YouVersion Logo
Search Icon

Exodus 19

19
Caibidil XIX.
Thaisbein Día é féin a sliabh Sinai. 10 Dorduigh sé do Mhaoise a iarraidh ar an phobul a naomhughadh fein, accoinne a reachd a fhaghala.
1Annsa treas mhi a nuáir dó chuadar clann Israel amach as crích na Hégipte, an lá céadna thangadar go fásach Sínai.
2Oir do bhádar ar nimtheachd ó Réphidim, agus tangadar go díothramh Sinai, agus do chomhnuigheadar san bhfásach; agus ann sin do rinneadur clanna Israel comhnuighe as coinne an tsléibhe.
3Agus do chuáidh Maóisi súas go Día, agus do ghoir Día air as a tslíabh, ag rádh, Is marso deurá tú re tigh Iácob, agus innis do chloinn Israel;
4Do choncamhair cred do rinne mé ris na Hégiptibh, agus cionnus do iomchuir mé sibhsi ar eitibh iolair, agus tug mé chugam feín sibh.
5Anois uime sin, má umhluighthigh dom ghuth daríribh, agus mo chunnradh do chomhall, annsin beithí mar nionmhus diongmháladh agam os cionn gach uile phobal: óir is liomsa an talamh uile:
6Agus beithi agum bhar rioghachd sagart, agus bhar gcineadh naomhtha. A siad so ná bríathra labheorus tú re cloinn Israel.
7Agus táinic Maóise, agus do ghoir sé ar shinsearuibh an phobuil, agus do chuir as a ccoinne na bríathra so uile, noch do aithin an TIGHEARNA dhe.
8Agus do fhreagradar an pobal uile a néinfheachd, agus a dubhradar, a nuile ní do labhair an TIGHEARNA do dhéanuim é. Agus do fhill Maóise bríathra an phobuil chum an TIGHEARNA.
9Agus a dubhairt an TIGHEARNA re Maóisi, Féuch, tigimse chugad a neull tiugh, chor go gcluinfid an pobal a núair laibheórad riot, agus go ccreidfid thú go bráth. Agus do innis Maóise briathra an phobuil don TIGHEARNA.
10Agus a dubhairt an TIGHEARNA re Maóisi, Eirigh gus an bpobal, agus naómhuidh iad a niugh agus a márach, agus nighedís a néaduighe,
11Agus bithi réigh a gcoinne an treas lá: óir an treas lá thiucfas an TIGHEARNA a núas a namharc an phobuil uile ar slíabh Sínai.
12Agus cuirfe tu teóranna ré huchd an phobail timchioll fa ccuáirt, ag rádh, Tugaidh aire dháoibh féin, nach rachthaoi súas ar an tslíabh, no nach beanfuidhe re na imeal: gidh be bheanfus ris a tslíabh, go deimhin cuirfighear chum báis é:
13Ni bhainfe lámh ris, ach go deimhin clochfuighear é, no goinfighear thríd é, mas ainmhidhe é nó duine, ni mhairfe sé: a nuair sheidfeas se an stoc go sínteach, tíucfaid súas chum na tsléibhe.
14Agus do chuaidh Maóise síos ón tslíabh chum an phobuil, agus do náomhuigh an pobal; agus do nígheadar a néuduighe.
15Agus a dubhairt sé ris an bpobal, Bithi reidh a ccoinne an treas lá: na tigidh a ngar bhur mban.
16Agus tárla an treas lá air maidin, go rabhadar tóirneacha agus tinnteacha, agus neul tiugh ar a tslíabh, agus guth an sduic ro árd; ionnus gur criothnuigheadar a raibh do dhaóinibh annsa champa.
17Agus tug Maóise an pobal amach as an ccampa do theagmháil re Día; agus do sheasadar ag an gcuid íochdaruigh don tslíabh.
18Agus do bhí slíabh Sínai uile fá dheatuigh, do chionn gur thuirling an TIGHEARNA air a tteinidh: agus do chuáidh a dheatach suás amhuil dheatach fuirnise, agus do chriothnúigh an slíabh uile go mór.
19Agus a nuair do fhuáimnigh guth an sduic a bhfad, agus do fhás níos airde, do labhair Maóise, agus do fhreagair Día é re guth.
20Agus táinic an TIGHEARNA a núas ar shlíabh Sínai, ar mhullach an tsléibhe: agus do ghoir an TIGHEARNA Maóise súas go mullach an tsléibhe; agus do chuáidh Maóise súas.
21Agus a dubhairt an Tighearna re Maóise, Eirigh síos, aithin don phobal deagla go mbrisfidís thríd chum an TIGHEARNA dá fhéitheamh, agus go dtuitfeadh morán díobh.
22Agus na sagairt mar an gceádna, noch thig a bhfogus don TIGHEARNA, naomhaidis íad féin, deagla go mbrisfeadh an TIGHEARNA amach órra.
23Agus a dubhairt Maóise rís anTTIGHEARNA, Ní fhéadaid an pobal dul súas ar shlíabh Sínai: óir do aithin tusa dhínn ag radh, Cuir tóranna timchioll an tsléibhe, agus naomhaidh é.
24Agus a dubhairt an TIGHEARNA ris, Imthigh romhad, éirigh siós, agus tiucfa tú a niós, thú féin, agus Aáron leachd: agus ná léig do na sagartuibh, agus don phobal briseadh thríd, do theachd suás chum an TIGHEARNA, deaglá go mbrisféadh sé amach orra.
25Marsin do chuáidh Maóise síos gus an bpobal, agus do labhair sé riú.

Currently Selected:

Exodus 19: Bedell

Highlight

Share

Compare

Copy

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in