Exodus 39
39
Caibidil XXXIX.
Atáid culadha naomhtha na nsagart ar na ndeunamh.
1Agus don ghorm, agus don phurpuir, agus don scárláoid, do rinneadur eáduighe seirbhíse, do dhéanamh serbhise an sa náit naomhtha, agus rinneadur na culadha naomhtha do Aáron; mar do aithin an TIGHEARNA do Mhaóise.
2Agus do rinne an téphod dór, do ghorm, do phurpuir, agus do scárláoid, agus do linéadach mhin chasta.
3Agus do bhuaileadar an tór na phlatadhuibh tana, agus do ghearradar na théaduibh é, da oíbríughadh annsa ghorm, agus annsa phurpuir, agus annsa scárlaoid, agus annsa linéadach fhinealta, maille lé hobair ghéarchuísigh.
4Do rinneadar píosuidhe gualann dó, dha choimhcheangal dá chéilé: leis an dá imiol do choimhcheangladh dha chéile é.
5Agus crios cúiríalta a ephoid, do bhí air, do bhí don chéadna, do réir a oibre sin; dór, do ghorm, do phurpuir, do scárláoid, agus do linéadach fhínealta chasta; mar do aithin an TIGHEARNA do Mhaóise.
6Agus do oibrigheadar clocha onice ar na gcur a stigh a bhfailgibh óir ar na ngrábháil, mar ghrábhaltar signéid, maille ré hanmannuibh chloinne Israel.
7Agus do chuir sé ar ghuáillibh an ephod íad, ar chor go mbéidis na gclochuibh mar chuimhne do chloínn Israel; mar do aithin an TIGHEARNA da Mhaóise.
8Agus do rinne an tuchdphláta dobair ghlic, cosmhail ré hobair a nephoíd; dór, do ghorm, do phurpuir, do scárláoid, agus do líneadach finealta chasda.
9Do bhí sé ceathairbheannach; do rinneadar an tuchdphláta dúbalta; réisi do bhí na fhad, agus réisi na leithead, dúbalta.
10Agus do chuireadar ann ceithre chúrsa do chlóchuibh: cúrsa do shardius, do thópas, agus do charbuncail: is é so an cead chúrsa.
11Agus an dara cúrsa, emeraud, saphir, agus diamond.
12An treas cúrsa, ligur, agat, agus ametist.
13Agus an ceathramhadh cursa, beril, agus onice, agus iasper: do bhádar curtha a stigh a bhfailgibh óir iona ndruduibh.
14Agus do bhádur na clocha do réir anmanna chloinne Israel, a dó dhéag, dó réir a nanmann, amhail ghrábháil shignéid, gach éanduine gun a ainm, do réir an dá threibh dhéug.
15Agus do rinneadar ar an uchdphláta slabhruidhe ann a cheannuibh dobair fhighte dór fhíorghlan.
16Agus do rinneadur dhá fhail óir, agus dha fháinne óir, agus do chuireadar an dá fháinne ar dhá cheann an uchdphláta.
17Agus do chuireadar an dá shlabhradh fhighte dór annsa dá fháinne ar cheannuibh an uchdphláta.
18Agus dhá cheann an dá shlabhradh fhighte dhaingníodar annsa da fhail, agus do chuireadar íad ar ghuaillibh a nephoid, roimhe.
19Agus do rinneadar dhá fhaínne dór, agus dó chuireadar íad ar dhá cheann an uchdphlata, ar a imeal, noch do bhi ar tháobh a néphoid taobh a stigh.
20Agus do rinneadur dhá fhainne eile dór, agus do chuíreadar íad ar dhá tháobh a nephoid shíos, leath ris an gcuid thosuigh dhe, thall ar ágháidh a chomhcheangail, ós cionn chreasa chuirialta a nephoid.
21Agus do cheangladar an tuchdphláta le na fháinnighibh dfainnighibh a nephoid, lé lása do ghorm, chor go mbía ós cionn an chreasá chuiríalta a nephoíd, agus nach scáoiltí an tuchdphlata ó nephod; mar do aithin an TIGHEARNA do Mhaóise.
