Exodus 29
29
Caibidil XXIX.
Modh choisriogeadh na nsagart. 38 Na gnáthofrala loisgthe. 41 Agus gealladh an TIGHEARNA.
1Agus is é so an ní do dhéana tú riú dá náomhadh, do mhiniostralachd dhamhsa a noifig an tsagairt: glac ean dhamh óg, agus dá reith gan cháidhe,
2Agus arán gan laibhín, agus bairgheana gan laibhín, ar na gcumeasc le hola, agus abhlanna gan laibhín ungtha le hola: do phlúr chruíthneachda do dhéana tú íad.
3Agus cuirfe tú a néinchléibhín íad, agus do bhéara tú leachd íad annsa chléibhin, maille ris an daimh agus an dá reithe.
4Agus do bhéura tú Aáron agus a mhic go dorus tabernacuil an chomhchruinnigh, agus nighfe tú íad le huisge.
5Agus glacfa tú na culadha, agus cuirfe tú an cóta ar Aáron, agus róba an ephod, agus an téphod, agus an uchdphláta, agus criosluigh é lé crios céardamhuil an ephód.
6Agus cuirfe tú an míter ar a cheann, agus cuirfe tú an choróin náomhtha ar an mhiter.
7Ann sin glacfa tú an ola ungtha, agus dóirtfe tú ar a cheann í, agus ungfa tú é.
8Agus do bhéura tú a mhic, agus cuirfe tú cótuidhe orra.
9Agus crióslochuidh tú íad le creasannuibh (Aáron agus a mhic) agus cuirfe tú ná boinéit orra: agus biáidh oifig an tsagairt aca mar reachd shíórruidhe: agus coisreocuidh tú Aáron agus a mhic.
10Agus do bhéura tú fa deara damh do thabhairt as coinne an tabernacuil an chomhchruinnigh; agus cuirfe Aáron agus a mhic a lámha ar chionn na bulóige.
11Agus muírfe tú an damh as coinne an TIGHEARNA, ag dorus tábernacuil an chomhchruinnighe.
12Agus glacfa tú dfuil na bulóige, agus cuirfe tú é ar bheannuibh na haltóra led mhéur, agus dóirtfe tu a nfuil uile ré táobh bun na haltóra.
13Agus glacfa tú an méathas uile fholchus an mionach, agus án scairt bhíos ós cionn na náe, agus an dá dhubhán, agus an gheir bhías orra, agus loisg ar a naltóir íad.
14Achd feóil na daimhe, agus a sheithe, agus othrach, loisgfe tú le teine táobh a muich don champa íad: is ofráil pheacaidh í.
15Glacfa tú mar an gcéadna éanreith; agus cuirfe Aáron agus a mhic a lámha ar chionn an reithe.
16Agus muirfe tú an reith, agus glacfa tú a fhuil, agus croithfe tú timchioll fa gcuáirt ar a naltóir í.
17Agus gearrfa tú an reith na chodchuibh, agus nighfe tú a innidhe, agus a chosa, agus cuirfe tú íad sin a gceann a chodchan, agus a gcionn a chinn.
18Agus loisgfe tú an reith iomlán ar a naltóir: is ofráil loisge don TIGHEARNA sin: is deaghbhaladh é, ofráil déanta le tenidh don TIGHEARNA.
19Agus glacfa tú an reith eile; agus cuirfe Aáron agus a mhic a lámha ar cheann an reithe.
20Ann sin muirfe tú an reith, agus glacfa tú da fhuil, agus cuirfe tú ar mháothán cluáisi deise Aáron, agus ar mháothán cluáisi deise a mhic, agus ar ordóig a láimhe deise, agus ar ordóig a ccoise deise í, agus croith a nfuil ar a naltóir timchioll fa gcuáirt.
21Agus glacfa tú do nfuil atá ar a naltóir, agus don ola ungtha, agus croith í ar Aáron, agus ar a chulaidh, agus ar a mhacaibh, agus ar éaduighibh a mhac leis: agus biáidh sé náomhtha, agus a éáduighe, agus a mhic, agus éaduighe a mhac leis.
22Agus mar an gcéadna beanfa tú don reithe an gheir agus bun a nearbuill, agus an gheir fholchus na hineídhe, agus scairt na náe, agus an dá dhubhán, agus an gheir atá orra, agus an slínnéun deas: óir is reithe choisricghe é.
23Agus áon bhuilín arain, agus áon bhairghín darán oladha, agus éanabhlann as cléibhín, a naráin gan laibhín, atá as coinne an TIGHEARNA.
24Agus cuirfe tú uile a lámhuibh Aáron, agus a lámhuibh a mhac; agus croíthfe tú íad na nofráil chroithe a bhfíaghnuisi an TIGHEARNA.
