: nach bhfuil a fhios agad fos gur milleadh a Négipt?
8Agus tugadh Maóise agus Aaron a rís chum Phárao: agus a dubhairt sé riú, Imthighidh, déanuidh serbhís don TIGHEARNA bhur Ndía: ach cía híad féin imeochus.
9Agus a dubhairt Maóise ris, Imeochum maille re ar nóguibh, agus re ar seanuibh, maille re ar macuibh agus re ar ningheanuibh, maille ré ar ttreaduidh agus re ar neálbhadhuibh imeochum: óir caithfeam féasda chongmhail don TIGHEARNA.
10Agus a dubhairt seision riú, Bíodh an TIGHEARNA mar sin libhsi, fa mar léigfeas misi dhibhse imtheachd, agus dá bhur nóguibh: féachuidh, atá olc romhuimh.
11Ní mar sin: imthighidh sibhse a nois atá bhur bhfearuibh, agus déanuidh seirbhis don TIGHEARNA; óir isé sin do iarrabhair: agus do cuireadh amach íad as lathair Phárao.
12Agus a dubhairt an TIGHEARNA re Maóise, Sín amach do lámh ós cionn chríche na Hégipte, do thabhairt na locuistigh, ar chor go ttiucfaid súas ar thalamh na Hégipte, agus go nithid gach uile luibh ar an ttalumh, a nuile ní dár fhág an chloichshneachda.
13Agus do shín Maóise a shlat amach ós cionn chríche na Hégipte, agus tug an TIGHEARNA gáoth a noir ar an ttalamh, feadh an láoi sin uile, agus ar feadh na hoidhche sin uile; agus íar dteachd na maidne, tug an gháoth a noir lócuistigh.
14Agus do chuádar na lócuistigh súas ar feadh chríche na Hégipte uile, agus do fhasadar a ttóranuibh na Hégipte uile: do budh rodhoiligh íad: ní raibh a leitheid do lócuistibh rompa a ríamh, agus ní mo bhías a leitheid na ndiáigh.
15Oír do fholchadar aghaidh na talmhan uile, ionnus gur dorchuigheadh an talamh: agus a dúadar gach uile luibh ar an ttalamh, agus uile thoradh na gcrann, noch do fhág an chloichshneachda: agus níor fhan einní glas ar na crannuibh, nó a luibhibh na talmhan, ar feadh chríche na Hégipte uile.
16Ann sin do ghoir Phárao ar Mhaóise agus ar Aáron go deithfreach; agus do ráidh, Do pheacaidh mé a nagháidh an TIGHEARNA bhur Ndía, agus bhur naghuidhsi.
17Annois ar a nadhbharsin íarruim dathchuinghe ort, maith mo pheacadh a néanuáirse amháin, agus guidhidh an TIGHEARNA bhur Ndía, go mbeireadh se amháin an bás so uaim.
18Agus do chuáidh sé amach ó Phárao, agus do ghuidh an TIGHEARNA.
19Agus do iompóidh an TIGHEARNA gáoth ro láidir a níar, noch rug lé na locuistigh, agus do theilg san mhuir ruáidh íad: nior fhan éanlócust amháin a gcrích na Hégipte uíle.
20Ach do chrúadhuigh an TIGHEARNA croidhe Pharao, ionnus nár bháil leis léigion do chloinn Israel imtheachd.
21Agus a dubhairt an TIGHEARNA re Maóise, Sín amach do lámh chum nimhe, ionnus go ttiucfadh dorchadas tar chrích na Hégipte, eadhon dorchadas bhus éidir do ghlacadh.
22Agus do shín Maóisi a lámh chum nimhe; agus do bhí dorchadas tiugh ar feadh chriche na Hégipte uile ar feadh thrí lá.
23Ní fhaca duiné aca a chéile, ní mó do éirigh áonduine aca as áit ar feadh thrí lá: ach do bhí solus ág cloinn Israel ann a náitibh féin.
24Agus do ghoir Pharao ar Mhaóisi, agus a dubhairt, Imthighidh, déanuidh serbhís don TIGHEARNA: amháin coinníghthear bhur ttréada, agus bhur nealbhadha; éirgedís bhur náos óg mar an gcéadna libh.
25Agus a dubhairt Máoise, Caithfe tú mar an gceádna iodhbuirt agus ofráil loisge do thabhairt dúinn, lé ndéanam iodhbuirt don TIGHEARNA ar Ndía.
26Rachaid ar náirnéis linn mar an gcéadna; ní fhúigfeam ionga ar ndiáigh: oir is díobh sin chaithfeam do ghlacadh chum sierbhíse do dhéanamh don TIGHEARNA ar Ndía; agus ni feas dúinn cread leis a ndéanam serbhís don TIGHEARNA, nó go ttigheam annsin.
27Ach do chrúadhuigh an TIGHEARNA croidhe Phárao, agus níor bháil leis légion dóibh imtheachd.
28Agus a dubhairt Phárao ris, Imthigh uáim, bí ar do coimhéad duit féin, ná faic mo ghnúis níos mó; óir an lá sin do chífeas tú maghuidh do gheabha tú bás.
29Agus a dubhairt Maóise, Is maith do labhair tu, ní fhaicfe mé haghuidh a rís nios mó.

Currently Selected:

Exodus 10: Bedell

Highlight

Share

Compare

Copy

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in