YouVersion Logo
Search Icon

II Croiniclibh 34

34
Caibidil XXXIV.
Iosiah ná scáthan agus na shamhlachus ar an deagh rígh.
1 Do bhí Iosiah ocht mblíadhna daóis a nuáir do thosuigh sé a ríghe, agus do bhí na rígh bliadhuin air thríochad ann Ierusalem.
2Agus do rinne sé an ní fa ceart a radharc an TIGHEARNA, agus do shiubhall sé a slighthibh Dháibhi a athar, agus níor chláon dan láimh dheis, nó chlé.
3¶ Oír annsa nochdmhadh blíadhuin dá ríghe, an feadh do bhí sé fós óg, do thosuigh se Día a athar Dáibhi díarruigh: agus annsa dara blíadhuin déag do thosuigh ar Iúdah agus Ierusalem do ghlanadh ó na háitibh árda, agus ó na garránuibh, agus ó na híomháighibh greanta, agus ó na hiomháighthibh leaghtha.
4Agus do bhrisiodar síos altóra Bhaalim iona fhiadhnuise; agus do ghéarr sé síos na híomhaighe, do bhí go hárd ós a ccionn, agus na garrain, agus do bhris na mblodhuibh na híomháighe grábhalta, agus na hiomhaighe leaghtha, agus do rinne sé luáithreadh dhíobh, agus do leathnuigh é ar uáighibh na druinge do rinne íodhbuirt dóibh.
5Agus do loisg sé cnámha na sagart ar a naltóruibh, agus do ghlan sé Iúdah agus Ierusalem.
6Agus do rinne sé marsin a ccaithreachaibh Mhanasseh, agus Ephraim, agus Shimeoin, eadhon go nuige Naphtali, le na matoguidh timchioll fa ccúairt.
7Agus a nuáir do bhris sé siós na haltóra agus na garráin, agus a nuáir do bhrúigh sé na hiomhaighe grabhalta na luaithreadh, agus do ghearr siós na hiodhail óile ar feadh chríche Israel eile, dfill sé go Hierusalem.
8¶ Anois annsa nochtmhadh blíadhuin déag dá ríghe, a nuáir do ghlan se an tír, agus an tigh, do chuir sé Saphan mhac Asaliah, agus Maaseiah riaghluightheóir na caithreach, agus Ioah mhac Ioahas an cuimhnightheóir, do leasughadh thighe a THIGHEARNA Dé.
9Agus a núair thangadar go Hilciah an tárdshagart, do sheachadar dhó an tairgiod tugadh go tigh an TIGHEARNA, noch do chruinnigheadar na Lebhítigh do choimhéadadh na doirse as láimh Mhanasseh agus Ephraim, agus ar mhair Disrael uile, agus do Iúdah agus do Bheniamin uile; agus dfiilleadar go Hierusalem.
10Agus do chuireadar a láimh an luchd oibre é agá raibh úachdaránachd thighe an TIGHEARNA, agus thugadar é don luchd oibre do sháothraigh a ttigh an TIGHEARNA, do chuir súas agus do dheasughadh an tighe:
11Eadhon don lucht ceirde agus do na sáoruibh thugadar é, do cheannach chloch shnoighte, agus adhmuid chum cúpladh, agus do chur táobhán air na tighthibh noch do sgriosadar ríghthe Iúdah.
12Agus do rinneadar na daóine a nobair go fírinneach: agus isíad do bhí ós a ccionn Iahat agus Obadiah, na Lebhitigh, do chloinn Mherári; agus Sechariah agus Messullam, do mhacaibh na Ccohatíteach, dá brostugadh ar a haghaidh; agus cuid eile do na Lebhítibh, a nuile dhuine agá raibh éolus a ccéol.
13Mar an ccéadna do bhádar ós cionn luchda iomchuir na núalach, agus an lucht teithmhe ar a nuile dhuine do bhí ag oibriughadh annsa nobair a serbhís ar bith: agus is do na Lebhítibh do bhádar scribhneóirigh, agus oifigidh, agus doirséoirigh.
14¶ Agus a núair thugadar amach an tairgiod do rugadh a steach go tigh an TIGHEARNA, fúair Hilciah an sagart leabhar dlighe an TIGHEARNA thug Máoise úadh.
15Agus do fhreagair Hilciah, agus a dubhairt sé re Saphan an scribhneóir, Fuáir mé leabhar an dlighe a ttigh an TIGHEARNA. Agus thug Hilciah an leabhar do Shaphan.
16Agus rug Saphan an leabhar gus an rígh, agus thug freagra chum an rígh air aisag radh, Gach aoinní dar tháobh tú red sherbhíseachaibh, atáid dá dhéanamh.
17Agus do chruinnigheadar a ccionn a chéile an tairgiod frith a ttigh an TIGHEARNA, agus thugadar a laímh na bhfeithmheorigh, agus a láimh an luchd oibre é.