25Agus glacfa tú ó a lámhuibh iad, agus loisge tú íad, ar a naltóri mar ofráil loisge, mar dheaghbhaladh a lathair an TIGHEARNA is ofráil deanta le teinidh i don TIGHEARNA.
26Agus glacfa tú uchd reithe chosricthe Aáron, agus croithfe tú é mar ofráil chroithe a lathair an TIGHEARNA: agus budh í sin do chuidsi.
27Agus náomhthocha tú uchd na hofrúla tonnuighe, agus slinnéan na hofrála tógtha, noch ttonntar, agus noch tógthar súas, do reithe an choisrigthe, don ni is le Háaron, agus don ní atá dá mhacaibh.
28Agus budh le Haáron agus le na mhacaibh sin maille ré reachd shíorruidhe ó chloinn Israel: óir is ofráil tógtha í: agus budh ofráil tógtha ó chloinn Israel í do iodhburt na hofrála síothchána í, a nofráil tógtha chum an TIGHEARNA.
29Agus budh le macaibh Aáron a éaduighe náomhtha na dhíáigh féin, dá nungadh ionta sin, agus chum bheith coisreactha ionta.
30 Agus an mac sin bhías na shagart na áit cuirfidh sé air íad seachd lá, a nuáir thiocfas go tabernacuil an chomhchruinnigh do mhiniostralachd sa náit náomhtha.
31Agus glacfa tú reithe an choisreactha, agus bruithfe tú a fheóil sa náit náomhtha.
32Agus íosa Aáron agus a mhíc feóil an reithe, agus an tarán bhías an sa chléibhín, ag dorus thabernacuil an chomhchruinnigh.
33Agus iosáid na néithe sin lé ndearnadh an tsíodhcháin, dá gcoisreagadh agus dá náomhadh: achd ní íosa coimhightheach dhíobh sin, do chionn go bhfuilid náomhtha.
34Agus má fhanan éanní don fheóil choisrigthe, nó don arán, go maidin, ann sin loiscfe tú an fuigheall le teinidh, ní híostar é, do chionn go bhfuil sé náomhtha.
35Agus is mar so do dhéana tú ré Haáron agus ré na mhacaibh, do réir a nuile neithe do aithin mé dhíot: seachd lá choisreocus tú íad.
36Agus ofráilfaidh tú gach áon lá damh ar son ofrála pheacaidh: ar son síothchána: agus glanfa tú a naltóir, a nuáir do dheana tú síth ar a son, agus ungfa tú í, dá náomhadh.
37Seachd lá do dhéana tú síth ar son na haltóra, agus náomhthocha tú í; agus biáidh na haltóir ro náomhtha: giodh bé ar bith bheanas ris a naltóir biáidh sé náomhtha.
38A nois sé so an ní sin ofráilfios tú ár a naltóir; dhá uan don chéidbhliadhuin ó lá go lá go comhnuightheach.
39Aón luaghán díobh do dhéana tú ofráil ar maidin; agus an luaghan eile ofráilfe tú um nóin.
40Agus le háon úan an deachmhadh rann plúir comaisce leis an gceathramhadh cuid do hin dola bhúailte: agus an ceathramhadh cuid do hin fhíona mar ofráil díghe.
41Agus an túan eile ofrailfidh tú um nóin, agus do dhéana tú ris do réir na hofrála bídh e na maidne, agus do réir na hofrála dighe na maidne, mar bholadh mhaith: is ofráil í déanta le teinidh don TIGHEARNA.
42 Biáidh so na hofráil chomhnuightheach loiscthe ar feadh bhur ngeinealach ag dorus thabernacuil an chomhchruinnigh a bhfíaghnuisi an TIGHEARNA: áit a tteigeamha misi ribh, do labhairt ann sin riot.
43Agus an sin theigeomhus mé re cloinn Israel, agus do dhéantar an tabernácuil náomhtha leam ghlóir.
44Agus náomhthocha mé tabernacuil an chomhchrúinnigh, agus a naltóir: náomhthocha mé mar an gcéadna Aaron agus a mhic, do mhiniostralachd dhamh a noifig an tsagairt.
45Agus do dhéana mé comhnuighe a measg chloinne Israel, agus béud am Dhía aca.
46Agus aitheonuid síad gur mé an TIGHEARNA a Ndía, noch thug a mach íad as crích na Hégipte, ionnus go gcoimhneochuinn na measg: is misi an TIGHEARNA a Ndía.
Currently Selected:
Exodus 29: Bedell
Highlight
Share
Compare
Copy
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.
Maintained by the British and Foreign Bible Society (BFBS) on behalf of the National Bible Society of Ireland (NBSI) and the Bible Society in Northern Ireland (BSNI)