Exodus 12
12
Caibidil XII.
Do ordaigh Día an cásg. 29 Tainig an deachmhadh pláigh. 31 Chuaidh sé céd míle fear amach as Egipt.
1Agus do labhair an TIGHEARNA re Maóise, agus re Háaron a gcrích na Hégipte, dá rádh,
2Is í an mhíse bhías aguibhsi na tosach míos: is í bhus céad mhí don bhlíadhuin díbh.
3Labhruidhsi re comhthional Israel uile, ga rádh, An deachmhadh lá don míse glacfuidh síad chuca gach áonduine aca úan, do réir thighe a naithreach, úan, ar son gach éintighe.
4Agus má bhíonn an teaghlach ro bheag do núan, glacadh seision é agus a chomharsa is foigse dhá thigh do reir uibhre na nannman; do dhéanuidh gach áonduine do réir mar íosas sé do chuntas ar son a nuáin.
5Biáidh bhur nuáin gan toibhéim, firionnach don chéidbhliadhuin: beanfuidhe ó na cáorchuibh, nó ó na gabhruibh é:
6Agus coinneochtáoi aguibh é go nuige an cceathramadh lá déag don mhí chéadna: agus muirfidh comhchruinniughadh iomlán phobuil Israel é tráthnóna.
7Agus glacfuidh síad cuid do nfuil, agus buáilfid í ar dhá ursoinn agus ar fhárdorus na ttightheadh, a níosuid síad é.
8Agus íosuid síad a nfeóil a noidhche sin, rósta ré teinidh, agus arán gan laibhín; re luibheannuibh searbha íosuid síad é.
9Ná hithidh éinní dhe amh, nó bruithe le huisge ar éanchor, achd rosta lé tinidh; a cheann maille re na chosa, agus maille ré a mbeanann ris.
10Agus ní fhuigfidhe éinni dhe go maidin; agus an mhéid bhías gan ithe dhe go maidin loisgfidhe é le teinidh.
11Agus is mar so íostáoi é: maille re bhur bhfordhronnuibh criosluighthe, bhur mbróga ar bhur ccosuibh, agus bhur mbata an bhur láimh; agus íostáoi go deithneasach é; sé cáisg an TIGHEARNA é.
12Oír racha misi tré chrích na Hégipte a nochd, agus buáilfead a nuile chéidghin aittír a Négipt, idir dhuine agus bheathach; agus daimhdheóin uile dhée na Hégipte cuirfeadh breitheamhnus a gcrích: as misi an TIGHEARNA.
13Agus biaidh a nfuil aguibhse mar chomhartha ar na tighthibh a mbeithí: agus a nuáir do chífe misi a nfuil, racha mé thoruibh, agus ní bhía an phláigh oruibh da bhur marbhadh, a nuáir bhuáilfeas mé críoch na Hégipte.
14Agus biáidh an lása aguibhsi mar chuimhne: agus cuimhdeochtháoi é mar fhéusda don TIGHEARNA ar feadh bhur sáoghuil; cuimhdeochtháoi é mar fheúsda maille ré hórdughadh síorruidhe.
15Seachd lá íostáoi arán gan laibhín; eadhon an chead lá cuirfídhe amach an laibhín as bhur ttighthibh: óir ciodh bé ar bhith íosas arán laibhín ón chead lá go nuige an seachdmhadh lá, gearrfhuighear amach an tanam sin ó Israel.
16Agus a chead lá bíodh aguibh comhghairm náomhtha, agus air a seachdmhadh lá biodh agaibh comhghairm náomhtha: ní dhéantar éinghné oibre ionta achd amháin an ní chaithfeas gach aonduine dithe, sin amhain is éidir libh a dhéanamh.
17Agus cuimhdeochtháoi féusda a naráin gan laibhín; óir is ann sa ló chéadna sin tug misi bhur sluagh amach as crích na Hégipte: uime sin coimhéud fáoi an lása feadh bhur sáoghuil maille re hórdughadh síorruidhe.
18Ann sa chéad mhí ar an cceathramhadh lá déug don mhí trathnóna íostáoi arán gan laibhín, nó go ttí an táonmhadh lá fichiod don mhi tráthnóna.
19Ar feadh seachd lá ní fhuighthear laibhín ar bith an bhur ttighthibh: óir gidh bé ar bith íosas é an a bfuil laibhín, gearrfuighear go háirighe an tanamsin amach ó choimhthionól Israel, madh coimhigheach é nó duine rugadh san tír.
20Ni íostai éinni ar a mbía laibhín; an bhur nuile thigthibh íostáoi arán gan laibhín.
21Ann sin do ghoir Maóisi ar uile shinnsear Israel, agus a dubhairt ríu, Tigidh amach, agus glacuidh chuguibh úan do réir bhur muinntire, agus marbhuidh an casg.
22Agus glacaidh ceanglachán iosóipe, agus tumaidh é san bhfuil, noch bhías annsa bhaisín, agus buáilidh an fárdorus agus an dá ursuinn leis an bhfuil bhías annsa bháisín; agus ni rachuidh áonduine aguibh amach as dorus a thighe go maidin.
23Oír rachaidh an TIGHEARNA ar fadh do bhúaladh na Hégipte; agus a nuáir do chífe sé a nfuil ar a bhfárdorus, agus ar a dá ursainn, géubhuidh an TIGHEARNA thar a ndorus agus ní léigfe don mhillteóir teachd a steach ann bhur ttighthibh dá bhur mbúaladh.
24Agus coinneochtháoi so mar órdughadh dhaóibh fein agus dá bhur ccloinn go bhráth.
