YouVersion Logo
Search Icon

Exodus 21

21
Caibidil XXI.
Ata annso tionnsgnadh aír an eachd bhreathamhnuis, ordaigthe chum a bheith idir duine agus duine.
1Annois is íad so na dlighthe chuirfeas tú rompa.
2Má cheanchann tú seirbhíseach Eabhruigheach, sé blíaghna bhías se ág seirbhís: agus annsa seachdmhadh, rachuidh sé amach sáor gan éinni.
3Má tháinic sé leis féin a steach, rachuidh sé amach leis féin: má bhí sé pósda, ann sin rachaidh a bhean leis amach.
4Má thug a mhaighistir bean dó, agus go rug sí mic, agus ingheana dhó; biáidh an bhean, agus an chlann ag an maighistir, agus rachuidh seision amach leis féin.
5Agus má deir an seirbhíseach go follus, is ionmhuin liom mo mháighistir, mo bhean agus mo chlann; ní rachá mé amach sáor:
6Ann sin do bhéara an Mhaighistir chum na mbreitheamhan é; do bhéara sé mar sin chum ándoruis é, no chum ursain andoruis; agus tollfa a mhaighistir a chlúas tríthe lé meanadh; agus foigheonuigh sé dhó go bráth.
7Agus ma réacann duine a inghean do bheith na banóglaidh, ní rachaidh sí a mach mar do níd na nogláoich fear.
8Muna ttaitnidh sí ré na maighistir, noch do cheanguil leis féin í, ann sin léigfe se a fuasgladh: a reic re cineadh coimhightheach ní bhía cumhachda aige, ó rinne sé go cealgach ría.
9Agus ma cheanguil sé re na mhac i, Do dhéana ría do réir mhogha na ninghion.
10Má bheir sé bean eile; a beatha, a héadach, a dúalghas pósta ní laighdeocháoidh sé.
11Agus muna ndéarna sé na trí níse ría, ann sin rachaidh si amach sáor gan airgead.
12An té bhuailfeas neach, ionnus go néugfuidh sé, go deimhin cuirfighear chum báis é.
13Agus muna luighe duine a bhforaire, ach do seachoduigh Día na laimh é; ann sin cinnfe mise áit dhuit a tteithfidh sé.
14Ach má thig duine go dásachdach ar a chomharsain, dá mharbhadh le ceilg; béara tú óm altoir é, go bhfuighe bás.
15Agus an té bhúailfeas a athair, nó a mhathair, cuirfíghear go deimhin chum báis é.
16Agus an té ghadus duine, agus réacas é, no má gheibhtheár na láimh é, cuirfíthear go deimhin chum báis é.
17Agus an té mhalluigheas a athair nó a mhathair, cuirfíthear go deimhin chum báis é.
18Agus má imreasnuid daoine ré chéile, agus go mbuáilfidh áon an fear eile, do chloich, nó do dhorn, agus nach bhfuighe bás, ach go gcuimhdeochuidh a leabuidh:
19Ma éirghion sé a rís, agus go siubholuidh a mach lé na bháta, ann sin sáorfuighear an té do bhuáil é, amhain go níocfuidh sé ar son dúl amugha a aimsire, agus go ttiubhra fá deara a leighios go hiomlán.
20Agus ma bhuáileann duine a sheirbhíseach, nó a chailín, lé slait, agus go bhfuighe sé bás fáoi na láimh; dioghaltar air go deimhin é.
21Ach má mhairean sé lá no dhó, ní dhéantar dioghaltas air: óir is sé a airgead é.
22Má imreasnuid dáoine, agus go ngoirteochuidh bean torrach, ionnus go nimeochuidh a toradh uaithe, agus ar a shon sin nach leanfuidh olc ar bith dhe; coireochthar go deimhin air, do réir mar chuirfeas fear na mná air; agus díolfa mar óirdeochaid na breitheamhuin.
23Agus má leanann urchoid ar bith dhe, annsin do bhéura tú anam ar son anma,
24Súil ar shúil, fíacal ar fhíacuil, lámh ar láimh, cos ar chois.
25Loscadh ar son loiscthe, cneadh ar son chneidhe, buille ar son buille.
26Agus má bhuáileann duine súil a sheirbhísigh, no súil a chailín, lé a gcaillfidh í, léigfidh dhóibhimtheachd sáor ar son a súl.
27Agus má bhéanann sé fíacail as a sheirbhíseach fir, no fíalcail as a sheirbhíseach mná; leígfe dhóibh imhtheachd saór ar son a bhfíacal.
28Má loiteann damh fear nó bean, dá bhfuighíd bás: ann sin go deimhin clochfuighear an damh, agus ni hióstar a fheóil: ach saórfuighear sealbhadóir an daimh.
29Ach má ghnáthuigh an damh sathadh le na adharcuibh sa naimsir roimhe sin, agus gur fiaghnuiseadh sin dá shealbhadóir, agus nár choimhead sé a stigh é, ach gur mharbh sé fear nó bean; clochfuithear an damh, agus cuirfighear fós an sealbhadóir chum báis.
30Má leagthar suim airgid air, an sin do bhéara sé ar son fuasguilt a anma gidh bé ar bith leagfuighear air.
31Gidh bé aca do loit sé mac nó inghean, is do réir an bhreitheamhnuis so do dhéantar rís.
32Má loiteann an damh seirbhíseach fir nó seirbhíseach mná; do bhéura sé dá Maighistir triochad secel do airgiod, agus clochfuighear an damh.
33Agus má osclann duine poll, nó ma thochlann duine poll, agus nach bhfoileochuidh é, agus go ttuitfidh damh nó assal ann;
34Do dhéana sealbhadóir an phoill go maith é, agus do bhéura airgead don té ler leis íad; agus budh leis féin an beathach marbh.
35Agus má ghortuigheann damh aónduine, damh dhuine eile, go bfuighe sé bás; ann sin réacfuid, an damh beó, agus roinnfid a airgead; agus riomfid mar an ccéadna an damh mharbh.
36Nó má bhíonn a fhios go ngnáthuigheadh an damh sathadh se naimsir roimhe sin, agus nar choimhéad a shealbhadóir a stigh é; íocfaidh go deimhin damh ar dhamh; ach biáidh an marbh aige féin.

Currently Selected:

Exodus 21: Bedell

Highlight

Share

Copy

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in

YouVersion uses cookies to personalize your experience. By using our website, you accept our use of cookies as described in our Privacy Policy