YouVersion Logo
Search Icon

Exodus 34

34
Caibidil XXXIV.
Athnuaghadh na ncclár. 9 Admhail agus urnaidh Mhaoise. 12 Reachda iomarach. 28 Trosgadh, agus folach ghnuis Mhaoisi.
1Agus a dubhairt an TIGHEARNA re Maoise, Snoigh dhuit féin dá chlár chloiche már na céad chláir: agus scriobhtha misi ar na cláruibhsin na bríathra do bhí ann sna céadchláruibh, do bhris tusa.
2Agus bi réidh ar maidin, agus tárr súas ar maidin go slíabh Sinai, agus taisbéan thú féin ann sin damhsa a mullach an tsléibhe.
3Agus ní thiocfa éanduine leachd súas, agus ná léig éanduine dfaicsin ar feadh an tsléibhe uile; agus ná leig na tréada nó na sealbhadha dinghilt as coinne an tsleibhe sin.
4Agus do shnoigh sé dhá chlár chloiche do nós na gcéadchlár; agus do eirigh Maóise go moch ar maidin, agus do chuáidh súas ar shlíabh Sínái, mar do aithin an TIGHEARNA dhe, agus rug iona láimh leis an dá chlár chloiche sin.
5Agus tháinic an TIGHEARNA a núas annsa néull, agus do sheas na fhochair (annsin,) agus do fhúagair ainm an TIGHEARNA.
6Agus do ghabh an TIGHEARNA thairis as a choinne, agus do fhógair, An TIGHEARNA, An TIGHEARNA Día, trócaireach agus grásmhuil, fadfhuilnghtheach, agus iomlán do mhaith agus dfírinne,
7Ag coimhéad trocaire do mhíltibh, ag maitheamh éigceart sáruighthe agus pheacaidh, agus nach sáorfuidh ar eanchor na ciontuigh; ag leanmhuin chiontadh na naithreachd ar an gcloinn, agus ar chloinn na cloinne, go nuige an treas agus an ceathramhadh glún.
8Agus do rinne Maoise deithneas, agus do chrom a cheann chum na talmhan, agus do adhair sé.
9Agus a dubháirt, Má fuáir mé annois grása ann do radharc, ó a TIGHEARNA, tigeadh an TIGHEARNA nar measg, guidhim thú; (óir is dáoine cruádhmhuiníl íad); agus maith ar ccoir agus ar bpeacadh, agus glac sinn mar hoighreachd féin.
10Agus a dubhairt seision, Feúch, do nún cunnradh: as coinne do phobail uíle do dhéana mé ionganta, a leitheid nach déarnadh san domhan uile nó a néanchrích: agus do chífid an pobal uile a measc a bhfuil tú do chifid obair an TIGHEARNA: oír is ní uathbhásach do dhéana mé riot.
11Coímhedsa an ní áitheonus mé dhiot annsa ló niugh: féuch, tiomaínfe mé a mach romhad an Tamoríteach, agus an Cananíteach, an Hitíteach, agus an Perisíteach, agus an Hibhiteach, agus an Iebusíteach.
12Tabhair haire dhuit féin, deagla go ndéantá cunnradh ré dúthchasuibh na tíre iona bhfuil tú ag dul, deagla go mbíadh sin na dhul ann do lár astigh:
13Achd scriosfaidh sibh a naltóra, brisfigh sibh a niómháighe, agus gearrfuidh sibh síos a ngarraín:
14Oír ní adhrocha tú dia ar bith eile: oír an TIGHEARNA, a bhfuil ainm Eadmhur, as Día eadmhar é:
15Deagla go ndéantá cunnradh ré dúthchasuibh na tíre, agus go rachadaóis do striapachus a ndiáigh a ndée sin, agus iodhbuirt do dhéanamh da ndeeíbh, agus go ngairfeadh duine thusa, agus go níosfa dá iodhbuirt;
16Agus go nglacfá a ninghiona dot mhacaibh, agus go rachadáois a níngheana do striapachus a ndiáigh na ndée sin, agus go ttiubhraidís ar do mhacaibhsi dul do striapachus a ndiáigh a ndeé.
