YouVersion Logo
Search Icon

Ester 7

7
Caibidil VII.
Toradh edírghuidhe Ester a leith a daoine: 7 agus bás Háman.
1Mar sin tháinic an rígh agus Háman chum na fleidhe le Hester an bhainríoghan.
2Agus a dubhairt an rígh a rís re Hester air an dara lá ag fleídh a nfíona, Cred é híarratus, a bhainríoghan Ester? agus do bhéarthar duit é: agus cred é hathchuinghe? agus coimhlíonfuigheor í, da madh go leath na ríoghachta.
3Ann sin do fhreagair Ester an bhainríoghan, agus a dubhairt, Má fuáir mé cinnealtas dot lathair, O a rígh, agus más toil ris an rígh, tugthar manam dhamh ar míarratas, agus mo dhaóine ar mathchuinge:
4Oír do reacadh sinn, misi agus mo dhaóine, dar scrios, dar marbhadh, agus dar ndíothlaithriughadh. Acht dá reacthaói sinn mar dhaóirsineachuibh firr agus daoirsineachibh mna, ní laibheoruinn, mátá nár bhféidir leis an námhuid, dul a mugha án rígh daisiog.
5¶ Annsin do fhreagair an rígh Ahasuerus agus a dubhairt re Hester an bhainríoghan, Cía hé féin, nó cáit a bhfuil an té, dá léigfeadh a neagla dfaghail iona chroidhe féin sin do dhéanamh?
6Agus a dubhairt Ester, Isé a neascara agus an námhuid an drochdhuinesi Háman. Annsin do ghabh eagla Háman a bhfíadhnuisi an rígh, agus na bainríoghna.
7¶ Agus ar néirghe don rígh ó fhleidh a nfíona iona fheirg do chuáidh sé go gáirdín an pháláis: agus do sheas Háman súas do ghuidhe na bainríoghna Ester fá na anam; óir do chonnairc sé go raibh olc dá thríall na aghaidh ón rígh.
8Annsin dfill an rígh as gáirdín an pháláis go hionad fleidhe a nfíona; agus do thúit Háman ar an leabuidh air a raibh Ester. Annsin a dubhairt an rígh, A néigneochuidh sé an bhainríoghan mar an ccéadna as mo choinne annsa tigh? Ar ndul a nfocail as béul an rígh, dfolchadar aghuidh Háman.
9Agus a dubhairt Harbona, áon do na seomradóirighibh a bhfiaghnuisi an rígh, Féuch fós, an chroch do cháogad cubhad ar áirde, noch do rinne Háman do Mhordecai, noch do labhair go maith ar son an rígh, atá sí na seasamh a ttigh Háman. Annsin a dubhairt an rígh, Crochuidh é féin uirre.
10Marsin do chrochadar Háman ar an ccroich do rinne sé do Mhordecai. Annsin do sguir fearg an rígh.

Currently Selected:

Ester 7: Bedell

Highlight

Share

Compare

Copy

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in