YouVersion Logo
Search Icon

II Croiniclibh 6

6
Caibidil VI.
Solamh ar beanughadh an phobail dó, 12 Do choisrig sé an teampull lé hurnaidhe.
1An sin do ráidh Solamh, A dubhairt an TIGHEARNA go ndéanadh sé comhnuigh annsa dorchadus thiugh.
2Acht do rinne misi tigh comhnuigh dhuit, agus ionad háitreibhe go bráth.
3Agus diompóigh an rígh a aghaidh, agus do bheannuigh sé comhchruinniughadh Israel go hiomlán: (agus do sheas comhchruinniughadh Israel uile.)
4Agus a dubhairt seision, Go madh beannuigh bhías an TIGHEARNA Día Israel, noch do coimhlíon le na láimh an ní do labhair sé le na bhéul rém athair Dáibhi, dhá rádh,
5On ló fa ttug mé amach mo phobal as crich na Hegipte níor thogh mé aonchathair do chaithreachaibh threabh Israel do dhéanamh tighe innte, iondus go mbíath mainm annsin; ní mó do thogh mé aonduine do bheith na úachdarán ós cionn mo phobuil Israel:
6Acht do thogh mé Ierusalem, chor go mhíath mainm annsin; agus do thogh mé Dáibhi chum a bheith ós cionn mo phobail Israel.
7Anois do bhí a ccroidhe Dháibhi mathar tigh do dhéanamh damm an TIGHEARNA Día Israel.
8Acht a dubhairt an TIGHEARNA ré Dáibhi mathair, Do bhrígh go raibh ann do chroidhe tighe do dhéanamh dom ainmsi, is maith do rinne tú sin do bheith ad chroidhe:
9Gidheadh ní tusa dhéanas an tigh; achd do mhac noch thiucfas amach as tinníghibh, isé dhéanas tigh dom ainmsi.
10Do chomhuill an TIGHEARNA air a nadhbharsin a bhriathar noch do labhair sé: óir déirigh misi súas a náit mathar Dáibhi, agus ataim mo shuighe a ccathaóir ríogha Israel, mar do gheall an TIGHEARNA, agus do rinne mé an tigh dainm an TIGHEARNA Día Israel.
11Agus is ann do chuir mé an náirc, mar a bhfuil cunnradh an TIGHEARNA do rinne sé ré cloinn Israel.
12¶ Agus do sheas sé as coinne altóra an TIGHEARNA a lathair chomhchruinnigh Israel uile, agus do leathnuigh sé amach a lámha:
13(Oír do rinne Solamh scafal práis, do chúig cubhaid ar fad, agus cúig cubhaid ar leithead, agus trí cubhaid ar áirde, agus do chuir a lár na cúirte é: agus is air sin do sheas sé, agus do leíg a ghlúine fáoi as coinne chomhchruinnigh Israel uile, agus do leathnuigh sé a lámha amach leath re neamh,)
14Agus a dubhairt, O a THIGHEARNA Día Israel, ní bhfuil Día cosmhuil riot ar neamh, nó air talumh; noch chomhallas cunnradh, agus thaisbeanus trócaire dot shearbhfhoghantuibh, noch shíubhluighios as do choinne ó na nuile chroidhe:
15Thusa noch do chomhuill dom athair Dáibhi do shearbhfhoghantuigh an ní do gheall tú dhó; agus do labhair tú red bhéul, agus choimhlíon led láimh é, mar atá a niugh.
16Anois ar a nadhbharsin, a THIGHEARNA Día Israel, comhuill dot shearbhfhoghantuigh mathair Dáibhi an ní do gheall tú dhó, dha rádh, Ní fhailleochuidh duine thú an mo radharcsa do shuighe a ccathaoir ríogha Israel; acht amháin go ttugaid do chlann aire dá slighe do shiubhal ann mo dhligheadhsa, mar do shiubhail tusa am lathair.
17Anois maiseadh, a THIGHEARNA Día Israel, fíorthar thfocal, noch do labhair tú red shearbhfhoghantuigh Dáibhi.
18(Acht an deimhin go ccoimhneochuidh Día a bhfochair dáoine ar an ttalamh? féach, ní fhéadann neamh agus neamh na neamh thusa do chongmháil; cred é nios lugha ná sin an tighse do rinne misi!)
19Bíodh meas agad uimesin ar urnaigh do shearbhfhoghantuigh, agus air a íarratus, a THIGHEARNA mo Dhía, do thabhairt éisteachd don ghairm agus don athchuinge ghuidheas do shearbhfhoghantuigh ad lathair:
20Iondus go mbíath do shúile foscuilte air an ttighse do ló agus doidhche, air a náit dar labhair tú go ccuirfeá thainm ann; déisteachd ris an nguidhe do ní do shearbhfhoghantuigh annsa náitse.
21Tabhair éisteachd ar a nadhbharsin do ghearánuibh do shearbhfhoghantuigh, agus dód phobail Israel, noch do dhéanuid síad chum na háitesi: cluin thusa ó hionad comhnuigh, eadhon ó neamh; agus a núair chluinfios tú, tabhair maitheamhnus dóibh.
22¶ Má pheacuigheann duine a naghaidh a chomharsann, agus go ttiubharthar mionna air do thabhairt a mhionn, agus go ttíucfuid na mionna a lathair haltórasa annsa tighse;
