YouVersion Logo
Search Icon

II Croiniclibh 35

35
Caibidil XXXV.
Doilghios Iosiah, 23 ar na smachdúghadh.
1Tuilleamh eíle fós, do choimhéid Iosiah cáisg don TIGHEARNA an Ierusalem: agus do mharbhadar an cháisg ar an cceathramhadh lá déug don chédmhi.
2Agus do chuir sé na sagairt iona ccúramuibh, agus thug meisneach dhóibh chum serbhise thighe an TIGHEARNA,
3Agus a dubhairt sé ris na Lebhítibh do theagaisg Israel uile, noch do bhí náomhtha don TIGHEARNA, Cuiridh a náirc náomhtha annsa tigh noch do rínne Solamh mhac Dáibhi rígh Israel; ní bhiaidh na úalach air bhur ngúallibh: foghnuidh a nois don TIGHEARNA bhur Ndía, agus dá phobal Israel,
4Agus ullmhuighidh sibh féin do réir thighe bhur naithreadh, do réir bhur ccursadh, mar do scríobh Dáibhi righ Israel, agus do réir scribhinn a mhic Solamh.
5Agus seasuidh annsa náit náomhtha do réir ronna mhuinntear aithreadh bhur ndearbhráithreach an pobal, agus do réir ronna mhuinntear na Lebhíteach.
6Marsin marbhuidh an cháisg, agus náomhuidh sibh féin, agus ullmhuighidh bhur ndearbhráithre, chor go ndéanuid do réir bhréithre an TIGHEARNA tre láimh Mháoise.
7Agus thug Iosiah don phobal, do na tréuduibh, uáin agus meannáin, íad uile chum ofrála na cásg, ar son a raibh a lathair, go nuibhir thríochad míle, agus trí mbíle dámh: do mháoin an rígh féin íad so.
8Agus thugadar na prionnsadha go toileamhuil don phobal, do na sagartnibh, agus do na Lebhitibh: Hilciah agus Sechariah agus Iehiel, úachdaráin thighe Dé, thugadar do na sagartaibh chum ofrála na cásg dhá mhile agus sé chéad do mhionáirnéis, agus trí chéad damh.
9Thug Conaniah mar an ccéadna, agus Semaiah agus Netaneel, a dhearbhráithre, agus Hassabiah agus Iehiel agus Iossabad, ceann na Lebhíteach, do na Lebhítibh chum ofráladh na casg cúig mhíle do mhionáirnéis, agus cúig chéad damh.
10Mar so do gléusadh an tseirbhís, agus do sheasadar na sagairt iona náitibh, agus na Lebhítigh iona ccúrsadhuibh, do reír áithne an rígh.
11Agus do mharbhadar an cháisg, agus do chroitheadar na sagairt a nfuil re na lámhuibh, agus dfeannadar na Lebhítigh íad.
12Agus do áthruigheadar na hofrála loisge, chor go ttiubhraidís úatha do réir ronna mhuinnteara an phobail, chum ofrála don TIGHEARNA, mar atá scríobhtha a leabhar Mháoise. Agus is marsin do rinneadar ris na damhuibh.
13Agus do róstadar an cháisg le teine, do réir a nórduighthe: acht do bhruitheadar na hofrála náomhtha uile a bpotuibh, agus a ccoirighibh, agus a noighnibh, agus do roinneadar íad go luáth eidir an bpobal uile.
14Agus na dhiáigh sin do dheasuigheadar dhóibh féin, agus do na sagartuibh: do bhrígh go rabhadar na sagairt mic Aáron a ttimchioll iodhbartha na nofrálach loisge agus an mhéathuis gus a noidhche; uimesin do ghléusadar na Lebhítigh dhóibh féin, agus do na sagartuibh mic Aáron.
15Agus do bhádar na caintuireadha mic Asaph iona náit, do réir aithne Dháibhi, agus Asaph, agus Héman, agus Iedutun féuchadóir an rígh; agus na doirséoirigh ag feitheamh ag gach éangheata; níor bhféidir leó a serbhis dfágbháil; óir do dheasuigheadar a ndearbhráithre na Lebhítigh dhóibh.
16Marsin do gléasadh serbhis an TIGHEARNA uile an lá sin féin, do choimhéad na cásg, agus dofráil íodhbartha loisge ar altóir an TIGHEARNA, do réir aithne an rígh Iosiah.
17Agus do choimhéid clann Israel a raibh a lathair dhíobh fan namsin an cháisg, agus féasta a naraín gan loibhín seacht lá.
18Agus níor coimhéadadh a leitheid sin do cháisg ann Israel ó annsir Shamuel an fáigh; ní mó do choimhéadadar ríghthe Israel uile a leitheid dféasta mar do choimhéad Iosiah, agus na sagairt, agus na Lebhítigh, agus Iúdah agus Israel uile do bhí a lathair, agus áitreabhuigh Ierusalem.
19Annsa nochtmhadh blíadhain déag do ríghe Iosiah do coimhéadadh an cháisgsi.
20¶ Na dhiáigh so uile, a núair do ghléus Iosiah an teampall, tháinic Necho rígh na Hégipte a nios do throid a naghaidh Carchemis ré táobh Euphrátes: agus do chúaidh Iosiah amach iona aghaidh.
21Acht do chuir seision teachta chuige, gha rádh, Cred é mimtheachdsa ort, a rígh Iúdah? ní a taghaidh tháinic mé san lósa, acht a naghaidh an tighe re bhfuilim a ccogadh: óir do aithin Día dhíom deithbhir do dhéanamh: seachuinsi búain re Día, noch atá liomsa, deagla go scriosfadh sé thú.
22Thairis sin níor bháill le Iosiah a aghaidh diompógh úadh, acht do chuir é féin a natharach crotha, chor go ttroidfeadh ris, agus níor éist ré bríathruibh Necho ó bhéul Dé, agus tháinic do throid a ngleann Megiddo.
23Agus do chaitheadar na soighdeóirigh ar an rígh Iosiah; agus a dubhairt an rígh re na shearbhfhoghantuibh, Beiridh libh mé; óir atáim loitigh go trom.
24Uimesin do thógbhadar a sherbhísigh as an ccarbad sin é, agus do chuireadar é annsa dara ccarbad do bhí aige; agus thugadar go Ierusalem é, agus déug sé, agus do hadhlaiceadh é a náon do thúamuibh a aithreadh. Agus do bhí cumhadh ar Iúdah uile, agus ar Ierusalem um Iosiah.
25¶ Agus do bhí doilghios ar Ieremiah tre Iosiah: agus do labhradar na fir cheóil uile agus na mná ceóil ar Iosiah iona ccáointibh gus a ningh, agus do rinneadar órdughadh orra ann Israel: agus, féuch, atáid scríobhtha annsna cumhthuibh.
26¶ Anois an chuid oile do ghníomhuíbh Iosiah, agus a mhaith, do réir an neithe do scriobhadh a ndligheadh an TIGHEARNA,
27Agus a ghníomha, tosach agus deighionach, féuch, atáid scriobhtha a leabhar ríogh Israel agus Iúdah.

Currently Selected:

II Croiniclibh 35: Bedell

Highlight

Share

Compare

Copy

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in

Video for II Croiniclibh 35