Exodus 11
11
Caibidil XI.
Do bhagair Máoise ó Dhía, an deachmhadh pláigh ar Phárao.
1Agus a dubhairt an TIGHEARNA ré Maóise, Do bhéara mé fós éanphláigh amháin eile ar Phárao agus ar a Négipt: na diaigh sin leigfidh sé dhíbh imtheachd as so; a nuáir léigfidh sé dhíbh imtheachd: dingfidh sé go deimhin as so amach go hiomlán sibh.
2Lábhair a nois a néisdeachd an phobail, agus faghadh gach éanduine áirleagadh ó na chomharsuin, agus gach áonbhean ó na comharsuin seóid airgid, agus seóid óir.
3Agus tug an TIGHEARNA fabhar don phobal a radharc na Négipteach. Os a chionn sin do bhí an tóglach Maóise, ro mhór a ccrích na Hégipte, a radharc mhuinntire Phárao, agus a suilibh an phobuil.
4Agus a dubhairt Maóise, Is mar so a deir an TIGHEARNA, Timchioll mheadhón oidhche, racha mé amach a lár na Hégipte:
5Agus do ghebha céidghin gach áonduine ar feadh na Hégipte bás, ó chéidghin Phárao noch shuidheas ann a chathaoir ríogha, go céidghin an chailín tserbhíse atá ar chúl an mhuilinn; agus ceidghin a nuile bheathach.
6Agus béid comhairc ar feadh chríche na Hégipte uile, is nach raibh a leithid, agus nach bía a leithid ní si mhó go bráth.
7Ach ní chorróchuidh madradh a theangadh a naghuidh éanduine do chloinn Israel, a naghuidh duine nó beathuigh: ar chor go mbía a fhios aguibh cionnus chuírios Día idirdhealadh idir na Hégiptibh agus Israel.
8Agus íad so do sherbhísighse uile, tiucfaid siad síos chugamsa, agus cláonfuid íad féin síos damhsa, dha rádh, Eirigh amach, agus a nuile phobal leanas tú: agus na dhiaigh sin racha misi amách. Agus do chuáidh sé amach ó Phárao air lasadh re feirg.
9Agus a dubhairt an TIGHEARNA ré Máoise, Ni éistfidh Phárao riotsa; iondus go meideochthaoi mo iongantasa a ccrích na Hégipte.
10Agus do rinne Maóisi, agus Aáron na hionganta so uile a lathair Phárao: agus do chrúadhuigh an TIGHEARNA croidhe Pharao, ionnus nar léig do chloinn Israel imtheachd amach as a dhúthaidh.
Currently Selected:
Exodus 11: Bedell
Highlight
Share
Compare
Copy
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.
Maintained by the British and Foreign Bible Society (BFBS) on behalf of the National Bible Society of Ireland (NBSI) and the Bible Society in Northern Ireland (BSNI)