18Annsin dinnis Saphan an scribhneóir don rígh, dha rádh, Thug Hilciah an sagart leabhar dhamh. Agus do léigh Saphan é a bhfiadhnuisi an righ.
19Agus tárla, a nuáir do chúala an rígh bríathra an dlighe, gur bhris sé a éadach.
20Agus dfúagair an rígh do Hilcíah, agus do Ahicam mhac Saphan, agus do Abdon mhac Mícah, agus do Shaphan an Scribhneóir, agus do Asaiah serbhíseach an rígh, dha rádh,
21Eirghidhe, agus fíafruighidh don TIGHEARNA ar mo shonsa, agus ar son an mhéid do fhágbhadh Disrael agus do Iúdah, a ttaobh bhríathar an leabhair noch do fríth: oír is mór fearg an TIGHEARNA noch do dhóirteadh amach oruinn, do bhrígh nar choimhéadadar ar naithre bríathar an TIGHEARNA, do dhéanamh do réir a bhfuil scriobhtha san leabharso.
22Agus dimthigh Hilciah, agus an lucht dórduigh an rígh, go Huldah an bhanfháigh, bean Shallum mhic Ticbhat, mhic Hasrah, coimhéaduigh na néaduighe; (is a Nierusalem annsa choláiste do bhí sí na comhnuigh): agus do labhradar ría ar an modhsin.
23¶ Agus do fhreagair sisi íad, Is marso a deir an TIGHEARNA Día Israel, Innisigh don duine do chuir chugamsa sibh,
24Is marso a deir an TIGHEARNA, Féuch, do bhéara mé olc ar a náitse, agus ar a dháoinibh, eadhon a bhfuil do mhallachduibh scríobhtha san leabhar noch do léigheadar a bhfiaghnuise rígh Iúdah:
25Do bhríghgur threigeadar mé, agus gur loisgeadar túis do dheéibh oile, le a ccuirfidis fearg ormsa re uile sháothar a lámh; uimesin dóirtfighthear mo dhieghaltas amach ar a náitsi, agus ní múchfuighthear í.
26Achd ar son rígh Iúdah, noch do chuir sibhsi dfiafruíghe don TIGHEARNA, is marso a déarthaói ris, Is marso a déir an TIGHEARNA Día Israel a ttáobh na mbríathar do chúala tú;
27Do bhrígh go raibh tú sóchroidheach, agus gur úmhluigh tú thú féin a bhfiadhnuise Dé, a nuáir do chúala tú a bhríathra a naghaidh na háitesi, agus a naghaidh a dháoine, agus gur ísligh tú thú féin am lathairsi, agus gur réub tú héadach, agus gur ghuil tú am lathair; do chúala misi thú mar an gcéadna, ar sa an TIGHEARNA.
28Féuch, cruinneochuidh mé thú chum haíthreachaibh, agus adhlocthar ad úaighe thú maille re síothchain, agus ní fhaicfid do shúile a nuile olc do bhéaras mé ar a náitse, agus ar a háitreabhachaibh. Marsin thugadar freagra a rís chum an rígh.
29¶ Annsin do chuir an rígh teachta úadh agus do chruinnigh sé a ccionn a chéile sinnsir Iúdah agus Ierusalem uile.
30Agus do chuáidh an rígh súas go tigh an TIGHEARNA, agus fir Iúdah uile, agus muinntir Ierusalem, agus na sagairt, agus na Lebhítigh, agus an pobal uile, mór agus beag: agus do léigh sé iona cclúasaibh briathra leabhair an chunnartha uile noch do fríth a ttigh an TIGHEARNA.
31Agus do sheas an rígh iona áit, agus do rinne sé cunnradh a lathair an TIGHEARNA, siubhal a ndiáigh an TIGHEARNA, agus a aitheanta do choimhéad, agus a fhiádhnuiseadh, agus a reachda, maille re na uile chroidhe, agus re na uilé anum, do choimhlíonadh an chunnartha atá scríobhtha san leabharsa.
32Agus thug sé air an méid do bhí a lathair ann Ierusalem, agus ar Bheniamin seasamh aír sin. Agus do rinneadar muinntir Ierusalem do réir chunnartha Dé, Día a naithreadh.
33Agus do chuir Iosiah ar ccúl a nuile ghráineamhlachd as na huile chríochuibh do bhean re cloinn Israel, agus do thug air an méid do bhí a lathair Dísrael foghnamh, eadhon foghnamh da TTIGHEARNA Día. Agus air feadh a bheathasan níor sgaradar re leanmhuin an TIGHEARNA, Dia a naithreadh.

Currently Selected:

II Croiniclibh 34: Bedell

Highlight

Share

Compare

Copy

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in

Video for II Croiniclibh 34