Exodus 27
27
Caibidil XXVII.
Cumadh altóra na hofrála loisgthe; 3. Agus gach inneal do bheanus di.
1Agus do dhéana tú altóir do chrann Sitim, cúig cubhaid ar fad, agus cúig cubhaid ar leithead; bíáidh a naltóir ceathairbheannach, agus bu trí cubhaid a háirde.
2Agus do dhéana tú a beanna ar cheithre coirnéuluibh: béid a beanna don ccéadna, agus foileocha tú le prás í.
3Agus do dhéana tú a hoighne chum luátha do ghlacadh chuca, agus a sluáiste, agus a baisínigh, agus a hadhuil, agus a hoighne tineadh, a huile shoithighe do dhéana tú do phrás.
4Agus do dhéana tú dhi gráta do líonobair phráis; agus ar an lion do dhéana tú ceithre fháinne phráis ann a cheithre choirnéuluibh.
5Agus cuirfe tu fa chompás na haltóra shíos é, chor go mbía an líon ionann go lár na haltóra.
6Agus do dhéana tú maididhe don altóir, maididhé do chrann Sitim, agus foileocha tú le prás íad.
7Agus cuirfíghear na maididhe ann sna fáinnibh, agus béid na maididhe ar dhá tháobh na haltóra, dá hiomchar.
8Folamh (a stigh) do chláruibh do dhéana tú í: mar do taisbeanadh dhuit ann sa tslíabh, mar sin do dhéanuid siad í.
9Agus do dhéana tú cúirt an tabernacuil: don táoibh theas leath theas béid bruit don chúirt do líon mín chasda céad chubhad ar fad déantáoibh.
10Agus béid a fitchche piléur sin agus fithche soicéid do phrás: biaidh crúcuidhe na bpiléur, agus a bhfiléid dairgead.
11Agus mar sin don leath thuáith ar fad béid bruit do chéad cubhad ar fad, agus a bhfithche piléur agus a bhfithche soicéad práis; béid crúcuidhe na bpíléur agus a bhfiléid dairgead.
12Agus do tháobh leithid na cuirte ar an ttáobh shíar béid bruit do cháogad cubhad: a bpiléur a deich, agus a soicheid a deich.
13Agus léithead na cúirte ar a ttáobh shoir leath shoir béid cáogad cubhad.
14Bruit déantáobh don gheata biáidh cúig cúbhaid déug: a bpiléur a trí, agus a soicéid a trí.
15Agus ar án ttáobh eile béid bruit cúig cúbhaid déug: a bpiléur a trí, agus a soicéid a trí.
16Agus chum geata na cúirte béid bruit dfithchid cubhad, do ghorm, agus do phurpuir, agus do scarláoid, agus do linéadach mhín chasta, oibríghthe le hobair shnáithide: agus a bpiléur a ceathair, agus a soicéid a ceathair.
17 Béid na huile piléur fá gcuáirt timchioll na cúirte ar na bhfilleadadh le hairgead biáidh a ccrúcuidhe dairgead, agus a soicéid do phrás.
18 Bíaidh fad na cúirte na chéud cubhad; agus a leithead cáogad ar gach áon táobh, agus cúig cubhaid dáirde, do linéadach fhinealta chasda, agus a soicéid do phrás.
19Béid soithighe an tabernacuil uile, a nuile sherbhís, agus a nuile thairnge, agus táirngidh na cúirte uile béid do phrás.
20Agus aitheonuidh tú do chloinn Israel, go ttugaid chugad an ola fhíorghlan do chrann ola brúite chum an tsoluis, do thabhairt ar an lochran lasadh a gcomhnuighe.
21A ttabernacuil an chomhchruinighe táobh amuigh don fholach, noch atá, as coinne na fiadhnuisi, oirdeochuid Aáron agus a mhic é ó thrathnóna go maidin a bhfíaghnuisi an TIGHEARNA: biáidh so na statúid go bráth da ngeinealachuibh, do tháoibh chloinne Israel.
Currently Selected:
Exodus 27: Bedell
Highlight
Share
Compare
Copy
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.
Maintained by the British and Foreign Bible Society (BFBS) on behalf of the National Bible Society of Ireland (NBSI) and the Bible Society in Northern Ireland (BSNI)