Exodus 28
28
Caibidil XXVIII.
Ordughadh Aaroin agus a chlann mac chum bifig an tsagairt. 2 Agus an eáduigh naomhtha, agus na bheanus doíbh.
1Agus glacsa chugad Aáron do dhearbhraithir, agus a mhic maille ris, ó mheasg chloinne Israel, chor go ndéana sé miniostralachd dhamhsa a noifig an tsagairt, eadhon Aáron, Nadab agus Abihú, Eleasar agus Itamar, mic Aáron.
2Agus do dhéana tú éadach náomhtha do Aáron do dhearbhrathair mar ghlóir agus mar scéimh.
3Agus laibheóra tú ris a nuile atá eagnuidhe a gcroidhe, noch do lion misi le spiorad na heagna, chor go ndéanaid culaidh Aáron dá choisreagadh íonnus go bhfóghnuidh se dhamhsa a noifig an tsagairt.
4Agus a síad só na héaduighe do dhéanuid; uchdéideadh, agus ephod, agus róba, agus cóta bróidinealta, agus miochd agus crios: agus do dhéanuid éaduighe náomhtha mar so do Aáron do dhearbhraithir, agus da mhacaibh, iondus do bhféadaigh miniostralachd do dhéanamh dhámhsa a noifig an tsagairt.
5Agus glacfuid ór, agus gorm, agus purpair, agus scarláoid, agus linéadach finéalta.
6Agus do dhéanuid an téphod dór, do ghorm, do phurpair, agus do scarláoid, agus do línéadach fhínealta chasda, maille re hobair ghlic.
7Biáidh aige dhe sin dhá phíosa gúalann ceangailte agá dhá imeal; agus mar sin cheangaltar dhá chéile é.
8Agus biáidh an crios bróidinealta a nephoid, noch atá air, don ccéadna, do réir a oibre sin; dor, do ghorm, do phurpair, agus do scarláoid, agus do linéadach fhinealta chasda.
9Agus glacfa tú dhá chloich Onix, agus grabháil anmanna chloinne Israel orra:
10Sé dá nanmannuibh ar éan chloich, agus na sé hanmanna eile na coda eile ar an gcloich eile, do réir a sinnsireachd.
11Maille ré hobair ghrabhaluigh a gcloich, cosmhuil ré grábhail shignéd, ghrabhalfus tú an dá chloich máille re hanmannuibh chloinne Israel: cuirfe tú fa deara a gcur a gcumhduighibh óir.
12Agus cuirfe tú an dá chloich ar ghuáillibh a nephod mar chlochuibh cuimhnighe do chloinn Israel: agus iomchóra Aáron a nanmanna as coinne an TIGHEARNA ar a dhá ghúaluinn mar chuimhne.
13Agus do dhéaná tú failge dór;
14Agus dhá shlabhra dór ghlan ar a gceannuibh; dobair fhighthe do dhéana tú íad, agus ccangail na slabhruidhe fithe do na failghibh.
15Agus do dhéana tú uchdéideadh an bhreitheamhnuis le hobair chéardamhuil; amhuil oibre a nephod do dhéana tú é; dór, do ghorm, do phurpair, agus do scarlaoid, agus do linéadach finealta chasta, do dhéana tú é.
16Ceatháirbheannach bías sé ar na dhúbladhadh; réise bhías na fhad, agus réise bhías na leithead.
17Agus cuirfe tú ann cúir do chlochuibh, eadhon ceithre chúrsa do chlochuibh: biáidh an chéad chúrsa do shardius, do thópas, agus do charbuncail: budh é so an chéad chúrsa.
18Agus biáidh an dara chursa, emereud, saphir, agus diamond.
19Agus an treas cúrsa ligur, agat, agus ametist.
20An ceathramhadh cúrsa béril, agus onice, agus iasper: an ór cuirfighear íad ann a ndruid.
21Agus béid na clocha maille re hanmannuibh chloinne Israel, a dó dhéag, do réir a nanmann, amhail ghrábhail shignéid; gach áon díobh lé na ainm, beid do réir án dá threibh dhéag.
22Agus do dhéana tú ar an uchdphláta slabhruidhe ag na ceannibh dobair fhighte dór fhiorghlan.
23Agus do dhéana tú ar an uchdphláta dhá fhainne óir, agus cuirfe tú an dá fháinne ar
dhá cheann an uchdphláta.
24Agus cuirfe tú an dá shlabhradh fhighte dór annsa dá fháinne atá ar cheannuibh an uchdphláta.
25Agus an dá cheann eile don dá shlabhradh fhighte ceangola tú an sa dá fhail, agus cuirfe tú íad ar phiosuighibh na gúalann an ephod ar aghaidh.
