YouVersion Logo
Search Icon

II Croiniclibh 5

5
Caibidil V.
Ionnmhus thighe Dé. 2 An airc. 11 Tar éis moladh na ccantairighe, do thaisbein Día a ghlóir.
1Is mar so do críochnuigheadh a nuile obair da ndéarna Solamh do thigh an TIGHEARNA: agus thug Sólamh a steach gach uile ní dar thiodhluic Dáibhi a athair; agus do chuir sé an tairgiod, agus an tór, agus na huile instrumente, a meásc ionnmhuis thighe Dé.
2¶ Annsin do chruinnigh Solamh sinnsir Israel, agus cinn na ttreabh uile, togha aithreadh chloinne Israel, go Hierusalem, do thabhairt airce chunnartha an TIGHEARNA súas as cathruigh Dháibhi, as Sion.
3Uimesin do chruinnigheadar fir Israel íad féin uile chum an rígh ar an bhféasta noch do bhí annsa seachdmhadh mí.
4Agus thangadar sinnsir Israel uile; agus do thogbhadar na Lebhítigh an náirc súas.
5Agus rugádar an náirc súas, agus tabernacuil an chomhchruinnigh, agus a rabhadar do shoithighibh náomhtha annsa tabernacuil, thugadar na sagairt agus na Lebhítigh leó súas íad.
6Mar an ccéadna do rinne an rígh Solamh, agus comhchruinniughadh Israel uile noch do chruinnigh chuige as cuinne na háirce, íodhbairt cáorach agus damh, nár bféidir innisin nó áiriomh ar iomadamhlachd.
7Agus thugadar na sagairt airc chunnartha an TIGHEARNA a steach na háit féin, go horacuil an tighe, don náit ro náomhtha, eadhon fáoi sciathánuibh na cherubínigh:
8Oír do leathnuigheadar na cherubínigh amach a sciatháin ós cionn áite na háirce, agus dfolchadar na cherubínigh an airc, agus a maideadha ós a cionn.
9Agus do thairngeadar amach maideadha na háirce, chor go bhfaicthi cinn na maídeadh amach ón airc as coinne an noracuil; acht ní facus amuigh íad. Agus atáid annsin gus a niugh.
10 Ní raibh éinní san aírc achd an dá chlár do chuir Maóise innte ag Hóreb, a nuáir do rinne an TIGHEARNA cunnradh ré cloinn Israel, an tan do thangadar ón Negipt.
11¶ Agus tárla, a nuáir thangadar na sagairt amach as a náit náomhtha: (óir do náomhadh a rabhadar do shagartuibh a lathair, agus ní rabhadar ag feithiomh do réir sheala an tansin:
12Mar an gcéadna na Lebhítigh do bhí na luchd ceóil, sliochd Asaph, agus Heman, agus Iedutun uile, maille re na macaibh agus le na ndearbhráithribh, ar na néadughadh a líneadach gheal, agus cimbail aca agus saltracha agus cláirseacha, do sheasadar ág an cheann shoir don naltóir, agus céud agus fithche sagart maille ríu ag déanamh fhuáime re stocuibh:)
13Tárla, a nuáir do bhádar luchd séideadh na stoc agus na cantairighe amhuil áon, do dhéanamh éanghotha amháin ré a chluinsion a ttabhairt molta agus buidheachus don TIGHEARNA; agus a nuáir do thógbhadar a nguth súas leis na stocuibh agus leis na cimbaluibh agus lé hadhbhuibh cíuil, agus ar mholadar an TIGHEARNA gha radh. Oir is maith é; óir mairigh a thrócaire go bráth: annsin gur líonadh tigh an TIGHEARNA a stigh le néull, eadhon tígh an TIGHEARNA;
14Iondus nar fheadadar na sagairt seasamh do mhiniostralachd do bhrígh an neóill: óir do líon glóir an TIGHEARNA tigh Dé.

Currently Selected:

II Croiniclibh 5: Bedell

Highlight

Copy

Compare

Share

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in