YouVersion Logo
Search Icon

Ester 6

6
Caibidil VI.
Tús anrath Haman, 10 noch dar horduigheadh, Mordecai a namhuid do onorughadh.
1Anoidhchesin níor fhéud an rígh codhladh, agus daithin sé leabhar cuimhne na ccroiniceadh do thabhairt chuige; agus do léugheadh íad a lathair an rígh.
2Agus do fríth scríobhtha ann, gur bé Mordecai dinnis ar Bhigtana agus ar Theres, días do sheomradóirighibh an rígh, coimhéuduighthe an doruis, noch do bhi ar tí lámh do chur annsa rígh Ahasuerus.
3Agus a dubhairt an rígh, Cred a nonóir nó an meas tugadh ar Mhordecai ar a shonso? Annsin a dubhradar serbhísigh an rígh do mhiniostráil dó, Ní dhéarnadh éainní ar a shon.
4¶ Agus a dubhairt an rígh, Cía atá annsa chúirt? (A nois tháinic Háman annsa chúirt amuigh do thigh an rígh, do labhairt ris an rígh do chrochadh Mhordecai air an ccroich do ghléus sé na choinne.)
5Agus a dubhradar serbhísigh an rígh ris, Féuch, atá Háman na sheasamh annsa chúirt. Agus a dubhairt an rígh, Tigeadh sé a steach.
6Annsin tháinic Háman a steach, agus a dubhairt an rígh ris, Cred do dhéantar don duine a mbia dúil ag an rígh onóir do thabhairt dó? (Anois do smuáin Háman iona chroidhe, Cía agá mbíath dúil ag an rígh a onorughadh ní sa mhó ná misi?)
7Agus do fhreagair Háman an rígh, Ar son an té agá mbía dúil ag an rígh donórughadh,
8Tugthar a núas an chuluidh ríogha noch ghnáthuighios an rígh diomchar, agus an teach ar a ngnáthuigheann an rígh marcuigheachd, agus an choróin ríogha noch chuirthear ar a cheann:
9Agus tugthar an chulaidhsi agus an teach a láimh aóin do na prionnsadhuibh is mó onóir do phrionnsadhuibh an rígh, iondus go ccuirfeadh íad uime a nduine a mbía dúil ag an rígh a onórughadh: agus tugthar ar marcuigheacht é ar feadh shráide na caithreach, agus fuagarthar roimhe, Is mar so do dhéantar ris an té dhá mbia dúil ag an rígh a onórughadh.
10Annsin a dubhairt an rígh re Haman, Déana deithfir, agus glac an chulaidh agus an teach, mar a dubhairt tú, agus déana mar sin do Mhordecai an Iúduigh, noch shuighios ag geata an rígh; ná faillighthear ré héinní dá ndubhairt tú.
11Ann sin do ghlac Háman an téadach agus an teach, agus déaduigh sé Mordecai, agus thug leis ar marcuigheacht thríd sráid na caithreach é, agus dfúagair roimhe, Is mar so do dhéantar ris an nduine is mían leis an rígh donórughadh.
12¶ Agus tháinic Mordecai a rís go geata an rígh. Acht do rinne Háman deithnios da thigh ag déanamh dobhróin, agus folach air a cheann.
13Agus dinnis Háman dá mhnaói Seres agus dá cháirdibh uile gach dár éirigh dhó. Annsin a dubhradar a dhaoine glioca agus Seres a bhean ris, Más do shíol na Niúduigheadh Mordecai, re ar thosuigh tú tuitim, ní bhéara tú buáidh na aghaidh, achd is dearbh go ttuitfidh tú roimhe.
14Agus an feadh do bhádar mar sin ag comhrádh ris, thangadar seomradóirigh an rígh, agus do rinneadar deithfir re Háman do thabhairt chum na fleidhe do ghléus Ester.

Currently Selected:

Ester 6: Bedell

Highlight

Share

Compare

Copy

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in