Exodus 24
24
Caibidil XXIV.
Saothair chráibhtheach Mháoise. 12 Do bhi sé ar an tsliabh, maille ré Día dá fhichead ló agus da fhichead oidhche, na throsgadh.
1Agus a dubhairt sé ré Maóise, Tárr súás chum an TIGHEARNA, thu féin, agus Aáron, Nadab agus Abihú, agus seachdmhodhad do shinnsearuibh Israel; agus adhruidhsi a bhfad amach.
2Agus tiucfa Maóise amháin a ngar don TIGHEARNA: achd ní thiucfaid siadsan a bhfogus; ní mó rachas an pobal súas leis.
3Agus táinic Maóise agus do innis don phobal uile bhríathra an TIGHEARNA, agus á uile bhreitheamhnus; agus do fhreagradar an poball uile lé héanghuth amháin, agus a dubhradar, Na huile bhríathra noch do labhair an TIGHEARNA do dhéanaimne íad.
4Agus do scríobh Maóise bríathra an TIGHEARNA uile, agus do eirghe go moch air maidin, agus do thóg altóir san chnoc, agus dhá philéir dheúg, do réir dhá threibh dhéag Israel.
5Agus do chuir sé dáoine óga do chloinn Israel, noch do ofráil ofrála loisge, agus do iodhbuir íodhburtha síothchána do dhamhuibh don TIGHEARNA.
6Agus do ghlac Maóise leath na fola, agus do chuir a mbáisínibh í; agus do chroith sé leath na fola ar a naltóir.
7Agus do ghlac sé leabhar an chunnartha, agus do léigh a néisdeachd an phobuil: agus a dubhradarsan, A nuile ní a dúbhairt an TIGHEARNA, do dhéanam é, agus bíam umhal.
8Agus dó ghlac Mhaoise a nfuil, agus do chroith ar an bpobal í, agus do ráidh, Ag so fuil an chunnartha, do rinne an TIGHEARNA ribh a ttáobh na mbríatharsa uile.
9Annsin do chuáidh Máoise súas agus Aáron, Nadáb, agus Abihú, agus séachdmhoghad do shinnsearuibh Israel:
10Agus do chonncadar Día Israel: agus do bhí, fáoi na chosuibh mar do bheith óbair phábhalta do chloich Shaphir, agus amhuil do bhíadh corp neimhe ann a shoillse.
11Agus ar uáislibh chloinne Israel níor leag sé a lámh: mar sin do choncadar Día, agus a duádar, agus do ibheadar.
12Agus a dubhairt an TIGHEARNA re Maóise, Tárr chugamsa suas ar a tslíabh, agus bí ann sin: agus do bhéura misi claír chloiche dhuit, agus dligheadh, agus aitheanta do scriobh mé: ionnus go múinfe tusa dhóibh iád.
13Agus do eírigh Maóise súas, agus a mhinistir Iosua: agus do chuáidh Maóise súas ar shliábh Dé.
14Agus a dubháirt ris na sinnsearuibh, Fanuídhsi annso rin, nó go ttigeam a ris chugaibh: agus feáchuidh atá Aáron, agus Hur bhur bhfochair: má bhionn cúis ag duine ar bith re dhéanamh, tigeadh se chuca.
15Agus do chuáidh Maóise suás ann sa tslíabh, agus do fholuigh néul an sliábh.
16Agus do chomhnuigh glóir an TIGHEARNA ar shlíabh Sínái, agus do fholuigh an néull é sé lá: agus an seachdmadh lá do ghoir sé ar Mhaóise amach as lár an néill.
17Agus da bhí radharc ghlóire an TIGHEARNA cosmhuil re teinidh loisgnigh, ar mhullach an tsléibhe a súilibh chloinne Israel.
18Agus do chuaidh Maóise a lár an néill, agas ráinic sé súas ar a tslíabh: agus do bhí Maóise ar a tslíabh ceathrachad lá agus ceathrachad oidhche.
Currently Selected:
Exodus 24: Bedell
Highlight
Share
Compare
Copy
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.
Maintained by the British and Foreign Bible Society (BFBS) on behalf of the National Bible Society of Ireland (NBSI) and the Bible Society in Northern Ireland (BSNI)