25Agus teigeomhuidh, a nuáir thiucfuidhe ann sa dúthaigh bhéuras an TIGHEARNA dhíbh, do réir mar do gheall sé, go ccuimhdeochtháoi an tserbhíse.
26Agus teigeomhuibh, a nuáir a déaras bhur cclann ribh: Ciodh as cíall daóibh annsa tserbhíse?
27Go naibeortháoisi Gurob í sin iodhbuirt chásg an TIGHEARNA, noch do sheachuin tighthe cloinne Israel san Négipt, a nuáir do bhuáil se na Hégiptigh, agus do sháor ar dtighthene. Agus do chromadar an pobal a cinn agus do adhradar.
28Agus do imthigheadar clann Israel, agus do rinneadar mar do aithinn an TIGHEARNA do Mhaóisi, agus do Aáron, is mar sin do rinneadar.
29Agus táinic a ccrich, san meadhon oidhche gur bhuail an TIGHEARNA a nuile chéidghin a dtir a Négipt, ó chéidghin Phárao noch do shuidh na chathaóir ríogha, go céidghin na braighde do bhí san phríosún; agus a nuile chéidghin na hairnéisi.
30Agus do éirígh Phárao san noidhche, é féin agus a mhuinntir uile, agus na Hégiptigh uile, agus do bhí gaír ghuil mhóir san Négipt; oir ní raibh tigh gan duine marbh ann.
31Agus do ghoir sé ar Mhaóise agus ar Aáron san noidhche, agus a dubhairt, Eirgidh súas, agus imthigh amach ó bheith a measg mo Phobail, sibh féin agus clann Israel; agus éirgidh, déanuidh serbhís don TIGHEARNA, mar a dubhrabhair.
32Mar an gcéadna beiridh bhur ttréada agus bhur nealbhadha libh, mar a dubhrabhair, agus ímthighidh; agus beannuighidh misi mar an gcéadna.
33Agus do bhadur na Hégiptigh duthrachtach ar an bpobal chum go gcuirdís amach as a talamh íad, go deithneasach: óir a dubhradar, As daóine marbha sin uile.
34Agus rugadar na daóine a ttáos leó, suil do bhí sé a laibhín, air mbeith dá loistibh fuinte ceangailte suas a néaduighibh ar a ngúaillibh.
35Agus do rinneadar clann Israel do réir bhréithre Mhaóise; agus do airliceadar óna Hégiptibh seóid airgid agus seóid óir, agus éaduighe:
36Agus tug an TIGHEARNA fabhar don phobal a bhfiaghnuise na Négipteach, ionnus go ttugaidís dóibh na neithe do íarradar orra. Agus do shladadar na Hégiptigh.
37Agus do ghluaiseadur clanna Israel ó Rameses go Succot, timchioll sé cead míle fear dá ccois, taobh amuigh do leanbuibh.
38Agus mar an gceadna do chuadar mórán daoine cumaisce leó súas; agus tréada agus ealbhadha, rómhóran áirnéise.
39Agus do bhruitheadar bairgheana gan laibhín don táos noch thugadar leó amach as a Négipt, óir ní raibh laibhín air: óir do dingeadh amach as a Négipt íad, agus níor fhéadadar fuireach, ní mó do ullmhuigheadar bíadh ar bith dhóibh féin.
40Agus cuáirt chloinne Israel, noch do chomhnuigh san Négipt, bá ceithre chéad, agus tríochad bliadhan é.
41Agus tárlá ar gríochnughadh na gceithre ccéad agus na ttríochad blíadhan, an lá sin féin, go ttáinic a gcrich gur imthigheadar sluagh an TIGHEARNA uile amach as a Négipt.
42Is oidhche sin re coimheád go mór don TIGHEARNA, ar son a ttabhairtsion ámach as crích na Hégipte: sí so a noidhche sin an TIGHEARNA re na coimhéad ag clannuibh Israel uile ann a ngeinealachuibh.
43Agus a dubhairt an TIGHEARNA re Maóise agus re Háaron, Se so ordughadh na cásg: Ní iósaidh coimhightheach ar bith dhe:
44Ach serbhíseach gach áonduine ceinneachthar ar airgead, a nuair thimchillgheárfus tú é, ann sin íosaidh sé dhe.
45Fear éanuáire nó serbhíseach túarusduil ni íosuidh sé dhe.
46A néuntigh amháin íostar é; ni bhéura tú éinní do nfeóil amach as a tigh; ni mó bhrisfidhe cnáimh dhe.
47Do dhéanuid coimhthionol Israel uile é.
48Agus a nuair do dhéana coimhightheach comhnuighe ad fhochair, agus choimheadfas an chaisg don TIGHEARNA, timchillgheárthar a chlánn mhac uile, agus ann sin tigeadh a bhfogus agus coimhéadadh é; agus biaidh sé mar aon bhearthar san tír: oír ni íosuidh éainneach gan timchillghearradh é.
49Endligheadh amháin bhías ag an té bhearthar san tír, agus ag an ccoimhightheach choimhneochus bhur bhfocair.
50Marso do rinneadar clann Israel; fa mar do aithin an TIGHEARNA do Mháoise agus do Aáron, mar sin do rinneadur.
51Agus tárla an lá sin féin, go ttug an TIGHEARNA clann Israel amach as a Négipt ré na slúaghuibh.
Currently Selected:
Exodus 12: Bedell
Highlight
Share
Compare
Copy
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.
Maintained by the British and Foreign Bible Society (BFBS) on behalf of the National Bible Society of Ireland (NBSI) and the Bible Society in Northern Ireland (BSNI)