YouVersion Logo
Search Icon

Exodus 35

35
Caibidil XXXV.
Aithne chinnteach uma ntsabboid. 4 Agus saorthiodhluicthe an phobuil.
1Agus do chruinnigh Maóise comhchruinniughadh chloinne Israel uile a gcionn a chéile, agus do raídh riú, A siád so na bríathra do aithin an TIGHEARNA dhíbhsi, go ndéarnadh sibh íad.
2Sé lá do dheántar obair achd an seachdmhadh lá biáidh sé na lá saóire aguibh, sábóid shúaimhneasa don TIGHEARNA: giodh bé ar bith oibhrigheas annsinn cuirfíghear chum baís é.
3Ní dheargfuidhe teine ar feadh bhur náiteach a ló na sabóide.
4Agus do labhair Maóise re comhchruinniughadh chloinne Israel uile, dha rádh, As é so an ní do aithin an TIGHEARNA, gá rádh,
5Tógbhuidh eadruibh ofrail don TIGHEARNA: giodh bé ar bith bhfuil croidhe toileamhuil, tugadh sé leis í, ofrál don TIGHEARNA; ór, agus airgead, agus prás,
6Agus gorm, agus purpuir, agus scárláoid, agus línéadach fínealta, agus fionna gabhar,
7Agus croicne reitheadh daite dearg, agus croicne broc, agus adhmad Sitim,
8Agus ola chum án tsoluis, agus spíosra chum ola ungtha, agus don túis dheaghbhaluidh,
9Agus clocha Onics, agus clocha re gcur san ephod, agus annsa nuchdphláta.
10Agus tiocfa gach uile dhuine glicchroidheach eadruibh, agus déanuidh gach éainní dar aithin an TIGHEARNA;
11An tabernacuil, a lóistin, agus a fholach, a tháitse, a chláir, agus a bharruidhe, a philéir, agus a shoicéíd,
12An airc, agus a maididhe, maille ris an tsuidhe thrócaire, agus folach a chínn,
13An bórd, agus a mhaididhe, agus a shoithighe uile, agus a tarán taisbeanta,
14An coinnleóir mar an ccéadna chum an tsoluis, agus a mbeanann ris, agus a lampuidhe, maille ris a nola chum an tsoluis,
15Agus altoír na túisi, agus a maididhe, águs a nola ungtha, agus an túis deaghbholuidh, agus bruit an doruis ag dul a steach an tabernacuil,
16Altoír na hofrála loisge, maille re na ghráta práis, gun a maididhibh, agus a soithighibh uile, an lábhéir agus a chos,
17Bruit na cúirte, a piléir, agus a bhuinn, agus brat doruis na cúirte,
18Tairngidhe an tabernacuil, agus tairngidhe na cúirte, agus a gcorduidhe,
19Culadha na serbhíse, do dhéanamh serbhíse annsan aít naomhtha, an téadach naomhtha do Aáron an sagairt, agus éaduighe a mhac, do mhiniostralachd a noifig an tsagairt.
20Agus do imthigheadar comhchruinniughadh chloinne Israel uile as lathair Mhaóise.
21Agus tangadar, gach éanduine aca, ar chorruigh a chroidhe súas é, agus gach éanduine do rinne a spíorad aontadhach, agus tugadar leó ofráil an TIGHEARNA chum oibre thabernacuil an chomhchruinnigh, agus chum a sherbhíse uile, agus chum a éaduighe náomhtha.
22Agus tangadar, ar áon fir agus mná, an mhéid do bhí do chroidhe thoileamhuil, agus tugadar bráisléid, agus cluasfháinuidhe, agus fáinnidhe, agus táibleíd, a nuile shéud óir: agus gach fhear dar ofráil do ofráil sé ofráil oír don TIGHEARNA.
23Agus gach áon, agár fríth gorm agus purpuir, agus scarláoid, agus lineadach fínealta, agus fionnadh gabhar, agus croicne dearga reitheadh, agus croicne broc, tugadar leó íad.
24A nuile dhuine dar ofráil ofráil airgid nó phraís tug sé ofrail an TIGHEARNA leis: agus gach áon, ag ar fríth do chrannuibh Sitim chum oibre na serbhíse, thugadar leó iad.
25Agus na huile mhná do bhí glicchroidheacha do sníomhadar le na lámhuibh, agus tugadar leó an ní do shníomhadar, ar áon do ghorm, agus do phurpuir, agus do scárláoid, agus do líneadach finealta.
26Agus na huile mhná ar chorruigh a ccroidhe súas íad a ngliocus do shniomhadar fionnadh gabhar.
27Agus tugadur na huachdaraín clocha Onice leó, agus clochá da gcur ann sa nephod, agus ann sa nuchdach náomhtha,
28Agus spíosra, agus ola chum an tsoluís, agus chum na hola ungtha, agus chum na túise deaghbholuidh.
29Tugadar clann Israel ofráil thoilteannach leó chum an TIGHEARNA, a nuile fhear agus bean, a ndearna a ccroidhe toilteanach íad, do thabhairt neith leó chum gach uile shórt oibre, noch do aithin an TIGHEARNA do dhéanamh lé láimh Mhaóise.
30Agus a dubhairt Maóise re cloinn Israel, Féuchaidh, do ghoir an TIGHEARNA go hainmneamhuil Besaleel mac Urí, mhic Hur, do threibh Iúdah;
31Agus do lión sé do spioraid Dé é, a ngliocus, a ttuicse, agus a neolus, agus ann a nuile ghné oibre;
32Agus do chuma oibreach gcúirialta, doibriughadh a nór, a nairgead, agus a bprás,
33Agus a ngearradh cloch da gcur, agus a snoigheadh adhmuid, do dhéanamh gach aon ghné oibre eóluigh.
34Agus do chuir ann a chroidhe go múinfeadh, é féin, agus Aholiab, mac Ahisamach, do threíbh Dan.
35Do líon sé íad sin do eagna chroidhe, doibriughadh a nuile gné oibre an tsáoir, agus a noibríghe glic, agus an té oibrígheas snáidiomhaigheachd, a ngorm, agus a bpurpuir, agus a scarláoid, agus a líon fhinéalta, agus a nfhigheádóra, noch do ní obair ar bíth, agus iadsan chumus obair ghéarchúiseach.

Currently Selected:

Exodus 35: Bedell

Highlight

Share

Compare

Copy

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in