Exodus 25
25
Caibidil XXV.
Ofrála toileamhla an phobail arson na Sanctora; 8 Orduighthe lé Día.
1Agus do labhair an TIGHEARNA re Maóise, dá rádh,
2Labhair re cloinn Israel, gó ttugaid ofráil chugam: ó gach uile dhuine dá ttiobhra uadha go toileamhail í lé na chroidhe glacfuidhsi mofráil.
3Agus sí so a nofrail ghlacfuidh uátha; or, agus airgead, agus prás,
4Agus gorm, agus corcur, agus scarláoid, agus lin fínealta, agus fionnadh gabhar.
5Agus croicne reitheadh ar na ndathughadh deárg, agus croicne broc, agus croinn Sitim,
6Ola chum an tsoluis, spíosra chum ola ungtha, agus chum túisi deaghbholuigh.
7Clocha Onix, agus clocha re ccur annsa Néphod, agus annsa uchdéadach.
8Agus déindís sanctóir dhamhsa; chor go ccoimhneacha mé na measc.
9Do reír a nuile ní thaisbeanuim dhuit, do reír eisiomplára an tabernacuil, agus eisiomplára a ionnstruiminteadh uile, is mar sin do dhéántaoi é.
10Agus do dhéanuid áirc do chrann Sitim: dhá chubhad go leith iona fad, agus cubhad go leith iona leithead, agus cubhad go leith íona hairde.
11Agus foileochuídh tu é lé hór fíorglan, táobh a stigh agus a muigh fhoileochus tú é, agus do dhéana tú air coróin óir timchioll fa gcuáirt.
12Agus teilgfe tú ceithre fhainne óír dhó, águs cuirfe tú iona cheithre chorruibh iád, agus béid dhá fháinne a ttáobh dhe, agus dhá fháinne san táobh eile.
13Agus do dhéana tú maididhe do chrann Sitim, agus foileochuidh tú le hór íad.
14Agus cuirfe tú na maididhe ann sna fáinnibh, re táobhuibh na háirce, chor go niomcharthar a náirc léo.
15Béid na maididhe a bhfáinnibh na háirce: ní bearthar as íad.
16Agus cuirfe tú annsa nairc, an fhiadhnuisi noch do bhéura misi dhuit.
17Agus do dhéana tú cathaóir thrócaire dór fhiórghlan: dhá chubhad go leith a fad, agus cubhad go leith a leithead.
18Agus do dhéana tú dhá chearubin dór, dobair shloighthe do dhéana tú íad, a ndá chionn an tsuidhe thrócaire.
19Agus déana aon chearub ar cheann de, agus an chearub eile ar an gceann eile: don tsuidhe thrócaire do dhéana tú na chearubínigh ar a dhá cheann.
20Agus sínfid na chearuibinigh a sciathaín a mach go hárd, ag folach an tsuidhe thrócaire le na sciathanuibh, agus a naighthe a gcuinne a chéile; leath ris an tsuidhe thrócaire béid aighthe na chearubinigh.
21Agus cuirfe tú an suidhe trócaire súas ar an áirc; agus annsa náirc cuirfe tú an fhiadhnuisi do bhéura misi dhuit.
22Agus ann sin theigeomhas misi riot, agus comhráidhfe mé riot ós cionn an tsuidhe thrócaire, ó eidir an dá chearubin noch atá ar aírc na fiadhnuisi, do na huile neithibh do bhéura me dhuit a naithne do chloinn Israel.
23Do dhéana tú mar an ccéadna clár do chrann Sitim: dhá chubhad budh é a fhad, agus cubhad a leithead, agus cubhad go leith a áirde.
24Agus foileocha tú é dór fhiórghlan, agus do dhéana tú coróin oír dhó timchioll fa gcúairt.
25Agus do dhéana tú imeal dó leithead baise timchioll fa gcúairt, agus do dhéana thú coróin oír timchioll fa gcúairt don imeal.
26Agus do dhéana tú dhó ceithre fhainne oír, agus cuir na fainne iona cheithre coirnéuluibh atá as a cheithre chosuibh sin.
27Thall as coinne an imil béid na fáinnidhe mar áite dona maididhibh diomchar an chláir.
28Agus do dhéana tú na maididhe do chrann Sitim, agus foileocha tú iád lé hór, chor go niomchúrthaoi and bórd léo.
29Agus do dhéana tú a mhíasa sin, a líacha sin, agus a bhfoluidhe sin, agus a scáluidhe sin, chum a bhfolach leó; dór fhiórghlan do dhéana tú íad.
30Agus cuirfe tú ar an mbórd arán taisbeannta a ccomhnuidhe romhamsa.
31Agus do dhéana tú coinnléoir dór fhíorghlan: dobair sloighthe do dhéanntar an coinnleóir: a chos agus a bheangáin, a scáluídhe, agus a chnapáin, agus a bhlátha, béid don ccéadna.
32Agus tiucfuidh sé beangáin amach as a tháobh; trí beangáin don choinnleóir as aóntaobh, agus trí bheángáin don choinnleóir as an táobh eile:
33Trí bhulla déanta amhuil almóinne, maille re cnap agus blátha a néinbheangán; agus trí bhulla déanta amhuil almóinne annsa mbeangán oile, maille re cnap agus re bláth: mar sin ann sna sé beangánuibh thig amach as an ccoinnleóir.
34Agus annsa choinnleóir béid ceithre scála déanta cósmhuil re halmóinne, maille re cnapuibh agus re bláthuibh.
35Agus biáidh cnap faói dhá bheangán de, agus cnap faói dhá bheangán de, agus cnap fáoi dhá bheangan de, dó reír na sé mbeangán thig amach as an gcoinnleóir.
36A ccnaip agus a mbeangáin béid don ní céadna: biádh se uile na éanobair shloighthe dór fhíorghlan.
37Agus do dhéana tú a sheacht soillse sin: agus soillseóchuidh tú a sholus sin, lé ttiubhra solus anonn as a choinne.
38Agus béid a theanchuiridh sin, agus a mhiása smóil, dór fhíorghlan.
39 Do thalluinn dór fhiórghlan do dhéana sé é, maille ris na soithighibh sin uile.
40Agus tabhair haire go ndéana tú iad do réir a bpátruin, noch do taisbéanadh dhuit annsa tslíabh.
Currently Selected:
Exodus 25: Bedell
Highlight
Share
Compare
Copy
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.
Maintained by the British and Foreign Bible Society (BFBS) on behalf of the National Bible Society of Ireland (NBSI) and the Bible Society in Northern Ireland (BSNI)