YouVersion Logo
Search Icon

Exodus 5

5
Caibidil V.
Pharao deís rabhadh fhaghail ó Mhaoisi agus ó Aaroin, Israel do leigean ar Siobhal. 5 Do mheúduigh se daoirse Israel.
1Agus na dhiáigh sin do chuáidh Maóisi agus Aáron a steach, agus do inniseadur do Phárao, Marso a deir an TIGHEARNA Día Israel, léig dom phobal imtheachd, go ndearnaid féusda dhamhsa san bhfásach.
2Agus a dubhairt Phárao, Cía hé an TIGHEARNA da numhlochuinnsi dhá ghlór, as a léigfinn Israel dimtheachd? ni haithnid damhsa an TIGHEARNA sin agus ní mó léigfeas mé Israel dimtheachd.
3Agus a dubhradursan, Tarla Día na Neabhruidheach rinn: léig dhúinn imtheachd, iarmáoid ort, uidhe thrí lá annsa bhfásach, agus iodhbuirt do dhéanamh don TIGHEARNA ar Ndía; deagla go luidhfiodh sé oruinn le pláigh nó lé cloidheamh.
4Agus do ráidh rígh na Hégipte ríu, Cread fa mbacthaoisi, a Mhaóisi agus a Aáron, do na daoinibh a nobair do dhéanamh? éirgidhsi chum bhur núaluigh.
5Agus a dubhairt Phárao, Féuchuidh, atáid pobal na tíre annois líonmhar, agus do bhéurthaoise orra fuireach óna nualuighibh.
6Agus tug Phárao aithne an lá sin féin do mhaighistríbh tasca an phobuil, agus dá noifigeachuibh, ag rádh,
7Ní thiubharthaoi feasda tuighe don phobal do dhéanamh brice, mar thugabhair go ttí so: éirgidís agus cruinnighedís tuighe dhóibh féin.
8Agus a nuibhir bhríceadh, do rinneadur go nuige so, cuirfídhe sin orra; ní láighdeochthaói a bheag dhe: óir atáid díomháoin; agus is uime sin gháirid síad, ag rádh, Léig dhúinn imtheachd do dhéanamh iodhbartha dár Ndía.
9Cuirthear tuilleadh oibre ar na daóinibh go ndearnaid sáothar ann; agus nach tugaid aire do bhríathruibh díomhaóin.
10Agus do chúadur maighistríghe dáoirsi an phobail amach, agus a noifigidh, agus do labhradur ris an bpobal, ag rádh, Is mar so a deir Phárao, ni thiubhra misi tuighe dhaóibh.
11Eirgidh, faghaidh tuighe mar ar féidir libh a fhagháil: ní rachuidh a bheag dá bhur nobair síos.
12Mar sin do spréigh an pobal amach ar féadh chríche na Hégipte do chruinniughadh connluigh a náit tuighe.
13Agus do bhrosduigheadar na maighistríghe tasca íad, ag rádh, Iomlánuigh bhur nobair, bhur ttasca láetheamhuil, comhmaith agus a nuáir do bhí tuighe aguibh.
14Agus do buáileadh oifigidh chloinne Israel, noch do chuireadur maighistrighe tasca Phárao ós a gcionn, agus do fhiafruigheadh dhíobh, Cread fá nár comhlíonabhair bhur ttasca a ndéanamh bríce a né agus a niugh, mar do rinneabhair roimhe sin?
15Ann sin tangadur oifigidh chloinne Israel, agus do éigheadur ar Phárao, ag rádh, Créad fá ndéan tú so réd sherbhíseachuibh?
16Ní tucthur tuighe dot sherbhíseachuibh, agus a deirid síad rinn, Déanuidh bríce: agus, féuch, gabhthar ar do sherbhíseachaibh; achd as ar do dháoinibh féin atá an lochd.
17Achd a dubhairt seision, Atáthaoi díomháoin, atáthaoi díomáoin: uime sin a dearthaoi, Léig dhúin imtheachd go ndearnamáois iodhbuirt don TIGHEARNA.
18Imthighidh a nois uime sin, agus déanuidh sáothar; óir ní tiubharthar tuighe ar bith dhaóibh, agus gídheadh do bhéurthaoi uáibh uibhir na mbríceadh.
19Agus do choncadúr oifigidh chloinné Israel, gur bholc an náit ann a rabhadur, tar éis a rádh, Ní laighdeochuidh a bheag dá bhur mbrícidh ann bhur ttasca laétheamhuil.
20Agus tárla re Maóisi agus re Aáron íad, noch do sheas annsa tslighe mar thangadur amach ó Phárao:
21Agus a dubhradur ríu, Go bhfeuchuidh an TIGHEARNA oruibh, agus beireadh breath; do chionn go ndearnabhair ar mboladh domblasda a lathair Phárao agus a radharc a sherbhíseach, do chur cloidhimh ann a láimh dar marbhadh.
22Agus do fhill Maóise chum an TIGHEARNA, agus do ráidh, A THIGHEARNA, creád fá ndeárna tú comholcso ris an bpobalsa? Créad as ar chuir tú misi uáit?
23Oír ó tháinic mé go Phárao do labhairt ad ainmse, do rinne sé olc ó shin don phobalsa; agus ní mó do sháor tusa do phobal ar éanchor.

Currently Selected:

Exodus 5: Bedell

Highlight

Share

Compare

Copy

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in