YouVersion Logo
Search Icon

Exodus 6

6
Caibidil VI.
Nochd Iehóbha e fein tré shaoradh Israel. 16 Mic Lébhi, ó á ttaínic Maoisi agus Aaron.
1Ann sin a dubhairt an TIGHEARNA ré Maóise, A nois dó chifé tú cread do dhéansa ré Phárao: óir is lé láimh láidir léig feas sé dhóibh imtheachd, agus lé láimh láidir dhíbeorus sé as a dhúthaigh íad.
2Agus do labhair Día ré Maóisi, agus a dubhairt sé ris, Is misi an TIGHEARNA;
3Agus do tháisbéin mé mé féin do Abraham, agus do Isaac, agus do Iácob, a nainm Dé uile chumhachduigh, achd ann mainm IEHOBHAH níor bhaithne dhóibh mé.
4Agus do dhaingnidh mé mo chunnradh ríu, tír Chánaain do thabhairt dóibh, fearann a noithlithre, ann a rabhadar na gcoimhighthibh.
5Agus do chúala mé mar an gcéadna osnadh chloinne Israel, noch chongmhuid na Hégiptigh a ndaóirsi; agus do chuimhnidh mé mo chunnradh.
6Uimesin abair ré cloinn Israel, Is misi an TIGHEARNA, agus do bhéura mé amach sibh ó nualach fár chuireadar na Hégiptigh sibh, agus sáorfa mé sibh óna ndaóirse, agus fuasgeólad sibh lé láimh shínte amach, agus maille re breitheamhnusuibh móra:
7Agus glacfa mé chugam sibhsi mar phobal, agus biáidh misi mar Dhía aguibhsi: agus áitheóntaoi gur an TIGHEARNA bhur Ndía, noch bhéurus amach sibh ó bheith fá úaluighibh na Négipteach.
8Agus béura mé asteach sibh san tír, lé ttug mé mionna go ttiubhruinn í do Abraham, do Isaac, agus do Iácob; agus do bhéur dhaóibhsi í mar oighreachd: is misi an TIGHEARNA.
9Agus do labhair Maóise mar sin lé cloinn Israel: agus níor éisdeadar ré Maóise, tré chrádh spioraide, agus tre dhaoir i roighéir.
10Agus do labhair an TIGHEARNA re Maóisi, ag rádh,
11Eírgidh a steach, labhair ré Phárao rígh na Hégipte, go léigeadh sé clann Israel dimtheachd as a thír.
12Agus do labhair Maóisi as coinne an TIGHEARNA, ag rádh, Níor éisdeadur clann Israel rium; mar sin cionnus eisdfios Pháráo rium, noch atáim ann mo phusaibh neimhthimchillghearrtha?
13Agus do labhair an TIGHEARNA re Maóisi agus re Háaron, águs do chuir cúram leó go cloinn Israel, agus go Phárao rígh ná Hégipte, do thabhairt chloinne Israel amach as crích na Hégipte.
14 Is íad so cinn tighe a naithreadh: clann Réuben, céidghin Israel; Hanoch, agus Pallu, Hesron, agus Carmí: a siad so sliochd Reuben.
15Agus mic Shimeón; Iemuel, agus Iámin, agus Ohad, agus lachin, agus Sóhar, agus Saul mac mhná Cananítigh; is íad so sliochd Shimeóin.
16Agus is íad so anmanna mhac Lébhi, do réir a ngeinealuigh; Gerson, agus Cohat, agus Merári: agus dob íad blíadhna bheatha Lébhi céad tríochád agus seachd mblíadhna.
17Mic Gherson; Libni, agus Simi, do reir a sleachda.
18Agus mic Chohat; Amram, agus Isar, agus Hebron, agus Ussiel: agus dob íad blíadhna bheatha Chohat, céad agus tríochad agus trí blíadhna.
19Agus mic Mherári; Máhali, agus Mussi; is íad so sliochd Lébhi do réir a ngeinealach.
20Agus tug Amram Iochebed deirbhshíur a athar na mnáoi chuige; agus do rug sí Aáron dó agus Maóisi: agus híad blíadhna bheathá Amraim céad agus tríochad agus seachd mbliadhna.
21Agus mic Isar; Córah, agus Nepheg, agus Sichri.
22Agus mic Ussiel; Misael, agus Elsaphan, agus Sitri.
23Agus tug Aarón Eliseba, inghean Aminadab, deirbhshíur do Naason, na mnáoi; agus rug sí dhó Nádab, agus Abihú, Eleasar, agus Itamar.
24Agus mic Chórah; Assir, agus Elcanah, agus Abiasaph; is íad so treabha na Ccoiriteach.
25Agus tug Eleasar mhac Aároin inghean Phutiel na mnáoi; agus rug sí Phinehas dó: is íad so cinn áithreach na Lébhiteach do réir a dtreabha.
26 A síad so an Taaron sin agus an Maóise, ré a ndubhairt an TIGHEARNA, Beiridh amach clann Israel as crích na Hégipte do réir a sluágh.
27Agus a síad so do labhair ré Phárao rígh na Hégipte, do thabhairt cloinne Israel amach as a Négipt: is íad so ann Maóise agus an Taáron sin.
28Agus tárla san ló ar labhair an TIGHEARNA ré Máoisi a ccrích na Hegipte,
29Gur labhair an TIGHEARNA ré Maóisé, ag rádh, Is misi an TIGHEARNA: labhair thusa ré Phárao rígh na Hégipte gach ni dá nabruimse riot.
30Agus a dubhairt Maóisi a lathair an TIGHEARNA, Féach, atáimsi am bheul neimhthimchillgheárrtha, agus cionnus éisdfios Phárao rium?

Currently Selected:

Exodus 6: Bedell

Highlight

Share

Compare

Copy

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in