Exodus 3
3
Caibidil III.
An dos ag lasadh gan chaitheamh. 10 Ghoir Día Maoisi. 16 Agus chúir teachdaireachd leis.
1Anois do bhí Máoisi ag cumhdach cháorach Iéthro a chlíamhuin, Sagart Mhídian: agus do theioruigh an Treud go taoibh cúil na bfasaigh, agus táinic go slíabh Dé, eadhon go Hóreb.
2Agus táinic aingeal an TIGHEARNA chuige a lasair theineadh amach as lár craóibhe: agus damhairc seision, agus, féach, do bhí an chráobh tré lasadh ó theineidh, agus níor loisgeadh an chráobh.
3Agus a dubhairt Máoisi, Fillfidh mé a nois a leathtáoibh, agus féuchfá mé ar an radharc mórsa, cred fá nach loisgear an chraobh.
4Agus a nuáir do chonnairc an TIGHEARNA gur fhill sé a leathtaoibh dá fhaicsin sin, do ghoir Día air amach as lár na cráoibhe, agus a dubhairt, A Mhaoisi, a Mhaoisi. Agus a dubhairt seision, Atáim annso.
5Agus a dubhairt seision, Ná tárr a bhfogus annso: cuir dhóit do bhróga dod chosuibh, óir a náit ar a bhfuil tú ad sheasamh, is talamh naomhtha é.
6A dubhairt sé ós a chionn sin fós, Is misi Día hathar, Día Abraham, Día Isaac, agus Día Iácob. Agus do fholuigh Máoisi a aghuidh; óir dob eagal leis féacuin ar Dhía.
7Agus a dubhairt an TIGHEARNA, Is deimhin go bhfaca misi scíursa mo phobuil, noch atá sa Négipt, agus do chúala mé a néighmhe, do brígh a maighistreadh tascuidh: óir atá fiós a ndoilghis agam.
8Agus tháinic mé a nuas dá sáoradh as lámhuibh na Négiptach, agus dá mbreith súas as an tír sin, go fearann maith fairsing, go fearann do bheir tuile bhainne agus mheala; go háit na Ccanaaniteach, agus na Hititeach, agus na Iebusiteach, agus na Namoríteach, agus na Bperisíteach, agus na Hibhiteach.
9A nois uime sin, feuch, tangadur comhairc chloinne Israel chugamsa: agus do chonnuirc mé mar an gcéadna an fóirneart léar bhruigheadar na Hégiptigh íad.
10Tárr a nois uime sin, agus cuirfe misi dionnsuighe Phárao thú, ionnus go ttiubhra tú mo phobal, clann Israel, amach as a Négipt.
11Agus a dubhairt Maóisi ré Día, Cía misi, as a rachuinn go Phárao, agus as a tiubhruinn clann Israel amach as a Négipt?
12Agus a dubhairt sesion, Go deimhin biáidh misi leachd; agus biáidh so mar chomhartha agad, gur chuir misi ann tú: A nuáir do bhéura tú an pobal amach as a Négipt, do dhéantaoi serbhís do Dhía ar a tsliabhsa:
13Agus a dubhairt Maóisi ré Día, Féuch a nuair thiocfas misi a ccionn chloinne Israel, agus a déura mé ríu, Do chuir Día bhur naithreadh chuguibh mé; agus a déaruidsion riomsa; Cá hainm atá air? créad a déura misi ann sin ríu?
14Agus a dubhairt Día ré Maoisi: AS ME AN TI AS ME: agus a dubhairt sé marso a déura tú ré clannuibh Israel, ATA MISI, do chuir chuguibh mé.
15Agus a dubhairt Día ós a chionn so ré Maóisi, Déura tú re clannuibh Israel: An TIGHEARNA Día bhur naithreadh, Día Abraham, Día Isaac, agus Día Iácob, do chúir misi chuguibh: sé so mainm go bráth, agus sé so mo chuimhneachán do nuile gheinealach.
16Eirigh, agus cruinnigh sinnsir Israel a bhfochair a cheile, agus abair ríu: Do fhoillsigh an TIGHEARNA, Día bhur naithreadh, Día Abraham, Día Isaac, agus Día Iacob, é fein damhsa ag rádh, Tháinic mé go deimhin dá bhur bhfiosrúghadh, agus do chonnairc mé, an ní do rinneadh ribh sa Négipt.
17Agus a dubhairt mé, Béura mé súas sibh as buaidhreadh na Hégipte, go fearann na Gcanaaniteach, agus na Hitíteach, agus na Namoríteach, agus na Bperisiteach, agus na Nibhíteach, agus na Iebusíteach; go tír do bheir tuile bhainne agus mheala.
18Agus umhlochuidh síadsan dod ghlór: agus tiucfa tusa, agus sinnsir Israel a cceann rígh na Hégipte, agus déura tú ris; Tárla an TIGHEARNA Día na Neabhruidheach rinn: agus a nois iarrmaoid dathchuinge ort, leig dhúinn dul aistior thrí lá san bhfásach, go ndeárnamáois iodhbairt don TIGHEARNA ar Ndía.
19Agus atá a fhios agumsa nach léigfidh rí ná Hégipte dhaóibh imtheachd, agus ní léigfidh achd lé láimh láidir:
20Agus sínfe misi mo lamh amach, agus buáilfe mé a Négipt leam uile iongántuibh, noch do dhéana mé ann a lár, agus na dhiáigh sin léigfidh sé dhaóíbh imtheachd.
21Agus do bhéura misi do na daóinibhsi cairdeasa a bhfiaghnuisi na Négipteach, agus tiucfa dhe a nuáir imeochthaoi, nach folumh imeochthaoí.
22Ach béuruidh gach éinbhean áirleagadh ó na comharsain, agus ón mhnaói bhías ar cuáirt na tigh, seóid airgid, agus seóid óir, agus éaduighe; agus cuirfídhe íad ar bhur macuibh, agus ar bhur ningheanuibh, agus creachfuighe na Hégiptigh.
Currently Selected:
Exodus 3: Bedell
Highlight
Share
Compare
Copy
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.
Maintained by the British and Foreign Bible Society (BFBS) on behalf of the National Bible Society of Ireland (NBSI) and the Bible Society in Northern Ireland (BSNI)