Exodus 38
38
Caibidil XXXVIII.
Modh air a ttugadh obair an tabernacuil go crích.
1Agus do rinne sé altóir na nofráladh loisge do chrann Sitim: cúig cubhad a faide, agus cúig cubhaid a leithead; do bhi sí ceathaírbeanach: agus trí cubhad a hairde.
2Agus do rinne sé a beanna ar a ceithre coirnéuluibh; do bhádar a beanna don cceadna: agus do fholuigh sé lé prás í.
3Agus do rinne soithighe na haltóra uile, na potuighe, agus na sluáiste, agus na báisínigh, agus na hadhail; agus na hoighne teineadh: a soithighe uile do rinne sé do phrás íad.
4Agus do rinne sé do naltóir gráta práis dobair lín fáoi na compás shíos nuige a lár.
5Agus do theilg ceithre fháinne dá cheithre chorruibh an ghráta phráis, dá mbeith ná náitibh do na maididhibh.
6Agus do rinné na maididhe do chrann Sitim, agus do fholuidh le prás íad.
7Agus do chuir sé na maididhe ann sna fainnidhibh ar tháobhuibh na haltóra, dá hiomchar; do rinne sé a naltóir toll lé cláruibh.
8Agus do rinne an lábhéir do phrás, agus a chos do phrás, do scathánuibh na mban noireachduis, noch do chruinnioghadh ag dorus thabernacuil an chomhchruinnigh.
9Agus do rinne sé an chúírt: ar an ttáoibh ó dheas leath ó dheas bruit na cuirte do líon fhínealta chasda, do chéad cubhad:
10Bá fithche a bpiléir, agus bá fithche a soicéid práis; crúcuidhe ná bpiléur agus a bhfiléid dairgead.
11Agus chum an táoibh thuáigh bruit do chéad cubhad, bá fitche a bpiléir, agus fitche a soicéid phráis, crúcuidhe na bpiléur agus a bhfiléid dairgead.
12Agus chum an táoibh shíar: bruit do cháogad cubhad, a bpiléir a deich, agus a soicéid a deich; crúcuidhe na bpiléur agus a bhfiléid dairgead.
13Agus don táoibh shoir, leath shoir, cáogad cubhad.
14Bruit éantáoibhe an gheata bá cúig cubhaid déug; a bpiléir a trí, agus a soicéid a trí.
15Agus don taobh eile do gheata na cuírte, ar an laimhse agus ar an láimh úd do bhádar bruit do chúig cubhaid deug; a bpiléir a trí, agus a soicéid a trí.
16Bruit na cúirte uile timchioll fa gcúairt, do budh linéadach fhinealta casda íad.
17Agus na soiceíd do na piléuruibh do phráis; crúcuidhe na bpiléur agus a bhfiléid dairgead; agus folach a gcaipitreach dairgead; agus piléir na cúirte uile ar na bhfilléideadh lé hairgead.
18Agus an crochadh chum geata na cúirte dobair shnáithide, do ghorm, agus do phurpuir, agus do scárláoid, agus do líneadach fhínealta chasda: agus ba fithche cubhad a fhad, agus cúig cubhaid áirde a leithne, coimhfreagarthach do bhratuibh na cúirte.
19Agus ba ceathair á bpiléir, agus a soiceid phráis a ceathair; a ccrúcuidhe dairgead, agus folach a gcaipitreach agus a bhfiléid dairgead.
20Ach tairngidhe an tabernacuil uile, agus na cuirte fa gcúairt, do budh práis íad.
21Is é so suim an tabernacuil, thabernacuil na fiadhnuise, mar do háireamhadh é, do réir aíthne Maóise, chum sherbhíse na Lebhíteach, le láimh Ithamar mhac Aáron an sagart.
22Agus besaleel mac Uri, mhíc Hur, do threibh Iudah, do rinne a nuile ní do aithin an TIGHEARNA do Mhaóise.
23Agus do bhí maille ris Aholíab mac Ahisamach do threibh Dan: grabhaluigh, agus oibrigh céardamhuil, agus bróidinéir a ngorm, agus a bpurpuir, agus a scárláoid, agus a líneadach fhínealta.
24An mhéid óir do caitheadh uile leis a nobair le uile obair na háite naomhtha, eadhon ór na hofrála, ba fithche agus naói ttalanna, agus seacht ccéad agus tríochad secel, do reir shecel na sanctóra.
25Agus méid airgead na ndaoine do háirmheadh don chomhchruinniughadh bu céad tallann, míle agus seacht ccéad agus trí fithchid agus cúig secel déug, do reír shecel na sanctóra.
26Beca ar son gach éanduine, is é sin leath secel, do réir shecel na sanctóra, ar son gach aónduine da ndeachuidh dhá áireamh, ó fhithchid bliadhan daóis agus ós a chionn, a sé céad míle agus tri mhile agus cúig chéud agus caogad fear.
27Agus don chéud tallann airgid do teilgeadh soicéid na sanctora agus soiceíd an fholuigh; céad soicéad don chéud tallann, talann ar son an tsoicéid.
28Agus don mhíle seachd ccead seachdmhoghad agus a ccúig secel do rinne se crúcuidhe dona piléuruíbh, agus do fholuigh a ccaipitre, agus do fhiléididh íad.
29Agus do bhí prás na hofrala na sheachdmhoghad tallann, agus na dhá mhíle agus an ceithre chéud secel.
30Agus is leis sin do rinneadh soicéid do dhorus thabernacuil an chomhchruinnigh, agus a naltóir phráis, agus an gráta práis di, agus a nuile shoitheach no haltóra,
31Agus soicéid na cúirte timchioll fa gcúairt, agus soicéid gheata na cúirte, agus tairngidhe an tabernacuil uile, agus tairngidhe na cúirte uile timchioll fá gcuairt.
Currently Selected:
Exodus 38: Bedell
Highlight
Share
Compare
Copy
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.
Maintained by the British and Foreign Bible Society (BFBS) on behalf of the National Bible Society of Ireland (NBSI) and the Bible Society in Northern Ireland (BSNI)