23Annsin cluinse ó neamh, agus déan, agus beir breath air do shearbhfhoghantuighibh, a ccúitiughadh ris an cciontach, ag tabhairt lúaigheachd a shlighe dhó air a cheann fein; agus a nglanadh a nfhíréin, ag tabhairt dhó do réir a ionnracuis.
24¶ Agus má beirthear an chuid is measa dot phobal Israel roimhe a námhuid, do bhrígh gur pheacuigheadar ad aghaidh; agus go bhfillfid siád agus go naideomhuid hainmsi, agus guidhe do dhéanamh agus gearán ad lathair annsa tighsi;
25Annsin cluinsi ó neamh, agus maith peacadh do phobuil Israel, agus tabhair íad a rís don dúithche noch thug tú dhóibh feín agus dá naithribh.
26¶ A núair dhruidfighthear neamh, agus nach bía fearthuinn ann, do bhrígh gur pheacuigheadar ad aghaidhsi; ma ghuidhid siad leath ris a náitsi, agus thainmsi dadmháil, agus filleadh ó na bpeacadhuibh, an tan phíanus tusa íad;
27Ann sin cluinsi ó neamh, agus maith peacadh do sheirbhiseach, agus do phobuil Israel, a núair mhúinfeas tú an tslighe mhaith dhóibh, ionar coír dhóibh siubhal; agus cuir fearthuinn air an ttalamh, noch thug tú dot phobal mar oighreachd.
28¶ Má bhíonn gorta annsa dúithche, má bhíonn pláigh, má bhíonn sunnghaoth, nó drúchd millteach, nó lócust, nó spridneanta; agus má shuighid a naimhde na ttímchioll a ccaithreachaibh a ttíre; gidh bé goimh nó gidh bé tinneas bhías ann:
29 Annsin gidh bé guidhe gearán do dheantar le duine ar bith, nó red phobal Israel uile, a núair aitheanus gach áon a thinneas féin agus a dhoilghios fein, agus leithneachus sé a lámha amach san tighsi:
30Annsin cluinsi ó neamh hionad comhnuidhe féin, agus maith, agus tabhair do gach áonduine do réir a shlightheach uile, noch a bhfuil fios a chroidhe agad; (óir is agadsa amháin atá fios croidhtheach chloinne na ndaóine:)
31Chor go mbía eagla orra romhad, lé a siubholuid ann do shlighthibh, an feadh mhairfid síad annsa dúithche noch thug tú dar naithribh.
32¶ Tuilleamh oile a ttaobh an choimhithigh, nach dod phobal Israel, achd tháinic as tír imchéin air son hanma móiresi, agus do láimhe cumhachduigh, agus do righe sínte amach; má thigid síad agus guidhe annsa tighse;
33Annsin cluinse ó neamh, ó háit comhnuigh féin, agus déan do réir gach neithe a ngoirfe an coimhitheach ort dá thaoibh; iondus go mbía fios hanma ag na húile dhaóinibh na talmhan, agus go mbía heagla orra, mar atá air do phobal Israel, agus go mbía a fhios aca an tighse do rinne misi gurob ad ainmsi ghoirthear é.
34¶ Ma théid do phobal do dhéanamh cogaidh amach a naghaidh a námhad annsa tslighe a ccuirfe tusa íad, agus go nguidhfid síad chugad leath rís an ccathruighsi noch do thógh tú, agus ris an ttigh do rinne misi dot ainm;
35Annsin cluinsi ó neamh a nurnuigh agus a ngearán, agus cothuighsi a ccúis.
36¶ Má pheacuidhid síad ad aghaidh, (óir ní bhfuil duine air bith nach bpeacuigheann), agus go mbía fearg agad ríu, agus go seachóduigh tú uáit íad roimhe a námhuid, agus go mbéuruid léo a láimh íad go ndúithche a bhfad úadh nó láimh ríu:
37Thairis sin má chuimhuighid orra féin annsa tírsin iona mbéarthar a láimh íad, agus go niompóchuid siad agus go nguidhfid chugadsa a ccrích a ndaóirsine, gha rádh, Do pheacuigheamar, do rínneamar earráid, agus is olc do chúamar;
38Má fhillid síad chugadsa maille re na nuile croidhe agus le na nuile anum a ttír a ndaoirsine, áit a rugadar a láimh íad, agus go nguidhfid leath rís an ndúithche, thug tú dá naithribh, agus leath ris an ccathruigh do thogh tú, agus leath ris an ttigh do rinne misi dot ainm:
39Annsin cluinsi ó neamh, ód ionad comhnuigh féin, a nguidhe agus a ngearán, agus cothuigh a ccúis, agus maith dot phobal noch do pheacaidh ad aghaidh.
40¶ Anois, mo Dhía, guidhim thú, bídís do shúile foscuilte, agus bídís do chlúasa aireach don nurnuigh noch do dhéantar san náitsi.
41Anois ar a nadhbharsin éirigh, a THIGHEARNA Día, dot áit suáimhuis, thú féin, agus aírc do neirt: éuduighthear do shagairt, ó a THIGHEARNA Día, le slánughadh, agus gáirdidis do náoimh a maitheas.
42A THIGHEARNA Día, na fill uáit aghuidh hungthaigh: cuimhnigh trócuireadh Dháibhi do shearbhfhoghantuigh.

Currently Selected:

II Croiniclibh 6: Bedell

Highlight

Copy

Compare

Share

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in

Video for II Croiniclibh 6