II Croiniclibh 4
4
Caibidil IV.
Maisiughadh, agus soithighe an teampuill.
1Tuilleamh eile fós, do rinne sé altóir phráis, fithche cubhad a fad, agus fithche cubad a leithead, agus deich ccubhaid a háirde.
2¶ Do rinne sé mar an ccéadna fairge leaghtha deich ccubhaid ó bhruach go brúach, cruinn air gach éantáoibh, agus do budh cúig ccubhaid a haírde; agus do ghabh líne thríochad cubhad timchioll fa ccúairt air.
3Agus faoi sin do bhí cosamhlachd dhamh, noch do thimchiolluigh é fa ccúairt: deich iona ccubhad, ag timchiollughadh na fairge fa ccúairt. Do teilgeadh dhá chúrsa damh, a nuáir do teilgeadh í.
4Do sheas sin air dhá dhamh dhéag, a trí ag féuchuin don leath thúaigh, agus a trí ag féuchuin don leath shíar, agus a trí ag féuchuin don leath theas, agus a trí ag féachuin don leath shoir: agus do shuighidh sé a nfairge shuas orra, agus a leith deirigh uile a steach.
5Agus do bhí lán duirnn ar thíghe ann, agus a brúach sin cosmhuil ré himdhéanamh brúaich cupáin, maille re bláthuibh lile; do chongmhadh sé trí mhíle Bát.
6¶ Do rinne sé mar an ccéadna deich lábhéir, agus do chuir a cúig dhíobh air an láimh dheis, agus a cúig air an láimh chlé, dionnladh ionnta: do nighedís ionta na neithe dofraláidis mar ofráil loisge; acht is re haghaidh na sagart do bhí a nfairge, dionnladh innte.
7Agus do rinne sé deich ccoinnleóirigh óir do réir a ccumtha, agus do chuir sé san teampall iad, a cúig ar an láimh dheis, agus a cúig ar an láimh chlé.
8Do rinne sé mar an ccéadna deich mbuird, agus do shuidhigh sé san teampall íad, a cúig ar an ttáobh ndeas, a cúig ar an ttáobh cclé. Agus do rinne sé céad bulla óir.
9¶ Tuilleamh oile fós do rinne sé cúirt na sagart, agus an chúirt mhór, agus doirse don chúirt, agus dfoluigh sé na doirse lé prás.
10Agus do shúighidh sé a nfairge ar an ttáoibh ndeas don chionn shoir, thall as ccoinne an táoibh theas.
11¶ Agus do rinne Húram na potadha, agus na slúaiste, agus na báisínigh. Agus do chríochnuigh Húram a nobair do bhí ré a dhéanamh aige, don rígh Solamh air thigh Dé;
12 Mar atá an dá philéur, agus na mill, agus na cinn noch do bhí ar mhullach an dá philéur, agus an dá fhidheachán dfolach mheall na cceann, noch do bhí air mhullach na bpiléur;
13Agus ceithre chéud pomegranat air an dá fhidheachán; dhá chúrsa pomegranat ar gach figheachán, dfolach dhá ubhall na cceann noch do bhí air na piléuruibh.
14Do rinne sé mar an gcéadna bása, agus do rinne sé oighne móra ar na básuibh;
15Aon fhairge, agus dhá dhamh dhéag fúithigh.
16Na potadha mar an ccéadna, agus na slúaiste, agus na hadhail, agus a ninstruimenteadh uile, do rinne athair Huram don rígh Solamh chum tighe an TIGHEARNA do phrás loinneardha.
17A réiteach Iordan do theilg an rígh íad, annsa talumh chríadha eidír Succot agus Seredatah.
18Is marso do rinne Solamh na soighthighesi uile go nuibhir mhóir: óir níor bhféidir comhthrom an phrás do mheas.
19¶ Agus do rinne Solamh na soighthighe uile do thigh Dé, a naltóir óir mar an ccéadna, agus na buird air ar cuireadh an tarán taisbéanta;
20Agus fós na coinnleóirigh gun a soillsibh, chor go mbéidís lasta do réir ghnátha as coinne an noracuil, dór fhíorghlan.
21Agus do rinne sé na blátha, agus na lampuidhe, agus na teanchairigh dór, agus sin dór fhíorghlan;
22Agus na glantóirigh, agus na bulladha, agus na líacha, agus na senseir, dór fhíorghlan: agus dul a steach an tighe, na doirse budh faide a steach ar a naít ro náomhtha, agus doirse thighe an teampuil, dob ór íad.
Currently Selected:
II Croiniclibh 4: Bedell
Highlight
Copy
Compare
Share
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.
Maintained by the British and Foreign Bible Society (BFBS) on behalf of the National Bible Society of Ireland (NBSI) and the Bible Society in Northern Ireland (BSNI)