YouVersion Logo
Search Icon

Exodus 32

32
Caibidil XXXII.
An laogh órrdha. 16 Fearg Dé. Briseadh na ncclár cloiche; 27 Agus an marbhadh dháoine, tháinic re linn.
1Agus a nuáir do chonnairc an pobal gur fhaddáil Maóise teachd núas ón tslíabh, do chruinnigheadar an pobal íad féin go Haáron, agus a dubhradar ris, Eirigh súas, déana dhúinn dée, rachus romhuinn; oír an Maóise so, an té thug as crích na Hégipte sinn, ní feas dúinn créad do imthigh air.
2Agus a dubhairt Aáron riú, Brisigh na clúasfháinnidhe óir, atá ar chlúasuibh bhur mban, agus bhur mac, agus bhur ninghean, agus tugaidh chugamsa íad.
3Agus do bhriseadar an pobal na clúasfháinnidhe óir díobh noch do bhí iona cclúasuibh, agus tugadar go Haáron íad,
4Agus do ghlac sé as a lámhuibh íad, agus do chum é lé hoirnís ghrabhála, tair éis láoigh leaghtha do dhéanamh dhe: agus a dubhradarsan, A síad so do dhée si, ó a Israel, noch thug amach as crích na Hégipte thú.
5Agus a nuáir do chonnairc Aáron sin, do thóg sé altóir as a choinne; agus tug Aáron fúagra, agus a dubhairt, Is lá féasta a márach ag an TIGHEARNA.
6Agus do éirgheadar súas go moch ar na mhárach, agus do ofráladar iodhbuirt loisge, agus tugadar ofrála síthe leó; agus do shuidh an pobal síos dithe agus dól, agus do éirgheadar súas do shúgradh.
7Agus a dubhairt an TIGHEARNA re Maóise, Eirigh, imthigh romhad síos; óir do phobal, noch thug tú amach as crích na Hégipte, do thruáilligheadar íad féin:
8Do fhilleadar go hobann as an tslighe do aithin misi dhíobh: do rinnéadar láogh leaghtha dhóibh féin, agus do adhradar dhó, agus do íodhbradar dhó, agus a dubhradar, Is íad so do dhéesi, ó a Israel, noch thug thu amach as crích na Hégipte.
9Agus a dubhairt an TIGHEARNA re Maóise, Do chonnairc mé an pobalsa, agus, féuch, is dáoine cruadhmhuiníl íad.
10Annois uime sin léigsi dhamhsa, ionnus go lasaidh mo dhíbhfhearg na nághuidh, agus go scriosfa mé íad: agus do dhéana mé cineadh mór dhíotsa.
11Agus do ghuidh Maóisi an TIGHEARNA a Dhía, agus do ráidh, A THIGHEARNA, créad fa lassan thfearg a nághuidh do phobail, noch thug tú amach as crích na Hégipte lé cumhachtuibh móra, agus le láimh láidír?
12Créad as a laibhéoradís na Hégiptigh, agus a naibeoradís, Mar olc rug sé leis amach íad, dá marbhadh ann sna sléibhtibh, agus dá scrios dághuidh na talmhan? Iompóigh ód fheirg bhuirb, agus claochló don ulcso a nághaidh do phobail.
13Cuimhnigh Abraham, Isáac agus Israel, do sherbhísigh, dá ttug tú thú féin mar mhionnuibh, agus a dubhairt tú ríu, Do dhéana mé bhur síol comhlíonmhur re réultuibh nimhe, agus an dúthaidhsi uile air ar labhair mé, do bhéura mé dá bhur síol, agus béid iona hoighreachd gu bráth.
14Agus do ghlac aithreachas an TIGHEARNA fan olc do smuáin sé do dheanamh dhá phobal.
15Agus do fhill Maóisi, agus do chúaidh sé síos ón tslíabh, agus do bhí dhá chlár na fíadhnuisi na láimh: do bhádar an dá chlár scríobhtha ar gach táobh; ar an ttáobhsi agus ar an ttáobh oile do bhádar scríobhtha.
16Agus do bé obair Dé na cláir, agus do bí an scríbhin scribhinn Dé, ar na tarruing ar na cláruibh.
17Agus a nuáir do chúala Iosua giorac an phobuil mar do gháireadar, a dubhairt sé re Maóise, Atá gáir chogáidh annsa champa.
