YouVersion Logo
Search Icon

Exodus 13

13
Caibidil XIII.
Deísteachd an phobuil do Dhía, ar na dhaingnuighadh. 21 Stiúradh agus didean Dé orra trés an dá cholumhna, neill agus theineadh.
1Agus do labhair an TIGHEARNA re Maóise, ag radh.
2Coisrig dhamhsa gach én chédghin, gidh bé ar bith fhoisceolus an bhrú a measc chloinne Israel, idir dhine agus bheathach: is liomsa é.
3Agus a dubhaírt Maóisi ris an bpobal, Cuimhnighidh an lá so, a ttangabhair amach as a Négipt, as tigh na daóirse: óir is maille re neart láimhe thug an TIGHEARNA amach sibh as a náitse: ní hiostar arán laibhín.
4San ló aniugh thangabhair amach, a mí abib.
5Agus teigéomhuidh á nuair bhéurus an TIGHEARNA sibh go crích na Gcanaaníteach, agus na Hititeach, agus na Namoriteach, agus na Hibhíteach, agus na Iebusiteách, noch do mhionnuigh sé dod aithribhsi go ttiubhradh dhuit, fearann fa thuile bhainne agus mheala, go gcoimhéadfuidh tú an tserbhísi ann sa míse.
6Seachd lá iósas tú arán gan laibhin, agus annsa seachdmhadh lá, biaidh lá sáoire don TIGHEARNA.
7Arán gan laibhin ióstar seachd lá; agus ní faicfidhear arán laibhín agad, agus ní mó cífidhear laibhín agad an do cheathramhnuibh uile.
8Agus inneósa tú dod mhac ann sa lasin ag rádh, Do rinneadh so do chionn an neithe do rinne Día riumsa, a nuáir tháinic mé amach as a Négipt.
9Agus biáidh mar comhartha dhuitsi ar do láimh, agus mar chuimhne eidir do shúilibh, ionnus go mbía dligheadh an TIGHEARNA ad bhéul: óir is lé láimh láidir thug an TIGHEARNA amach as Négipt thú.
10Cuimhdeocha tú ar a nadhbhursin an tórdughadhas na am féin ó bhliadhuin go blíadhuin.
11Agus teigeomhuidh a nuáir bhéurus an TIGHEARNA thú go crích na Gcanáaníteach, fá mar mhionnaidh sé dhuit féin agus dod aithribh, agus do bhéura dhuit é.
12Go ccuirfe tú ar leith don TIGHEARNA a nuile ghein osclus an bhrú, agus a nuile chéadthuismeadh thig ó bheathach noch is leachtsa; na firionnuigh is leis anTTIGHEARNA.
13Agus gach én chéd shearrach assail fuáisgéola tú é le húan; agus muna fhúasglair é, ann sin brisfe tú a mhuinéul: agus a nuile chédghein bhearthair do dhuine a measg do chloinne, fuáisgéola tú é.
14Agus biáidhsin a nuair fhíafrochas do mhac dhíot sa naimsir atá ag teachd, ag rádh, Cread é so? Go naibéora tú leis, le neart láimhe thug an TIGHEARNA sinne amach as a Négipt, ó thigh na daóirse:
15Oir tarla a nuair, fár dheacair le Phárao léigean dúinn imtheachd, gur mharbh an TIGHEARNA a nuile chédghin a ccrích na Hégipte, araon cédghin an dúine, agus cédghin a nainmhidhe: uime sin do ním iodhbuirt don TIGHEARNA, a nuile fhirionnach fhosclas an bhrú; ach cédghin mo chloinne fúasgluim.
16Agus biaidh na chomhartha ar do láimh, agus mar éadanán idir do shuilibh: óir le neart láimhe thug an TIGHEARNA, amach sinn as a Négipt.
17Agus tárla, a nuáir do léig Phárao don Phobal imtheachd, nach ar thréoruidh Día iad tré shlighe talmhan na Bhphilistíneach, gidh go raibh sin aithghearr: óir a dubhairt Día, Deágla go tteigéomhadh go mbía aithreachus ar an bpobal a nuair do chífidís cogádh, agus go bhfillfeidís do Négipt:
18Ach do thréoruídh Dia an pobal fá ccuáirt tré shlighe fhásuigh na Mara ruáidhe: agus do chúadar clann Israel suás ughmuighthe amach as crích na Hégipte.
19Agus rug Maóisi cnámha Ióseph leis: óir tug sé mionna ar chloinn Israel ag radh, Tiucfa Día go deimhin dá bhur bhfiosrughadh; agus béurtháoi mo chnámhasa as so libh.
20Agus do ghluáiseadar ó Succot, agus do rinneadar foslungphuirt a Netam, a nimeal a nfásuigh.
21Agus do chuáidh an TIGHEARNA rompa san ló a bpíleir néill, do mhúnadh na sligheadh dhóibh agus sa noidhche a bpíleir thíneadh, do thabhairt soluis dóibh, do imtheachd do ló agus doidhche.
22Níor chorruigh sé úatha an piléir néill san ló, nó an piléir tineadh sa noidche, as fiadhnuise an phobuil.

Currently Selected:

Exodus 13: Bedell

Highlight

Share

Compare

Copy

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in