YouVersion Logo
Search Icon

Exodus 37

37
Caibidil XXXVII.
Ata so ag leanmhuin fós ar obair an tabernacuil do ullmhughadh.
1Agus do rinne Besaleel a náirc do chrann Sitim: dhá chubhad go leith do bhí iona fad, agus cubhad go leith iona leithead, agus cubhad go leith iona háirde.
2Agus do fholuigh í le hór fíorghlan amuith agus a stigh, agus do rinne dhi coróin óir timchioll fá gcuáirt.
3Agus do theilg dhi ceithre fháinne óir, ceithre coirnealuibh; eadhón dhá fháinne ar áon táobh dhí, agus dhá fháinne ar áon ttáobh dhí, agus dhá fháinne ar an ttáobh eile.
4Agus do rinne sé maididhe do chrann Sitim, agus do fholuigh sé le hór íad:
5Agus do chuir na maididhe ann sna fáinnidhibh ré táobh na háirce, diomchur na háirce.
6Agus do rinne an suidhe trócaire dór fhíorghlan; dhá chubhad go leith do bhí iona fhad, agus cubhad go leith iona leithead.
7Agus do rinne dhá cherubin dór, ar na mbúaladh amach as énphíosa do rinne sé íad, ar dhá chéann an tsuidhe thrócaire;
8Aon chérub ar an gcionn don táobhsa, agus cherub eile ar an gceann don táoibh úd: amach as an tsuidhe thrócaire do rinne sé na cherubínigh ar a dhá cheann.
9Agus do leathnuigheadar na cherubínigh amach a scíatháin go hárd, agus do fholchadar lé na sciathánuibh ós cionn an tsuidhe thrócaire, guna naighthibh gach áon ar a chéile; leath ris an tsuighe thrócaire do bhádar aighthe na cherubínigh.
10Agus do rinne sé an bórd do chrann Sitim: dhá chubhad dób é a fhad, agus cubhad a leithead, agus cubhad go leith a áirde:
11Agus do fholuigh sé é lé hór fíorghlan, agus do rinne dhó coróin dór timchioll fá gcuáirt.
12Mar an gcéadna do rinne sé dhó imiol do leithead baise timchioll fá gcuairt; agus do rinne coróin óir dá imiol sin timchioll fá ccuáirt.
13Agus do theilg sé dhó ceithre fháinne óir, agus do chuir na fáinnidhe ar na ceithre coirnéuluibh ann a cheithre chosuibh.
14Thall ar aghaidh a nimil do bhádur na fáinnidhe, áite na maideadha chum an bhuird diomchur.
15Agus do rinne sé na maididhe do chrann Sitim, agus do fholuigh sé dór íad, diomchur an bhuird.
16Agus do rinne sé na soithighe do bhí ar an mbórd, a mhíasa, a líacha, agus a chupáin, agus a bhrat chum a fholach, dór fhíorghlan.
17Agus do rinne sé an coinnleóir dór fhíorghlan: dobair bhuáilte do rinne sé ann coinnleóir; a chos, agus a bheangáin, a scáluidhe agus a chnaip, agus a bhlátha, do bhádur don ccéudna.
18Agus sé bheangán ag dul amach as a tháobhuibh; trí bheangan don choinnleóir as táobh dhé, agus trí bheangán don choinnleoir as an ttáobh eile.
19Trí scála ar na ndéanamh do reir chumtha almóinne a nénbheangán, cnap agus bláth; agus trí scála déanta amhail almóinne a mbeangán eile, cnap agus bláth; mar sin ar fad amach na sé mbeangan ag dul amach as an gcoinnleóir.
20Agus do bhádur ceithre scala annsa choinnleóir deanta amhail almoinne, a chnaip, agus a bhlátha:
21Agus cnap fáoi dhá bheangán don ccéadna, agus cnap faoi dhá bheanghán don ccéadna, agus cnap faói dha bheangán don cceadna, do réir na sé mbeangán ag dul amach as.
22Do bhádur a ccnaip agus a mbeangáin don ccéadna; do bhi sé uile a néan obair bhuáilte dor fhíorghlan.
23Agus do rinne sé seachd lampa, agus a smólghlantóire, agus a mhiása smóil, dór fhíorghlan.
24 Do thallann dór fhiorghlan do rinne sé é, agus a shoighthighe uile.
25Agus do rinne sé altóir na túise do chrann Sitim: cubhad a fad, agus cubhad a leithead; do bhí sí ceathairbheannach, agus dhá chubhad na hairde, do bhádar a beanna don ccéadna.
26Agus do fholuigh sé í le hór fíorghlann, aráon a huachdar, agus a taóibh fa gcúairt, agus a beanna: mar an gceadna do rinne sé dhi coróin óir timchioll fá gcuairt.
27Agus do rinne dhá fháinne óir dhi fáoi na coróin, láimh ré na dhá choirnéul, ar a dhá tháobh, do bheith na náitibh ag na maididhibh lé na níomchórthuigh í.
28Agus do rinne na maididhe do chrann Sitim, agus do fholuigh sé le hór íad.
29Agus do rinne a nola ungtha naomhtha, agus an túis ghlan do spiósra deaghbholuidh, do réir oibre an photecarígh.

Currently Selected:

Exodus 37: Bedell

Highlight

Share

Compare

Copy

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in