YouVersion Logo
Search Icon

Exodus 31

31
Caibidil XXXI.
Bésaleel maighisdir saothair ar obair an tabernacuil. 6 Agus a chomhóibradha; deúnta lé Día chum na hoibre.
1Agus do labhair an TIGHEARNA re Maóise, dá rádh,
2Féuch, do ghoir mé go ainmnighe air Bhésaleel, mac Uri, mhic Hur, do threibh Iúdah:
3Agus do líon mé é do spioraid Dé, a neagna, agus a ttuigsin, agus a neólus, agus annsa nuile ghné oibre,
4Do thionnscnamh oibreach ngéarchúiseach, do oibriughadh a nór, agus a nairgead, agus a bprás,
5Agus a ngearradh cloch, dá gcur, agus ag ceirbhereadh adhmuid, doibríughadh ann gach uile shórt oíbre.
6Agus mísi, féach, thug me maille leis, Aholiab mac Ahisamach, do threibh Dan: agus a gcroidhthibh gach a bhfuil glicehroidheach do chuir mé eagna; chor go ndéarnadaois a nuile ní do aithin me dhiótsa;
7Tabernacuil an chomhchruinnigh, agus aírc na fiadhnuisi, agus an suidhe trócaire atá uirre, agus uile shoithighe an tabernacuil.
8Agus an bórd agus a mbeanann ris, agus an coinnleóir glan gun a ghleús uile, agus altoír na túise,
9Agus altóir na hofrála loisge maille re na huile ionstrumintibh, agus a lábheir agus a cos,
10Agus na héaduidhe serbhíse, agus an culaidh naomhtha do Aáron an sagart, agus na culadha dá mhacaibh, do mhiniostralachd a noifig an tsagairt,
11Agus a nola ungtha, agus an túis dhéaghbholaidh do naít naomhtha: do reír a nuile ní do aithin mé dhiót; do dhéanaid siád.
12Agus do labhair an TIGHEARNA re Maóise, gá rádh,
13Labhairse fós ré chloinn Israel, ga rádh, Go deimhin coimhéadfuidhe mo shábbóid: oír is comhartha eadrum féin agus sibhse i ar feadh bhur ngeinealach; go mbía a fhios aguibh gur an TIGHEARNA náomhas sibh.
14Cuimhdeochtháoi an sabbóid ar a nadhbharsin; óir atá náomhtha dhaóibh, a nuile dhuine bhrisios i cuirfíghear go deimhin chum báis é: óir gidh bé neach oibrigheas éainní innte, gearrfuighear anam sin ó bheith a measg a dháoine.
15Sé lá is fhedir obair do dhéanamh; achd an seachdmhadh lá sábóid an tsocamhuil é, náomhtha don TIGHEARNA: gidh bé dhéanas obair ar bith a ló na sábóide, cuirfighear go deimhin chum báis é.
16Ar a nadhbharsin cuimhdeochuid clann Isráel an tsabboid, do choimhéud na sabóide ar feadh a ngeinealach, mar chunnradh siorruidhe.
17 Is comhartha eadrumsa agus clann Israel go bráth é: óir a sé lá do rinne an TIGHEARNA neamh agus talamh, agus ar an seachdmhadh lá do scuir sé, agus do léig scíth.
18Agus tug sé do Mhaóise, a nuáir do chríochnuigh sé a chomhrádh leis ar shlíabh Sínai, dhá chlár na fiadhnuise, cláir chloiche, sgríobhtha lé méur Dé.

Currently Selected:

Exodus 31: Bedell

Highlight

Share

Compare

Copy

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in