26Agus do dhéana tú dhá fháinne óir, agus cuirfe tú ar dhá cheann an uchdphláta íad ina nimeal sin, noch atá leath re táobh an uchdphlata a stigh.
27Agus dá fháinne eile óir do dhéana tú, agus cuirfe tú íad ar dhá tháobh an ephóid shíos, láimh ris an gcuid thosuigh dhe, thall as coinne a chúpluidhthe, os cionn creasa ceardamhuil an ephod.
28Agus ceangoluid siad án tuchdéideadh le na fháinnighibh do fhainnighibh an ephoid le lása do ghorm, cor go mbía os cionn creasa céardamhuil an ephod, agus nach scáoilfíghear an tuchdphláta don ephod.
29Agus iomchóra Aáron anmanna chloinne Israel ann sa nuchdphláta sin an bhreatheamhnuis ar a chroidhe, a nuáir rachus a steach do náit náomhtha, mar chuimhne do lathair an TIGHEARNA a gcomhnuighe.
30Agus cuirfe tú a nuchdphláta an bhreatheamhnuis an Urim agus an Tuimim; agus béid ar chroidhe Aáron a nuáir rachus sé a steach as coinne an TIGHEARNA: agus iomchóruidh Aáron breatheamhnus chloinne Israel ar a chroidhe a bhfiadhnuisi an TIGHEARNA a gcomhnuighe.
31Agus do dhéana tú róba an ephod do ghorm uile.
32Agus biáidh poll iona mhullach iona lár: biáidh ceangal dobair fhighte timchioll fa gcuáirt an phuill, mar do bheith poll haberghion, go nach bristíghe é.
33Agus shíos ar a fhathfhuánn do dhéana tú pomegranáit do ghorm, agus do phurpuir, agus do scarláoid, timchioll fa gcuáirt na fathuáime; agus cluigine óir eatorra timchioll fa gcuáirt:
34Cluigín óir, agus pomegránait, cluigín óir agus pomegranait, ar fhathuáim an róba fa gcuáirt.
35Agus biáidh sé ar Aáron ag miniostrálacht: agus cluinfighear a fhuáim a nuair rachus sé a steach do náit náomhtha a laithair an TIGHEARNA, agus a nuáir thiocfas amach, go nach bhfaghadh bás.
36Agus do dhéana tú pláta dór fhíorghlan, agus grabháil air, amhuil ghrábhála signeid, NAOMHTHACHD DON TIGHEARNA.
37Agus cuirfe tú é ar lása ghorm, ionnus go mbiáidh ar an míter; ar chuid thosúigh an mhíter biáidh sé.
38Agus biáidh sé ar éadan Aáron, chor go niomhchóruidh Aaron éacceart na nitheann náomhtha, noch naomhthochuid clann Israel iona mbrontuibh náomhtha uile; agus biáidh sé a gcomhnuidhe ar éadan, chor go nglacfuighear iad a bhfiaghnuise an TIGHEARNA.
39Agus cuirfe tú bródáil leis an gcóta do linéadach fhínealta, agus do dhéana tú an míter do linéadach fhínealta, agus do dhéana tú an crios dobair shnáithide.
40Agus do dhéana tú cótuidhe do mhacuibh Aáron, agus do dhéana tú creasanna dhóibh, agus do dhéana tú buinéit dhóibh, mar ghlóir agus mar scéimh.
41Agus cuirfe tú ar Aáron do dhearbhrathair íad, agus ar a mhacuibh maille leis: agus ungfuigh tú íad, agus coisreocuidh tú íad, agus náomhthochaidh tú íad, chor go ndéanuid miniostralachd dhamhsa a noifig an tsagairt
42Agus do dhéana tú brístíghe línéaduigh dhóibh dfolach a ttárnochd; ó ná háirnibh go nuige na slíasta riotheochuid síad.
43Agus béid síad ar Aáron, agus ar a mhacaibh, a nuáir thiucfaid síad a steach go tabernacuil an chomhchruinnigh, nó a nuáir thiucfaid síad a bhfogus do naltóir do mhiniostralachd an sa náit náomhtha; go nach iomchraid eúgceart, agus go néagfuid: biáidh sé na reachd go bráth dhó féin, agus dá shliochd na dhiáigh.
Currently Selected:
Exodus 28: Bedell
Highlight
Share
Compare
Copy
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.
Maintained by the British and Foreign Bible Society (BFBS) on behalf of the National Bible Society of Ireland (NBSI) and the Bible Society in Northern Ireland (BSNI)