YouVersion Logo
Search Icon

Exodus 26

26
Caibidil XXVI.
Cumadh an Tábernacuil. 31 Agus folach na haírce, ar na nordughadh.
1Os a chionn sin, do dhéana tú an tabernacuil maille re déich gcúirtín do líon fhineúlta chasta, agus gorm, agus purpair, agus scairláoid: maille re cherubínibh dobair ghéarchúisigh do dhéana tú íad.
2 Budh é fad éan chuirtín ochd ccubhaid fhichead, agus leithead gach éanchuirtín ceithre cubhaid: agus gach áon da na cuirtínibh áon mhiosúr bhias aca.
3Cúipleochthar cúig cúirtínigh dá chéile; agus cúig cúirtínígh cúpluighe dá chéile.
4Agus do dhéana tú lúba do ghorm ar imlibh gach éanchuirtin ón chumhais annsa gcoimhíadhagh: agus mar sin do dhéana tú an sa nimiol is faide amach do chúirtín eile, ó imíadhagh an dara coda.
5Cáogad lúb do dhéana tú ann sa néan chúirtín, agus caógad lúb do dhéana tú a nimial an chúirtín atá ag coimhcheangal an dara: chor ga mbéaruid na lúba greim ar a chéile.
6Agus do dhéana tú cáogad táiste dór, agus cúipleocha tú na cúirtiné dhá chéile leis na táistibh: agus biáidh na éantábernacuil.
7Agus do dhéana tú cúirtíne dfionnadh gabhar do bheith na fholach ar an tabernacuil: do dhéana tú éanchuirtin déag.
8 Budh hé fad éan chuirtín triochad cubhad, agus leithead éan chúirtín ceithre cubhaid: agus béid an téanchuirtín déag uile dáoinmhiosúr.
9Agus coimhcheangeola tú cúig cúirtíne leó féin, agus sé cúirtíne leó féin, agus dúibleocha tú an seiseadh cúirtín a néadan tosuigh an tabernacuil.
10Agus do dhéana tú cáogad lúb ar imiol a néanchúirtín atá táobh a muigh annsa ccoimhcheangal, agus cáogad lúb a nimiol an chúirtin noch cheingeolus an dara cúpla.
11Agus do dhéana tú cáogad táiste do phrás, agus cuirfe tú na táistigh ann sna lúbuibh, agus cúipleocha an folach dha chéile, chor go mbiadh sé na aon.
12Agus an fuigheall mhairfeas do chúirtínihh an lóistin, an leath chúirtín mhairfeas, crochfuighear, ós cionn chúil an tabernacuil é.
13Agus cubhad a ttáobh, agus cubhad don táoibh eile don fhuighioll a bhfad chúirtine an loistin, crochfuighear sin ós cionn táoibh an tábernacuil don táoibhsi agus don táoibh úd, dá fholach.
14Agus do dhéana tú folach don lóistin do chroicnibh reitheadh daite dearg, águs folach shúas do chroicnibh broc.
15Agus do dhéana tú buird don tabernacuil do chrann Sitim na seasamh súas.
16Deich gcubhuid bhias a bhfad an bhuird, agus cubhad go leith bhías a leithead éanbhuird.
17 Biáidh dhá láimh a néanbhuird, ar na suighiughadh as coinne a chéile a nórd: is mar so do dhéana tú ar bhórduibh an tabernacuil uile.
18Agus do dhéana tú na buird don tabernacuil, fithche bórd ar an táobh theas leath theas.
19Agus do dhéana tú ceathrachad soicéad dairgead fáoi an fhichid bórd; dhá shoicéad fáoi bhórd díobh da dhá láimh, agus dá shoicéad fáoi bhórd eile da dhá láimh.
20Agus ar son an dara táobh don tabernacuil don táobh thúaith bíaidh fiche bórd ann sin:
21Agus an dá fhichid soicéad, dairgead; da shoicead fáoi áon bhórd, agus dá shoiced fáoi bhórd eile.
22Agus do tháobhuibh an tabernacuil leath shíar do dhéana tú sé buird.
23Agus do dhéana tú dá bhórd do chornéuluibh an tabernacuil iona dhá tháobh.
24Agus béid coimhcheanguilte dhá chéile fútha shíos, agus béid coimhcheangailte dhá chéile os mullach a chinn dáon fháinne amháin: mar so bhías dóibh a ráon: béid síad don dá chóirnéul.
25Agus béid na nochd mbórduibh, agus a soicéid airgid, sé soicéid déug; dhá shoicéd fáoi éanbhórd, agus dhá shoicéd fáoi bhórd eile.
26Agus do dhéana tú barruidhe do chrann Sitim; a cúig do bhórduibh éantáoibhe don tabernacúil.
27Agus cúig bharra do bhórduibh na táoibhe eile don tabernacuil, agus cúig bharra do bhórduibh do thaoibh an tabernacuil, don dá tháoibh leath shiar.
28Agus an barra méadhonach a lár na mbórd roithcheocha sé ó chionn go cionn.
29Agus foileocha tú na buird le hór, agus do dhéana tú a bhfáinnidhe dór mar áit chum na mbarradh: agus foileocha tú na barruidhe le hór.
30Agus tóigeobhuidh tú súas an tabernacuil do réir an chumtha noch do taisbeánadh dhuit an sa tslíabh.
31Agus do dhéana tú folach do ghorm, agus do phurpair, agus do scairláoid, agus do líon fhínealta chasta dobair ghéarchúisigh: le cherubinibh do dhéantar é.
32Agus crochfa tú é ar cheithre piléuruibh do chrann Sitim ar na bhfolach dór: béid a gcrúcuidhe dór, ar na ceithre soiceaduibh airgid.
33Agus crochfa tú súas an folach fáoi na táistibh, chor go ttiubhra tú á steach annsin táobh á stigh don fholach aírc ná fíadhnuisi: agus rannfuidh an folach dhíbh idir a náit náomhtha agus ro náomhtha.
34Agus cuirfe tú an suidhe trócaire ár aírc na fíadhnuise ann sa náit ro náomhtha.
35Agus suidheocha tú an bórd táobh a muigh don fholach, agus an coinnleóir thall as coinne an bhuird ar thaobh an tabernacuil don leath theas: agus cuirfe tú an bórd don leath thuáigh.
36Agus do dhéana tú crochadh do dhorus an lóistin, do ghorm, agus do phurpuir, agus do scarláoid, agus do líon mhín chasda, oibríghthe le hobair shnaithide.
37Agus do dhéana tú don crochadh cúig piléir do chrann Sitim, agus foileocha tú iad le hór agus beid a gcrúcnidh dór: agus teilgfe tú cúig soicéid phráis dóibh.

Currently Selected:

Exodus 26: Bedell

Highlight

Share

Compare

Copy

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in