II Croiniclibh 3
3
Caibidil III.
Togbhala an teampuill.
1An sin do thosuigh Solamh ar thigh an TIGHEARNA do dhéanamh ann Ierusalem a slíabh Móriah, mar ar fhoillsígh an TIGHEARNA é féin da athair Dáibhi, ann sa náit do ghléus Dáibhi a nurlár buáilte Ornan an Iebusiteach.
2Agus do thosuigh sé a nobair an dara lá don dara mí, annsa cheathramhadh blíadhain da ríghe.
3¶ Anois is íadso na neithe ionar teaguisgeadh Solamh do dhéanamh tighe Dé. A fhad a ccubhaduibh do réir an chéadtomhuis do budh trí fithchid cubhad, agus a leithead fithche cubhad.
4Agus an póirse noch do bhí a néadau an tighe, do bé a fhad do réir leithne an tighe, fithche cubhad, agus céad agus fithche cubhad na áirde: agus dfoluigh sé táobh a stigh é le bór fíorghlan.
5Agus air an tteagh fa mó do chuir sé ceann le crannuibh giumhuis, noch dfolnigh sé lé hór fíorghlan, agus do chuir ar sin croinn phailme agus slabhruidhe.
6Agus do dheaghmhaisigh sé an tigh lé clochaibh uáisle mar scéimh: agus do budh dor Parbhaim an tór.
7Dfoluidh sé mar an ccéadna saltacha an tighe, a phostuidhe, agus a bhalluidhe, agus a dhoirse, lé hór; agus do ghrean sé cherubínigh air na balladhuibh.
8¶ Agus do rinne sé an tigh is ro náomhtha, do bé a fhad sin do réir leithne an tighe, fithche cubhad, agus a leithiod fithche cubhad: agus dfoluigh sé lé hór fíorghlan é, ráinic sé chum sé chéad tallann.
9Agus do budh cáogad secel óir comhthrom na ttáirngeadh. Agus dfoluigh sé na seomradha úachdarach le hór.
10Agus annsa náit ro náomhtha do rinne sé dhá cherubín dobuir shoghluáiste, agus dfoluigh sé lé hór íad.
11Agus do bhí fithche cubhad ar fad a sciathánuibh na cherubínigh: cúig cubhaid a néainsciathán, ag rochduin go balla an tighe: agus cúig cubhaid san dara sciathán, ag rochduin go sciathán an cherub oile.
12Agus do bhí cúig cubaid a néainsciathán don cherub oile, ag rochduin go balla an tighe: agus do bhí fós cúig cubhaid san scíathán oile, teanta ré sciathan an cherub oile.
13Do leathnuigheadar sciatháin ná cherubsa íad féin amach fithche cubhad: agus do sheasadar air a ccosuibh, agus a naighthe a steach.
14¶ Agus do rinne sé an folach do ghorm, agus do phurpair, agus do dhearg, agus do línéadach fhíneálta, agus doibrigh sé cherubinigh air sin.
15¶ Do rinne sé mar an ccéadna as coinne an tighe dhá philéur cúig cubhaid déag agus fithche ann áirde, agus an sa cceann do bhí air mhullach gach áon díobh cúig cubhaid.
16Agus do rinne sé slabhruidhe, mar bhíos annsa noracuil, agus do chuir íad air cheann na bpileír; agus do rinne sé céud pomegranat, agus do chuir sé air na slabhradhuibh íad.
17Agus do thóg sé súas na piléir as coinne an teampuill, áon ar an láimh dheis, agus an dara air an láimh chlé; agus thug sé Iachin‐dainm air sin don láimh dheis, agus Boas air sin don láimh chlé.
Currently Selected:
II Croiniclibh 3: Bedell
Highlight
Copy
Compare
Share
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.
Maintained by the British and Foreign Bible Society (BFBS) on behalf of the National Bible Society of Ireland (NBSI) and the Bible Society in Northern Ireland (BSNI)