YouVersion Logo
Search Icon

Esra 1

1
Caibidil I.
Do fhuagair Chírus (ó bhéul Dé) teampull Iarúsalem do thogbhail.
1Anois annsa chédbhlíadhain do Chírus rígh na Persia, (chor go ccoimhlíontaoi bríathar an TIGHEARNA le béul Ieremiah), do chorruigh an TIGHEARNA súas spiorad Chírus rígh na Persia, go ttug fúagra ar feadh a rioghachta, agus gur chuir fós a scríbhinn é, gha rádh,
2Is marso a deir Círus rígh na Persia, Thug an TIGHEARNA Día nimhe dhamhsa uile rioghachta na talmhan; agus do chur sé do chúram orm tigh do dhéanamh dhó ann Ierusalem, noch atá an Iúdah.
3Cía atá eadruibhse uile dá dháoinibh uíle? biodh a Dhía maille ris, agus imthigheadh sé súas go Ierusalem, noch atá ann Iúdah, agus cuireadh sé súas tigh an TIGHEARNA Día Israel, (isé sin an Día,) noch atá ann Ierusalem.
4Agus gídh bé ar bith chomhnuighios a náonbhall mar a bhfuil sé air cúairt, tugaidís daóine na ccríochsin cungnamh dho a nairgiod, agus a nór, agus a maoin, agus a nainmhintibh, táobh amuigh do nofráil áontadhuigh chum tighe Dé atá ann Ierusalem.
5¶ Annsin déirgheadar roighne aithreadh Iúdah agus Bheniamin na seasamh, agus na sagairt, agus na Lebhitigh, maille ris a nuile dhuine dar thóg Día a spiorad, do dhul súas do dhéanamh tighe an TIGHEARNA atá ann Ierusalem.
6Agus an mhéid do bhí gach táobh dhíobh thugadar cungnamh dhóibh do shoithighibh dairgiod, agus dór, agus do mhaoin, agus dáirnéis, agus do neithibh mórlúaigh, táobh amuigh do nuile ní dar tiodhlaiceadh go toileamhuil.
7¶ Mar an ccéadna thug Círus an rígh amach soithighe thighe an TIGHEARNA, noch thug Nebuchadnessar amach as Ierusalem, agus do chuir sé a ttigh a dhé íad;
8Iad sin féin thug Círus rígh na Persia amach le láimh Mhitredat an oirchisdéoir, agus do áirimh sé íad chum Sesbassar, prionnsa Iúdah.
9Agus isí so a núibhir: tríochad mías óir, míle mías airgid, náoi sceana fithchiod,
10Triochad báisín óir, báisínigh airgid don dara sórt ceithre chéud agus a deich, agus do shoithighibh oile míle.
11Na soithighe uilé dór agus dairgiod cúig mhíle agus ceithre chéud íad. Thug Sesbassar íadso uile leis súas maille ris na bráighdibh noch rugadh súas ón Bhabilon go Hierusalem.

Currently Selected:

Esra 1: Bedell

Highlight

Share

Compare

Copy

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in