Exodus 18
18
Caibidil XVIII.
Táinic Ietro athair chliamhuin Mhaoise dá fhiosrughadh. 13 Daóntuigh Maoise da dheagh chomhairle.
1A nuair do chualuidh Ietro sagart Mhídian, clíamhuin Mhaóise, a nuile ní do rinne Día ar son Mhaóise, agus ar son Israel a phobál féin, agus go rug an TIGHEARNA Israel amach as a Négipt;
2Ann sin rug Ietro, clíamhuin Mhaóise, Sipporah, bean Mhaóise leis tar éis a cur ar a hais;
3Agus a días mac; dar bhainm dáon díobh Gersom; óir a dubhairt sé, Do bhí mé am choigcríoch a ttír choimthigh.
4Agus dob é ainm an fhir eile Elieser: óir dob é Día máthar mo chúngantach, agus do sháor mé ó chloidheamh Phárao:
5Agus táiníc Iétro, cliamhuin Mhaóise, maílle ré na mhacuibh agus lé na mhnáoi go Maóise don fhásach, mar a ndearna sé foslungphurt a slíabh Dé:
6Agus a dubhairt sé re Maóise, Mísi do chlíamhuin Iéthro, tháiníc mé chugad, agus do bhean, agus á dhías mac lé.
7Agus do chuáidh Maóise a mach a ccoinne a chleamhna, agus do rinne umhla agus tug póg dhó; agus do fhiafruigh gach neach dhiobh dá chéile cionnus do bhádar: agus tangadur don lóistín.
8Agus do innis Maóise da chlíamhuin a nuile ní do rinne an TIGHEARNA ré Phárao agus ris na Hégiptibh ar son Israel, agus a nuile aisdior dá ttainic orra ann sa tslighe, agus cionnus do sháor an TIGHEARNA íad.
9Agus do gháirdigh Iethro ar son na huile mhaítheasa dá ndearna an TIGHEARNA do Israel, noch do sháor sé as lámhuibh na Negipteach.
10Agus a dubhairt Iétro, Gó madh beannuighe an TIGHEARNA, noch do sháor sibh ó lamhuibh na Négipteach, agus as lamh Pharao, noch do shaor na daoine ó bhe faói lamh na Negiptach.
11Annois aithnighim gur mó an TIGHEARNA ná a nuile dhée: óir ann sa ní ann ar bheanadarsan go huáibhreach do bhí sé ós a ccionn.
12Agus do ghlac Iethro, clíamhuin Mhaóise, ofráil loiscthe, agus iodhbartha do Dhía: agus táinic Aaron, agus sinnsir Israel uile, dithe aráin lé chíamhuin Mhaóise a bhfiaghnuisi Dé.
13Agus tárla ar na mhárach, gur shuigh Maóise do bhreithniughadh an phobail: agus do sheasadar an pobal ag Maóise ó mhaidin go tráthnóna.
14Agus a nuáir do chonnairc clíamhuin Mhaóise a nuile ní do rinne sé ris an bpobal, a dubhairt sé, Cread an nisi do ní tú ris an bpobal? cread as a suigheann tú féin ad áonar, agus an pobal uile na seasamh agad, ó mhaidin go tráthnóna?
15Agus a dubhairt Maóise ré na chlíamhuin, Do chionn go ttig an pobal chugam do cheasnughadh um Dhía:
16A nuáir bhías cúis aca, tigid chugamsa; agus beirim breath idir gach dá rann, agus do bheirim orra fios reachda Dé, agus a dhlighe do bhaith aca.
17Agus a dubhairt clíamhuin Mhaóise ris, An read do ni tú ní maíth é.
18Caithfe tú as go deimhin, áraon thú féin, agus an pobalsa ad fhochair; óir is rothrom an ní si dhuit; ní héidír dhuit a chomhlíonadh, thú féin ad áonar.
19Eíst annois ream ghuthsa, do bhéura mé comhairle dhuit, agus biáidh Día maille riot: Bídhsi ar son an phobuil leath ré Día; chor go mbéura tú a ccúis go Día:
20Agus múinfe thu órduighthe, agus dlighthe dhóibh, agus taisbéanfa tú dhóibh an tslighe ann a ccaithfid síad siubhal, agus a nobair chaithfid síad do dhéunamh.
21Os a chionn so; gléasfa tú as an bpobál uile dáoine acfuinneacha, drong ar a mbí eagla Dé; dáoiné fírinneacha, fhuathuigheas saint; agus cuir ós a ccionn íad, uachdarain mileadh, uachdarain céad, uachdarain cáogad, agus uachdaráin deithneamhuir:
22Agus breathnuighidis an pobal ann gach uile am: agus is amhla bhías, go dtiubhruid chugadsa a nuile cúis mhór, ach gach uile chúis bheag breithneochuid féin: mar sin bhias socamhlach dhuitse, agus iomchoruidsion an túalach maille leachd.
23Má ní tú an ní si, agus go naitheonuidh Día sin díot, ann sin bhus éidir leachd a iomchar, agus an pobalsa mar an gcéudna rachuid da náit féin a síothcháin.
24Mar sin do éist Maóise re guth a chleamhna, agus do rinne a ndubhairt sé uile.
25Agus do thogh Maóise dáoine iomchubhuidh as Israel uile, agus do rinne sé nachdaráin díobh ós cionn an phobuil, uachdaráin mileadh, nachdaráin chéad, uachdaráin chaoghad, agus uachdarain dheithneamhuir.
26Agus do nídís breitheamhnus ar an bpobal gach uile uáir: na cúise cruaidhe do bherdís go Maóise, achd gach uile chuis bheag do réighedís fein.
27Agus do léig Maóise dá chliamhuin imtheachd; agus do chúaidh sé dá dhuthaigh féin.
Currently Selected:
Exodus 18: Bedell
Highlight
Share
Compare
Copy
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.
Maintained by the British and Foreign Bible Society (BFBS) on behalf of the National Bible Society of Ireland (NBSI) and the Bible Society in Northern Ireland (BSNI)