17Ní dhéana tú dée leaghtha dhuit féin.
18Cuimhdeocha tú féasta a naráin gan laibhín. Séachd lá iósas tú arán gan laibhín, mar do aithin misi dhíot, a naimsir na míosa Abib: Oir is ann sa mhí Abib tháinic tú a mach as an Egipt.
19A nuile ní osclus an bhrú is liomsa é; agus a nuile phrimidil a measc hairnéísi, más damh é na caóra, bhiás firionn.
20Achd céadghin assail fuáisceola tú le húan: agus muna bhfuascla tú é, annsin brisfe tú a mhuinéul. Fuaisceóla tú céidbhreith do mhac uile. Agus ní thiucfa éanduine dom lathairsi folamh.
21Sé lá dó dhéana tú obair, achd annsa seachmhadh lá do dhéana tú comhnuigh: a naimsir treabhtha, agus annsa bfhóghmhar do dhéana tú suaimhneas.
22Agus cuimhdeocha tú féasta na seachdmhuineadh, na gcéadthoradh foghmhuir na cruithneachta, agus féásta an tárrloígh a ndeireadh na bliadhna.
23Trí huáire san mblíadhuin tiocfaid do chlann mhac uile, a lathair an TIGHEARNA Día, Día Israel.
24Oír teilgfe misi na cinidheacha a mhach romhad, agus leígfe mé fairsinge chum do thórannadh: ní mó iarrfas éanduine do dhúthaigh, an tan rachus tú súas dot thaisbeanadh feín a lathair an TIGHEARNA do Dhía trí huaire san mblíadhuin.
25Ní ofráilfe tú fuil mo íodhbartha maille re laibhín; ni mó léigfighear féasta iodhburtha na cásca chum na maidne.
26An chéad chuid do chéad taradh thfearuinn do bhéura tú go tigh an TIGHEARNA do Dhía. Ní bhruighfe tú meannan a mbainne a mathár.
27Agus a dubhairt an TIGHEARNA ré Maóise, Scríobhsa na focailsi: oír is do reír chéille na bhfocalsa do rinné misi cunnradh riot féin, agus re Hisrael.
28Agus do bhí sé ann sin a bhfochair an TIGHEARNA cheathrachad lá agus ceathrachad oidhche; nior ith sé arán, agus niór ibh sé uisce. Agus do sgriobh ar na cláruibh focail an chunnartha, na deich naitheanta.
29Agus tárla, a núair tháinic Maóise a núas ó shlíabh Sinai maille re dhá chlár na fiádhnuisi a láimh Mhaóise, a núair tháinic sé anúas on tslíabh, nach raibh a fhios ag Maóise gur dheallruigh croiceann aighthe an feadh do bhí ag comhrádh rision.
30Agus a núair do chonnairc Aáron agus clann Israel uile Maóise, féuch do lonnruigh croicionn a ághaidhe: agus do bhí eagla orra teachd na ghar.
31Agus do ghoir Máoisi chuige íad; agus do fhill Aáron, agus úachdaráin an chomhchruinnigh uile chuige: agus do labhair Maóise riú.
32Agus na dhiáigh sin tangadur clann Israel uile a ngar dhó: agus tug se dhóibh aithne sa nuile ni dar labhair an TIGHEARNA ris air sliabh Sinái.
33Agus do chuir Maóise folach ar aghaidh, nó gur scuir se do labhairt riú.
34Achd a núair do chuaidh Maóisi a steach as coinne an TIGHEARNA do labhairt ris, do chuir an folach dhe, nó go ttaínic a mach. Agus táinic a mach, agus do labhair re cloinn Israel ann í do haithnígheadh dhe.
35Agus do choncadar clann Israel aghuidh Mhaóisi, gur dheallraidh croiceann ághaidhe Mhaóise: agus do chuir Maóisi an folach ar aghaidh a rís, no go ndéachuidh a steach do chaint ris.

Currently Selected:

Exodus 34: Bedell

Highlight

Share

Compare

Copy

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in