18Agus a dubhairt seision Ní hé guth na ndáoine noch gháireas fa bhuáidh, ní hé guth na ndáoine éimhgheas ar son a gcláoite achd fuáim na ndáoine do ní cantaireachd do chluinimsi.
19Agus tarla, ar ball a ttáinic sé láimh ris an gcampa, go bhfacaidh se an láogh, agus an damhsa: agus do ghríosuigh fearg Mhaóisi, agus do theilg sé na cláir as a lámhuibh, agus do bhris fáoi bhun an tsleibhe íad.
20Agus rug sé ar an láogh noch do rinneadar, agus do loisc sé san teinidh é, agus do mheil sé na phúdar é, agus do leathnuigh sé ar a nuisce é, agus tug ar chloinn Israel dól dhe.
21Agus a dubhairt Maóise re Haáron, Créad do rinneadar na dáoinesi ort, as a ttug tú a chomhmór so do pheacadh orra?
22Agus a dubhairt Aáron, Ná hadhnadh fearg mo thighearna; atá fios na ndáoine agadsa, go bhfuilid síad ullamh chum urchóide.
23Oír a dubhradar riomsa, Déana dee dhúinn, noch rachus romhuinn: óir ar son an Mhaóisi si, an fear thug leis sinn amach as crích na Hégipte, ní feas dúinn cread do imthigh air.
24Agus a dubhairt misi riú, Gidh bé agá bhfuil éinréud óir, briseadh sé dhe é. Mar sin tugadar dhamhsa é: annsin do theilg mé san tenidh é, agus táinic an láoghsa amach.
25Agus a nuáir do chonnairc Maóise gó rabhadar na dáoine tárnochd; (óir do rinne Aáron lomnochda íad mar náire dhóibh a measc a námhad.)
26Ann sin do sheas Maóise a ngeata an champa, agus a dubhairt, Cia atá do tháoibh an TIGHEARNA? tigeadh sé chugamsa. Agus do chruinnigheadar mic Lébhi uile chuige a cceann a chéile.
27Agus a dubhairt sé riú, Is mar so a deir an TIGHEARNA Día Israel, Cuireadh gach éanduine a chloidheamh ar a tháobh, agus éirgeadh a steach agus a mach ó gheata go geata ar feadh an champa, agus marbhadh gach áonduine a dhearbhrathair, agus gach áonduine a chompánach, agus gach áonduine a chomharsa.
28Agus do rinneadar clann Lébhi, mar a dubhairt Maóise: agus do thuit don phobal an lá sin timchioll trí míle fear.
29Oír a dubhairt Maóise, Coisreaguidh sibh féin a niugh don TIGHEARNA, gach uile dhuine ár a mhac, agus ar a dhearbrathair; chor go mbronnfa se beannachd dháoibh san ló a niugh.
30Agus tárla ar a mhárach, go ndubhairt Maóise ris an bpobal, Do rinneabhair peacadh mór: agus annois racha misi suas gus an TIGHEARNA; dob éidir go ndéanuinn siothcháin ar son bhur bpeacaidh.
31Agus do fhill Maóise gus anTTIGHEARNA, agus a dubhairt, Oh, do pheacaidheadar an mhuintirse peacadh mór, agus do rinneadar dée óir dóibh féin.
32Gidheadh annois, madh áill leachd maith dhóibh a bpeacadh; agus munandean, cuir misi as do leabhar (iarruim dathchuinge ort) noch do sgriobh tú.
33Agus a dubhairt an TIGHEARNA ré Maóise, Ciodh bé ar bith do pheacaidh am agháidhsi, is é chuirfeas mé as mo leabhar.
34Uime sin éirigh annois, treóruigh an pobal do náit a dubhairt mé riot: feuch, rachaidh Maingeal romhad: gidheadh an lá thiucfas me dfheachuin orra leanfuidh mé a bpeacadh orra.
35Agus do chuir an TIGHEARNA pláigh ar an bpobal, do chionn an láoigh do dheanamh, noch do rinne Aáron.

Currently Selected:

Exodus 32: Bedell

Highlight

Share

Compare

Copy

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in