YouVersion Logo
Search Icon

Exodus 22

22
Caibidil XXII.
Leanmhuine ar na reachduibh breitheamhnuis.
1Ma ghadann duine damh, nó caóra agus a marbhadh, nó má reacann sé í; aiseochuidh sé cúig daimh áir son an daimh, agus cúig caóirigh ar son na cáorach.
2Má ghéibhthear gaduighe ag briseadh súas, agus go mbuáilfighear é go bhfuighe bás, ní dóirtfighear fuil ar a shon.
3Má eirgheann an ghrían air, dóirtfighear fuil thríd; oír do dhéanadh sé aisioc iomlán; muna raibh éinní aige, annsin reacfuighear é ar son a ghaduigheachda.
4Má geibhthear go dearbhtha án ghníomh ná láimh beó, madh damh, madh assal, nó caóra é; aiseochuidh dúbalta é.
5Má bheir duine fá deara machaire nó fíneamhuin dithe, agus go gcuirfidhe a bheathach ann, agus go níosuidh machaire dhuine eile; don chuid is feárr dá mhachaire féin, nó don chuid is feárr dá fhíneamhuin, do dhéuna sé aisioc dhó.
6Má bhriseann teine amach, agus go ttéigheamhuidh a ndosanuibh ionnus go loisgfidhear na cruachibh arbha nó án tarbhar na sheasamh, nó an machaire, an té do adhuin an teine, go deimhin do dhéana se aisioc.
7Ma bheir duine dá chomharsuin airgead nó éadail a ttaiscidh, agus go ngadfuighear sin as tigh an duine; má gheibhthear an gaduighe, díoladh sé dúbalta é.
8Muna fhaghthar an gaduighe, ann sin do bhéurthar maighistir an tighe chum na mbréathamhan dá fhéachuin nar chuir a lamh a maitheas a chomharsan.
9Ar son a nuile ghné sháruighthe, ar son a daimh, nó ar son a assaíl, ar son cáorach, ar son éaduigh, nó ar son áoin ghné neithe théid a mugha, noch agrus neach eile, is leis fein, tiucfa cúis an dá rann a lathair na mbreitheamhan, gidh bé dháorfuid na breitheamhuin, íocfa sé dúbalta ré na chomharsain.
10Má bheir duine dá chomharsuin, assal, no damh, nó cáora, nó beathach ar bith dá chumhdach, agus go bhfuighe bás, no go loítfighear, nó go rugadh ar siubhal é, gan áonduine dá fhaicsin:
11Ann sin biáidh mionna an TIGHEARNA éatorra aráon, nach ar chuir seision a lámh a máoin a chomharsan; agus géuhhuidh an seal bhuighe sin úadh, agus ní dhéana seision go maith é.
12Agus má gadthar uadh é, do dhéana sé aisioc don tsealbhuighe léar leis é.
13Má réubthar ó chéile é, ann sin tugadh leís mar fhíadhuine é, agus ní dhéana go maith an ní do réubadh.
14Agus ma áirleagann duine éinní ó na chomharsuin, agus go loitfighear é, nó go bhfuighe bás, agus gan an sealbhuighe a lathair, do dheantar go maith é go deimhin.
15Achd má bhíonn an sealbhuidhe a lathair, ní déana sé go maith e: mas (ní) ar lúach saothair é, tháinic sé ar son a lúach sáothair.
16Agus má chealgann duine maighdean nach bhfuil dáltach, agus go luighfe sé lé, do bhéura sé go deimhin crodh dhi, chum a beith na mnaoi aige.
17Ma dhíultann a hathair ar gach éanchor a tabhairt dó, diolfaidh sé airgead do réir chruidh na maighdine.
18Ní fhuíleonga tú bean phiseógach do mharthuinn.
19Gidh bé ar bith luighfeas lé béathach, cuirfighear go deimhin chum báis é.
20Gidh bé iodhbórus do Dhía ar bith, achd don TIGHEARNA amháin, scriosfuighear é go léir.
21Ní bhuaidheóra tú agus ni bhrúighfe tú coimhightheach: óir do bhábhair féin bhur ccoimhightheachuibh a gcrích na Hégipte.
22Ní dhéana tú léathtrom air bhaintreabhuidh, nó ar dhíleachda air bith.
23Má ghortuigheann tú íad ar éanchor, agus a ccomhairc do theachd chugamsa, éisdfe mé go deimhin á ccomhairc;
24Agus lasfuidh mfearg, agus muirfidh mé sibhsi leis an gcloidheámh; agus béid bhur mná na mbaintreabhachuibh, agus bhur gclann na ndíleachduigh.
25Má airleagann tú airgead déanduine dom phobal atá bochd láimh riot, ní bhía tú amhuil úsuire ris, ní mó chuirfeas tú úsuireachd air.
26Má ghlacann tú ar chor ar bithéadach do chomharsan a ngeall, seachóduigh tú dhó é, fá am gréine do dhul fáoi:
27Oír is é sin a fholach a mhain, is é a chulaidh dhá chroiceann é: cread ann a ccoideoluigh sé? agus tiocfa a ccrích, a nuáir éighfeas orumsa, go ccluinfe mé é; óir ataim grásamhuil.
28Ní mhaisleocha tú na dée, ní mhailleocha tú ríaghlóir do phobuil.
29Ní dhéana tú failligh primidil do thórtha abuidh, agus do dhighe dofrail: ceidghin do mhac do bhéura tú dhamhsa.
30Mar an gcéadna do dhéana tú réd dhamhuibh, agus réd cháorchuibh: seachd lá bhías sé aga mhathair; ár an ochdmhadh lá do bhéura tú dhamhsa é.
31Agus beithí bhur ndáoinibh náomhtha dhamhsa: ní mó óistáoi feóil ar bíth fráoilfíghear lé beathuighibh san mhachaire; teilgfidhe chum na madrá é.

Currently Selected:

Exodus 22: Bedell

Highlight

Share

Copy

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in

YouVersion uses cookies to personalize your experience. By using our website, you accept our use of cookies as described in our Privacy Policy