YouVersion Logo
Search Icon

Exodus 20

20
Caibidil XX.
Atáid na Haitheanta ar na ntabhairt seach. 18 Lé criothnughadh agus uamhun an phobail.
1Agus do labhair Día na bríathra so uile, ag rádh,
2Is misi anTTIGHEARNA do Dhía, noch do thréoruidh thusa amach as talamh na Hégipte, as tigh na daóirse.
3Ní bhíaidh Día ar bith eile agad am láthairse.
4Ní dhéana tú dhuit féin iómháigh ar bith ghrábhalta, nó cosamhlachd ar bith éainneithebhfuil ar neamh shúas, nó dá bhfuil ar talamh shíos, no da bhfúil sa nuisge faói an talamh:
5Ní chláonfa tú, thú féin síos dóibh, nimo seirbhís do dheanamh dóibh: oír misi an TIGHEARNA do Dhía, is Día éadmhar , thig dféachuim pheacuidh na naithreadh ar an gcloinn, gus an treas agus an ceathramhadh glún don druing fhuathuigheas mé;
6Agus thaisbéanas trócaire do mhíltibh don luchd ghrádhuigheas mé, agus choimhéadas maitheanta.
7Ná tabhair ainm an TIGHEARNA Día go díomhaóin; oir ní mheasfuidh an TIGHEARNA neimhchiontach an té bheir a ainm go díomháoin.
8Cuimhnigh lá na sábóide, go náomhthócha é.
9Sé laéthe sháothrochuis tú, agus dheánas tú hobair uile:
10Ach sé an seachdmhadh lá sábóid an TIGHEARNA do Dhía: ní dhéana tú obair ar bith ann, tú feín, nó do mhac, nó hinghean, hóglach, nó do bhanoglach, no táirnéis, nó do choimhightheach atá táobh a stigh dot dhoirsibh:
11Oir ís a sé láethibh do rinne an TIGHEARNA neamh agus talamh a nfairge agus a nuile ni atá ionta, agus do scuir sé an seachdmhadh lá: uime sin do bheannuidh an TIGHEARNA lá na sábóide, agus da naomhuigh é.
12Onoruigh hathair agus do mhathair: ionnus go ma fada do laethe ar an ttalamh noch do bheir an TIGHEARNA do Dhía dhuit.
13Ní dhéana tú dúnmharbadh.
14Ní dhéana tú adhaltrannas.
15Ní dhéana tú goid.
16Ní bhéura tú fíaghnuisi bhréige a naghuidh do chomharsan.
17Ní shainteocha tú tigh do chomharsan, ní shainteocha tú bean do chomharsan, nó óglach do chomharsan, nó a bhanóglach, nó a dhamh, nó a assal, no énni is lé do chomharsaín.
18Agus do choncadar an pobal uile na tóirneacha, agus na tinnteacha, agus fuáim an sduic, agus an slíabh ag deatughadh: agus a nuáir do choncadar an pobal é, do athruigheadar, agus do sheasadar a bhfad uádh.
19Agus a dubhradar ré Maóise, Labhairsi rinne, agus cluinfiom: ach na labhradh Día rinn, deugla go bhfuighmís bás.
20Agus a dubhairt Maóise ris an pobal, Ná bíodh eagla oruibh: óir is do bhur ndearbhadh thainic Día, agus ionnus go mbía eagla as coinne bhur nagháidheadh, ionnus nach bpeacuigheadh sibh.
21Agus do sheas an pobal amach, agus do dhruid Maóise a ngar don dorchadas tiugh mar a raibh Día.
22Agus a dubhairt an TIGHEARNA ré Maóise, Is mar so déaras tú ré cloinn Israel, Do choncabhair gur labhair mé ribh ó neamh.
23Ní dhéantáoi maille riomsa dée airgid, ní mó do dhéantáoi dháoibh dée óir.
24Altóir do chriáidh do dhéana tú dhámhsa, agus iodhbóruidh tú uirre sin, hofrála loisge, agus hofrála síothchána, do cháoirigh, agus do dhaimh; sa nuile bhall a ttiubhra mé fa deara mainm do chuimhniughadh, tiucfa mé chugadsa, agus beannocha mé thú.
25Agus má ní tú altóir chloiche dhamh, ni thoigeobha tu i do chlochuibh snoighte: óir má thógbhann tú huirneis súas uirre, do thruáill tú í.
26Ní mó rachus tu súas lé coiscéimibh chum maltóra, ionnus nach biáidh do lomnochduighe ar na taísbeanadh uirre.

Currently Selected:

Exodus 20: Bedell

Highlight

Share

Compare

Copy

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in