Exodus 36
36
Caibidil XXXVI.
Faidhtoas thabhartuis an phobail. 8 Ata obair an tabernacuil ar tionnsgnadh réir mar do ornigh Día.
1An sin do oibrigh Besaleel agus Aholiab, agus gach éanduine glicchroidheach, ann ar chuir and TIGHEARNA críonnachd agus tuigse dfagháil eóluis cionnus do oibreochadh gach uile shórt oibre do sherbhís na sanctóra, do réir a nuile ní dar aithin an TIGHEARNA.
2Agus do ghoír Maóisi Besaleel agus Aholiab, agus gach áonduine glic a ccroidhe, ai chuir an TIGHEARNA eólus iona chroidhe, eadhon gach éanduine ar chorruigh a chroidhe é do theachd chum na hoibre dá déanamh:
3Agus do ghlacadar ó Mhaóise a nuile ofrail, noch thugadar clann Israel leó chum oibre sherbhíse na sanctóra, do dhéanamh leis sin. Agus tugadar chuige fós ofrála dhá ttoil gach maidin.
4Agus tangadar na daóine glioca uile, do oibrigh obair na sanctóra uile, gach aonduine óna obair nóch do rinneadar;
5Agus do labhradar ré Maóise, ghá rádh, Atáid an pobalsa ag tabhairt leó ní is ro mhó ná riadhthear a leas chum serbhíse na hoibre do aithin Día do dhéanamh.
6Agus tug Maóise aithne, agus tugadar fá deara fógra ar feadh an champa, dhá radh, Ná déanadh fear nó bean ní is mó dobair ar ofráil na sanctora. Marso do thoirmiosgadh an póbal ó ní do thabhairt.
7Oír budh lór an túrsgan do bhí aca do dhéanamh na hoibre uile, agus ní budh mó.
8Agus gach éanduine glicchroidheach na measc dar oibhrigh obair an tabernacuil do rinne sé deich gcúirtíne do líon fhínealta chasta, agus gorm, agus purpuir, agus scárláoid: ré cherubinibh, dobhair chéardamhuil do rinne sé íad.
9 Budh é fad gach éanchúirtin fithche agus ochd gcubhaid, agus do budh é leithead gach éanchúirtín ceithre cubhaid: do bhádar na cúirtíne uile deinmheíd.
10Agus do coimhcheangail sé na cúig cúrtíne aon dar oile: agus na coig cúirtinigh eile do choimhcheangail se aon dar oile.
11Agus do rinne lúba do ghorm ar imeal aon chúirtín ón cciumhuis ansa ccoimhcheangal: mar an gcéadna do rinne annsa táobh amuich do chúirtin eile, a ccoimhcheángal an dara.
12Caogad lúb do rinne sé a néanchúirtín, agus cáogad lúb do rinne sé a nimiol an chúirtín do bhí a ccoimhcheangal an dara: do chongmhadar na lúba gach éanchúirtín re chéile.
13Agus do rinne cáogad taítse oír, agus do choimhcheangail na cúirtíne gach aoan dar óile les na taítsibh: ionnus go bíadh sé na éantabernacuil.
14Agus do rinne cúirtine dfionnadh gabhar don lóistín ós cionn an tabernacuil: éan cúirtín déag do rinne dhíobh.
15Do budh é fad éanchúirtín díobh tríochad cubhad, agus ceithre cubhaid do budh é leithead déanchúirtín: do bhádar an táonchúirtín déag déinmheid.
16Agus do choimhcheanguil cúig cúirtíne leó fein, agus sé cúirtíne leó féin.
17Agus do rinne cáogad lúb ar a nimeal a muigh don chúirtín annsa choimhcheangal, caógad lúb do rinne sé ar imeal an chúirtín noch choimhcheanglas an dara.
18Agus do rinne sé cáogad táitse do phráis do choimhcheangal an lóistin dá chéile, chor go mbía na éan.
19Agus do rinne folach don lóistín do chroicnibh reitheadh daite dearg, agus folach do chroicnibh broc ós a chionn.
20Agus do rinne búird don tabernacuil do chrann Sitim, na seasamh súas.
21Do budh é fad buird dhíobh deich ccubaid, agus budh é leithead buird éancubhad go leith.
22Do bhádar dhá mhoirtís a néanbhord, ionann fad da gach aon díobh ó chéile: marso do rinne sé duile bhórduibh an tabernacuil.
23Agus do rinne buird don tabernacuil; fithche bórd don taóibh ó dheas:
24Agus do rinne ceathrachad soicead dairgead fáoi an bhfichid bórd; dhá shoicead fáoi éanbhórd da dhá mhoirtís, agus dhá shoicéad fáoi bhórd eíle da dhá mhoirtis.
25Agus don taobh eile don tabernacuil, noch atá leith ris an gcoirnéal thuaidh, do rinne sé fithche bóird,
26Agus a gceathrachad soicéad airgid; dhá shoicéad fá éanbhórd, agus dhá shoicéad fa bhórd eile.
27Agus do tháobhuibh an tabernacuíl leith shiar do rinne se sé buird.
28Agus do rinne sé dha bhórd do choirnealuibh an tabernacuil iona dhá thaobh.
29Agus do bhádar coimhcheangailte shiós, agus coimhcheangailte dá chéile agá cheann, déanfháinne: mar so do rinne sé riu aráon ann sa dá choirnéul.
30Agus do bhádar ochd mbuird; agus a soicéid sé soiceid déag airgid, dha shoicead faói gach eanbhórd.
31Agus do rinne barruidhe do chrann Sitim; cúig bharra do bhórduibh éantáoibhe an tabernacuil.
32Agus cúig bharra do bhórduibh an taoibh eile don tabernacuil, agus cúig bharra do bhórduibh an tabernacuil don táobh shíar.
33Agus tug sé ar an mbarra meadhonach dul thríd na bórduibh ó cheann go ceann.
34Agus do fholuigh se na buird le hór, agus do rinne sé a bhfáinnidhe dór chum a mbeith na náitibh do no barruidhibh, agus do fholuigh na barruidhe le hór.
35Agus do rinne sé fólach do ghorm, agus do phurpuir, agus do scárlaóid, agus do línéadach fhínealta chasda: maille ré cherubínibh do rinne sé é le hobair chéardamhuil.
36Agus do rinne dhó sin ceithre piléir do chrann Sitim, agus do fholuigh sé le hór íad: do bhádar a ccrúcuidhe dór: agus do theilg sé dhoibh ceithre soicéid airgid.
37Agus do rinne sé brat do dhorus an tabernacuil do ghorm, agus do phurpuir, agus do scárláoid, agus do línéadach fhínealta chasda dobair shnáithide;
38Agus a chúig piléir gun a ccrúcuidhibh: agus do fholuigh sé a gcaipitre agus a bhfiléid lé hór: ach do bhí a ccúig sóicéid do phrás.
Currently Selected:
Exodus 36: Bedell
Highlight
Share
Compare
Copy
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.
Maintained by the British and Foreign Bible Society (BFBS) on behalf of the National Bible Society of Ireland (NBSI) and the Bible Society in Northern Ireland (BSNI)