22Agus do rinne sé róba a nephoid dobair fhighte, uile do ghorm.
23Agus do bhí poll a lár an róba, mar pholl lúirighe, maille ré fonnsa fa gcuáirt timchioll an phuill, go nach briseadh se.
24Agus do rinneadur ar an chiumhuluibh an róba pomegranait do ghorm, agus do phurpuir, agus do scarláoid, agus do líneadach chasta.
25Agus do rinneadar cluigine dór fhiorglan, agus do chuireadar na cluigíne idir na pomegranatuibh, ar chiumhuis an róba, timchioll fá gcuáirt idir na pomegranatuibh.
26Cluigín agus pomegranat, cluigín agus pomegranat, timchioll fa gcuáirt fhathuaime an róba do dhéanamh miniostralachd ann; mar do aithin an TIGHEARNA do Mhaóise.
27Agus do rinneadar cótuidhe do línéadach fhínealta dobair fhighte do Aáron, agus dá mhacuibh,
28Agus míter do linéadach fhínealta, agus boineid mhaithe do linéadach fhinealta, agus brísdidhe linéaduigh do lion mhín chásda,
29Agus crios do línéadach mín chasda, agus do ghorm, agus do phurpuir, agus do scárláoid, dobair shnáithide; mar do aithin an TIGHEARNA do Mháoise.
30Agus do rinneadar pláta na coróine náomhtha dór ghlan, agus do scríobhadar scríbhinn air mar ghrábhail sheignéid, NAOMHTHACHD DON TIGHEARNA.
31Agus do cheangladur dhó sin lása do ghorm, dá cheangal go hárd ar an míter; mar do aithin an TIGHEARNA do Mháoise.
32Mar so do criochnuigheadh uile obair an tábernacuil loistín an chómhchruinnigh: agus do rinneadar clann Israel do reir a nuile ní do aithin an TIGHEARNA do Mhaóise, is mar sin do rinneadar.
33Agus tugadar an tabernacuil chum Maóisi, an lóistin, agus gach ní bheanas ris uile, a táitsidhe, a bhuird, a bharruidhe a philéir, agus a shoicéid.
34Agus an folach do chroicnibh reitheadh daite dearg, agus an folach, do chroicnibh broc, agus cumhdach an fholuigh.
35Aírc na fiadhnuisi, agus a maididhe, agus an suidhe trócaire.
36An bórd, agus a uile shoithidhe, agus an tarán taisbéanta.
37An coinnleóir fíorghlán, go na lampadhuibh, na lampuidhe dá suighiughadh a nórd, agus a uile shoithighe sin, agus a nola chum soluis.
38Agus a naltóir órdha, agus a nola ungtha, agus an túis deaghbholuigh, agus brat do dhorus an tabernacuil,
39A naltóir phráis, agus a ghráta práis, a mhaididhe, agus a uile shoithigh, an lábhéir agus a chos,
40Bruit na cúirte, a piléir, agus a soicéid, agus brat do gheata na cúirte, a corduidhe, agus a thairngidhe, agus uile shoithighe serbhíse an tabernacuil, do lóistín an chomhchruinnigh.
41Eaduighe na serbhíse, do dhéanamh serbhíse annsa náit náomhtha, agus na culadha náomhtha do Aáron an sagart, agus a cculadha a mhac, do mhiniostralachd a noifig an tsagairt.
42Do réir a nuile ní do aithin an TIGHEARNA do Mhaóise, is mar sin do rinneadar clann Israel a nobair uile.
43Agus do fhéuch Maóise ar an obair uile, agus, féuch, do rinneadar í, mar do aithin an TIGHEARNA; is mar sin do rinneadar í, agus do bheannuigh Maóise íad.
Currently Selected:
Exodus 39: Bedell
Highlight
Copy
Compare
Share
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.
Maintained by the British and Foreign Bible Society (BFBS) on behalf of the National Bible Society of Ireland (NBSI) and the Bible Society in Northern Ireland (BSNI)