Agus a dubhairt an TIGHEARNA, Is deimhin go bhfaca misi scíursa mo phobuil, noch atá sa Négipt, agus do chúala mé a néighmhe, do brígh a maighistreadh tascuidh: óir atá fiós a ndoilghis agam.
Agus tháinic mé a nuas dá sáoradh as lámhuibh na Négiptach, agus dá mbreith súas as an tír sin, go fearann maith fairsing, go fearann do bheir tuile bhainne agus mheala; go háit na Ccanaaniteach, agus na Hititeach, agus na Iebusiteach, agus na Namoríteach, agus na Bperisíteach, agus na Hibhiteach.