Ester 8
8
Caibidil VIII.
Do hinníseadh do na Hiuduighibh, an comhfhuasgladh do dhearna dhóibh le Ester.
1Ansa ló sin féin thug an rígh Ahasuerus tigh Háman, námhuid na Niúduigheadh, do Ester an bhainríoghan. Agus tháinic Mordecai a lathair an rígh; óir dinnis Ester mar do bhí sé dhi.
2Agus do bhain an rígh a fhainne dhe, noch do bhain sé do Háman, agus thug sé do Mhordecai é. Agus do chuir Ester Mordecai ós cionn tighe Háman.
3¶ Agus do labhair Ester fós a rís á lathair an rígh, agus do shléacht fá na chosuibh, agus do ghuidh sí é maille ré déuruibh urchóid Háman an Hagagiteach, agus an chealg do thríall sé a naghaidh na Níuduigheadh, do chur ar ccúl.
4Annsin do chonnuimh an rígh amach an ríoghshlat órdha a ccoínne Ester. Agus do sheas sí a bhfiaghnuisi an rígh.
5Agus a dubhairt sí, Más toil leis an rígh, agus má fuáir misi caraidradh iona radharc, agus go bhfaicthear an ní ceart a bhfiaghnuisi an rígh, agus má tá mé taitneamhach iona radharc, scriobhthar litreacha Háman mhic Hammedatha an Tagagiteach do ghairm air a nais, noch do scríobh sé do scrios na Niúduigheadh noch atá a nuile phroibhinnsibh an rígh:
6Oír ciondus fhéaduimsi fulang an tolc noch thiucfas ar mo dhaóinibh dfaicsin? nó ciondus fhéaduim scrios mo chinidh dfaicsin?
7¶ Annsin a dubhairt an rígh Ahasuerus re Hester an bhainríoghan agus re Mordecai an Iúduigh, Féuch, thug mé do Ester tigh Háman, agus do chrochadar é féin san ccroich, do bhrígh gur leag sé a lámh air na Iúduighibh.
8Scríobhuidhsi mar an ccéadna ar son na Níúduigheadh, mar is mían libh féin, a nainm an rígh, agus séuluighidh é le fáinne an rígh: óir an scríbhinn scríobhtharanainm an rígh, agus shéuluighthear lé fáinne an rígh, ní fhéadann éanduine a fhilleadh air ais.
9Ann sin do goireadh scribneóiridh an rígh sa nam sin ar an treas mí, (sí sin an mhí Síbhan), ar an treas lá fithchiod don mhí sin; agus do scriobhadh (do réir a nuile ní dá ttug Mordecai uadh) chum na Níuduigheadh, agus chum fhéara ionuid an rígh, agus na mbreitheamhan, agus úachdarán na bproibhinnseadh, noch atá ón India go nuige Etiopia, céud agus fithche agus seachd bproibhinnsi, chum gach áon phroibhinnsi do réir a scríbhinne sin, agus chum gach éanphobail do réir a tteangtha, chum na Níuduigheadh do réir a scribhinne, agus do réir a tteangtha.
10Agus do scriobh sé a nainm an rígh Ahasuerus, agus do shéuluigh é lé fáinne an rígh, agus do chuir sé litreacha lé leachdadha úadh ar eachuibh, agus marcuighe ar mhúillidhibh, agus ar chámhalluibh, agus ar eachuibh óga choimhlionga.
11Ionta sin dáontuigh an rígh do na Iúduighibh ann gach áon chathruigh a rabhadar íad féin do chruinniughadh a bhfochair a chéile, agus seasamh ar son a nanma, do dhíobhadh, do mharbhadh, agus do sgrios, cumhacht an phobail agus na proibhinnse uile do chuirfeadh na naghaidh, a ndaoine beaga aráon agus a mná, agus a néadail do bhuain díobh mar chreich,
12Anáon ló a bproibhinnsibh an rígh Ahasuerus, eadhon, ar an treas lá déug don dara mí déag, noch isí mí Adar.
13Cóip na scríbhne do thabhairt mar aithne ann gach áon phroibhinnsi dá fhoillsiughadh do nuile phobal, agus go mbéidis na Niúduighe réigh a ccoinne an láe sin dá ndioghuilt féin ar a naimhdibh.
14Marsin do chúadar amach na postadha do bhí ar muin mhúillidh agus chámhall, ar na ndeithfriughadh agus ar an mbrostughadh ar siubhal le haíthne an rígh. Agus tugadh a nfógra a Súsan an pálás.
15¶ Agus do chuáidh Mordecai amach as lathair an rígh a néadach ríogha do ghorm agus do bhán, agus maille re morchoróin óir, agus le culaidh línéuduigh fhinealta agus phurpair: agus do gháirdigh cathair Shúsan agus do bhí sí lúathgháireach.
16Fúaradar na Iúduighe solus agus gáirdeachus, agus solás, agus onóir.
17Agus ann gach aon phroibhinnsi, agus an gach áonchathruigh, gidh bé áit a ttáinic aithne an rígh agus a órdughadh, fúaradar na Iúduighe gáirdeachus agus lúathgháir, féusta agus lá maith. Agus thangadar móran do mhuinntir na tire do bheith na Niúduighibh; óir do luigh eagla na Niúduigheadh orra.
Currently Selected:
Ester 8: Bedell
Highlight
Share
Compare
Copy
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.
Maintained by the British and Foreign Bible Society (BFBS) on behalf of the National Bible Society of Ireland (NBSI) and the Bible Society in Northern Ireland (BSNI)

: