YouVersion Logo
Search Icon

II Croiniclibh 36

36
Caibidil XXXVI.
Tugadh Iehoahas don Egipt; 5 agus Iehoiacim; 11 Sedeciah, 14 Iudah agus Ierusalem uile don Bhabilon.
1An sin do ghlacadar muinntir na tíre Iehoáhas mhac Iosiah, agus do rinnéadar rígh dhe a náit a athar ann Ierusalem.
2 Do bhí Iehoahas trí blíadhna fithchiod dáois a núair do thosuigh sé a ríghe, agus do bhí na rígh trí mhí an Ierusalem.
3Agus do chuir rígh na Hégipte, síos é ann Ierusalem, agus do dháor sé an tír a ccéad tallann airgid, agus a ttallann óir.
4Agus do rinne rígh na Hégipte rígh da dhearbhráthair Eliacim ós cionn Iúdah agus Ierusalem, agus do áthruigh Iehoíacim dainm air. Agus do ghabh Necho Iehoahas a dhearbhrathair, agus rug don Negipt é.
5Do bhí Iehoíacim cúig bhlíadhna fithchiod dáois a núair do thosuigh sé a righe, agus do bhí na rígh éanbhlíadhuin déag ann Ierusalem: agus do rinne sé go holc a radharc a THIGHEARNA Dé.
6Tháinic Nebuchadnessar rígh na Babilóine súas na aghaidh, agus do cheangail a níarann é, dá bhreith don Bhabilóin.
7Agus rug Nebuchadnessar leis do shoithighibh thighe an TIGHEARNA don Bhabilóin, agus do chuir iona theampall féin san Bhabilóin íad.
8Anois an chuid oile do ghníomhuibh Iehoiacim agus á ghráineamhlachda, noch do rinne sé, agus do fríth ann, féuch, atáid scríobhtha a leabhar ríogh Israel agus Iúdah: agus do ríoghuidh Iehoiáchin a mhac iona áit.
9Do bhí Iehoiachin ocht mbliadhna dáois a nuáir do thosuigh sé a ríghe, agus do bhí na rígh trí mhi agus deich lá ann Ierusalem: agus do rinne sé an ní dob olc a bhfíadhnuise an TIGHEARNA.
10Agus a nuáir do caitheadh an bhlíadhuin, do chuir an rígh Nebuchadnessar teachta uadh, agus rug don Bhabilóin é, maille re soighthighibh breágha thighe an TIGHEARNA, agus do rinne sé rígh do Shedeciah a dhearbhráthair ós cionn Iúdah agus Ierusalem.
11Do bhí Sedeciah blíadhuin agus fithche dáois a núair do thosuigh sé a ríghe, agus do bhí na rígh éainbhlíadhuin déug ann Ierusalem.
12Agus do rinne sé an ní dob olc a bhfiadhnuise a THIGHEARNA Dé, agus níor umhluigh sé é féin a lathair Ieremiah an fáigh ag labhairt ó bhéul Dé.
13Agus do rinne sé fós ceannairg a naghaidh Nebuchadnessar, noch do bhean Día mar mhionnuibh dhe: acht do ríghnidh sesion a mhuinéul, agus do chruadhuigh sé a chroidhe ó iompógh chum an TIGHEARNA Día Israel.
14¶ Tuilleamh oile fós do pheacuigheadar na hárdshagairt uile, agus an pobal, go romhór do réir uile ghráineamhlachda na ngeínteadh; agus do thrúailleadar tigh an TIGHEARNA noch do náomhuigh sé ann Ierusalem.
15Agus do chuir an TIGHEARNA Día a naithreadh scéula chuca re na theachtairighibh, ag éirghe go moch, agus agá ccur ar siubhal; do bhrígh go raibh trúaighe aige dá dháoinibh, agus dá áit chomhnuidhe:
16Acht do rinneadar magadh fa theachtuibh Dé, agus do tharcuisnigheadar a bhríathra, agus do easonóruigheadar a fháighe, nó gur éirigh feárg an TIGHEARNA re na phobal, ionnus nach raibh a bhfóirithin ann.
17Ar a nadhbharsin thug sé orra rígh na Caldea, noch do mharbh a ndáoine óga leis an ccloidheamh a ttigh a sanctóra, agus ní raibh trúaighe aige do dhuine óg, nó do mhaighdin, dfior fhoirfe, nó don tí do chrom le háois: thug sé iona láimh uile íad.
18Agus uile shoighthighe thighe an TIGHEARNA, mór agus beag, agus ionmhus thighe an TIGHEARNA, agus ionmhus an rígh, agus a phrionnsadha; rug sé íadso uile don Bhabhilóin.
19Agus do loisgeadar tigh Dé, agus do bhriseadar síos balladha Ierusalem, agus do loisgeadar a phaláis uile lé teine, agus do mhilleadar a ráibh do shoithighibh maithe ann.
20Agus an mhéid do imthigh ón ccloidheamh rug sé leis iad don Bhabiloín; már a rabhadar na serbhiseachaibh aigesion agus agá mhacaibh, go righe rígh na Persia:
21Do choimhlíonadh bréithre an TIGHEARNA a mbéul Ieremiah, nó go ccomhnuigheadh an tír anna sábboidigh: óir ar fad do bhí sí uaigneach do choimhéid sí sábóid, do choimhlíonadh deich mblíadhan agus trí fithchid,
22¶ Anois annsa chéaidbhliadhuin do Chírus rígh na Persia, (chor go ccoimhlíontaoi briathar an TIGHEARNA do labhradh re béul Ieremiah), do chorruigh an TIGHEARNA súas spiorad Chirus rígh na Persia, go ttug fuagra uádh air féadh a ríoghachta ele, agus do chuir sin a scríbhínn fós, gha rádh,
23Is marso a deir Círus rígh na Persia, Thug an TIGHEARNA Día nimhe uile rioghachta na talmhan damhsa, agus do chuir do chúram orm tigh do dhéanamh dho ann Ierusalem, noch atá ann Iúdah. Cía ta bhur measc da dhaoinibh uile? Go raibh a THIGHEARNA Día maille ris, agus imthigheadh sé suás.

Currently Selected:

II Croiniclibh 36: Bedell

Highlight

Share

Compare

Copy

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in