Exodus 30
30
Caibidil XXX.
Cuma altóra na tuise. 2 Earaic no airgiod fúasglaidh cloinne Israel. 34 An boltnughadh ro naomhtha.
1Agus do dhéana tú altóir do loscadh túise uirre; do chrann Sitim do dhéana tú i.
2Cubhad budh é a fad, agus cubhad a leithead; ceathairbheannach bhías sí; agus biáidh a háirdé dhá chubhad: biáidh a beanna don ccéadna.
3Agus fóileocha tú dór fhíorghlan í, a húachtar, agus a táobh timchioll fa gcuáirt, agus a beanna; agus do dhéana tú dhi coroin óir timchioll fa gcuáirt.
4Agus do déana tú dhá fháinne óir dhi faoi an choróin, agá dhá coirnéul, agá dhá thaobh do dhéana tú íad; agus béid siád mar áitibh do bhatuidhibh dá hiomchar leó.
5Agus do dhéana tú na maididhe do chrann Sitim, agus foileochuidh tú le hór íad.
6Agus cuirfe tú as coinne an fholuigh í, atá láimh re háirc na fiádhnuisi, as coinne ann tsuidhe thrócaire atá ós cionn an fhiadhnuisi, mar a tteagamha misi riot.
7Agus loisgfe Aáron túis dheaghbholuidh gach aon mhaidin uirre: a nuáir dheiseocha sé na lampuidhe, loisgfe sé túis uirre.
8Agus a nuáir lasfas Aáron na lampuidhe um noín, loisgfe sé túis uirre, túis bhiobhúan a bhfiagnuise an TIGHEARNA, ar feadh bhur ngeinealach.
9Ní loisgfídhe túis choimhidheach ar bioth uirre, nó íodhbuirt loisge, no ofráil bídh; ní mo dhoírtfídhe ofrála dhighe uirre.
10Agus do dhéana Aáron síth ar a beannuibh uáir san mbliadhuin le fuil ofrála pheacaidh na síthe; uáir san mbliadhuin do déana sé sídh uirre ar feadh bhur ngeinealach: atá sí ro náomhtha don TIGHEARNA.
11Agus do labhair an TIGHEARNA re Maóise, ga rádh,
12A núair ghlacfas tú suim chloinne Israel do reír a nuibhre, ann sin do bhéuruidh gach éanduine fuáscladh ar son anma don TIGHEARNA, a núair aireomhus tú íad; go nach mbiáidh plaígh na measc, a núair aíreomhas tú iad.
13Is é so do bhéuruid, gach éan da rachaidh thort na measc atá áirmhithe, leithshecel do reír na sanctóra: (secel is é sin fithche gérah:) agus leithshecel ofráil an TIGHEARNA.
14Gach éan dá tteíd thort na measg atá airmhithe, ó fhithchid bliadhan dáois agus ós a chionn, do bhéura sé ofráil don TIGHEARNA.
15Ní thíubhra an sáidhbhir nios mó, agus an bochd ní thiubhra níos lugha nó leith shecel, a nuáir do bhéaruid ofráil don TIGHEARNA, do dhéanamh sithe dá bhur nanmannuibh.
16Agus glacfa tusa an tairgead síthe ó chloinn Israel, agus cinnfe tú é do sherbhís thabernacuil an chomhchruinnigh: Ionnus go mbía na chuimhne do chloinn Israel a lathair an TIGHEARNA, do dhéanamh síthe dá bhur nanmanuibh.
17Agus do labhair an TIGHEARNA re Maóise dha rádh,
18Do dhéana tú mar an gcéadna lábhéir práis, agus a chos mar an gcéadna do phrás, do ionnladh as: agus cuirfe tú é idir thabernacuil an chomhchruinnigh agus a naltoir, agus cuirfe tú uisge ann.
19Oír ionneoluid Aáron agus mhic a lámha agus a gcosa aige:
20Agus a núair rachuid go tabernacuil an chomhchruinnigh, ionnoluid siád le huisce, go nach bhfaghaid bás: nó a nuair thiocfaid a bhfogus do naltoir do mhiniostralachd, do losgadh ofrála déanta lé teinnidh don TIGHEARNA:
21Mar sin nighfid a lamha agus a gcosa, go nach bhfaghaid bás: biáidh so na reachd dhóibh go bráth, dósan agus da shiól ar feadh a ngeinealach.
22Tuilleamh fós do labhair an TIGHEARNA re Maoise, ga rádh,
23Glac thusa mar an gcéadna chugad spiósra oirdhearca, do mhirr ghloinn cúig chéad secel, agus do shinamon deaghbholuid a leath oiread sin, dhá chéad agus caógad secel, agus do chalamus déaghbholuidh dhá chéad agus cáogad secel,
24Agus do chassía cúig chéad secel, do reír shecel na sanctóra, agus hin dola chroinn ola:
25Agus do dhéana tú ola dhe dola náomhtha, agus ola cumaiscthe, do réir ealadhan an ollamh: biáidh sí na hola naómhtha chum ungtha.
26Agus ungfa tú tabernacuil an chomhchruinnigh lé, agus aírc na fiadhnuise,
27Agus an bórd agus a shoithidhe uile, agus an coinnleóir agus a shoithidhe, agus altoír na túise,
28Agus altoír na hofrála loisge gon a huile shoithidhibh, agus an lábhéir agus a cos.
29Agus naomhthocha tú íad, ionnus go mbéid ro naomhtha: giodh bé ar bith ní bheanus riu biáidh sé naomhtha.
30Agus ungfa tú Aáron agus a mhic, agus coisreoca tú íad, chor go miniostrálfuid dhamhsa a noifig an tsagairt.
31Agus laibheóra tú re cloinn Israel, dá rádh. Biáidh so na hola noamhtha ungtha dhamhsa ar feadh bhur ngeinealach.
32Ar fheóil duine ní doírtfighear í, ní mó dhéantaoi samhuil di, do reír a compóideachd: is naomhtha í, agus biaidh sí naómhtha dhaóibhsi.
33Giodh bé ar bith dhéanas cumusc cosmhuil ría, nó giodh bé ar bith chuirfeas di ar choimhightheach, géarrfuighear cheana a mach óna dhaóinibh é.
34Agus a dubhairt an TIGHEARNA re Maóise, Glac chugad spiósra, dheaghbhaluidh, stácte agus onicha, agus galbánum: na spiósra deaghbhaluidhsi maille re túis ghloinn: oiread re cheille dá gach chuid díobh:
35Agus do dhéana tú perfiúm dhe, ollamh cumasc do réir ealadhan an cumuscthe, ré chéile, fiórghlan agus naómhtha:
36Agus brúidhfe tú cuid de sin ro mhín, agus cuirfe tú cuid do as coinne na fiadhnuise ann sa tabernacuil an chomhcruinnigh, aít a tteigeamha misi riot: biáidh sé ro náomhtha dhaóibh.
37Agus ar son na perfiúme do dhéana tú, ni dhéantaoi dhíbh feín do reír a chumaisc sin: bíaidh sé dhuitsi naomhtha don TIGHEARNA.
38Giodh bé ar bioth dhéanas samhuil dó sin do bholtnughadh, géarrfuighear é amach ó na dhaóinibh.
Currently Selected:
Exodus 30: Bedell
Highlight
Share
Compare
Copy
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.
Maintained by the British and Foreign Bible Society (BFBS) on behalf of the National Bible Society of Ireland (NBSI) and the Bible Society in Northern Ireland (BSNI)