YouVersion Logo
Search Icon

II Croiniclibh 33

33
Caibidil XXXIII.
Manasseh na Scálhan ar an pheacach ro fhuathmhur. 12 Noch do fill le haithreachus dhíthchiollach.
1 Do bhí Manasseh dhá bhlíadhum déug daóis a nuáir do thosuigh sé ríghe, agus do bhí na rígh cúig bhlíadhna ar cháogad ann Ierusalem:
2Agus do rinne sé an ní dob olc a bhfiaghnuise an TIGHEARNA, cosmhuil re gráineamhlacht na ngeinteadh, noch do theilg an TIGHEARNA amach roimhe chloinn Israel.
3Oir do chuir sé súas a rís na háite árda noch do bhris Heseciah a athair síos, agus do thóg sé altóra do Bhaalim, agus do rinne garráin, agus do adhuir slúagh nimhe uile, agus do rinne serbhís dóibh.
4Mar an ccéadna do rinne sé altóra a ttigh an TIGHEARNA, dá ndubháirt an TIGHEARNA, An Ierusalem bhías mainm go brath.
5Agus do rinne sé altóra do shlúagh nimhe uile a ndá chúirt thighe an TIGHEARNA.
6Agus thug air a chloinn dul thríd an tteine a ngleann mhic Hinnom: mar an ccéadna do ghéill sé daimsearuibh, agus dfoghiuim droigheacht, agus do ghnáthuigheadh piseóga, agus do bhíodh leannán síthe aige, agus luchd fáistine: do rinne sé iomarcuidh uilc a radharc an TIGHEARNA, dá chorrughadh chum feirge.
7Agus do chuir sé íomháigh oibrighthe, (an tiodhal do rinne se féin), a ttigh Dé, dá ndubhairt Día ré Dáibhi agus re Solamh a mhac, Annsa tighsi, agus ann Ierusalem, noch do thogh mé os treabhuibh Israel uile, chuirfios misi mainm go bráth:
8Ní mó áthrochas mé ní sa mhó cos Israel as a ndúithche noch dórduigh mé dá bhur naithribh; air eacht go ttiubhraidis da naire gach uile ní dar aithin mé dhíobh do dhéanamh, do réir an dlighe uile agus na reachta agus na nórduighthe re láimh Mháoise.
9Marsin thug Manasseh ar Iúdah agus ar mhuinntir Ierusalem dul air seachrán, agus nios measa do dhéanamh náid na geinte, noch do sgrios an TIGHEARNA roimhe chloinn Israel.
10¶ Agus do labhair an TIGHEARNA ré Manasseh, agus re na dháoinibh: ach níor bháill leo toradh do thabhairt air.
11Uimesin thug an TIGHEARNA orra caiptinigh shloigh rígh na Hassíria, noch do ghaibh Manasseh a measc na ndroighean, agus do cheanguil a níarann cos é, agus do rug leó é don Bhabilóin.
12Agus a núair do bhí sé a bpráidhínn, do ghuidh se chum a TIGHEARNA Día, agus dumhlaidh sé é féin go mór a lathair Dé a aithreadh,
13Agus do ghuidh sé chuige: agus do ghabh seision sin úadh, agus déist a ghearán, agus thug a rís go Hierusalem é dá rioghachd. Annsin do bhí a fhios ag Manasseh gur bé an TIGHEARNA a Dhía.
14¶ Anois na dhiaighso do chuir sé balla táobh amuigh do chathruigh Dháibhi, fán ccuid shíar do Ghihon, annsa ghleann, áir fad go nuige póirse gheata a néisc, agus thug timchiol Ophel é, agus do thóg súas é go ro árd, agus do chuir Caiptínigh cogaidh a ccaithreachaibh daingne Iúdah uile.
15Agus do chuir na deé coimhightheacha ar ccúl, agus an tíodhal as tigh an TIGHEARNA, agus na huile altóra dar chuir sé súas a slíabh thighe an TIGHEARNA, agus a Nierusalem, agus do theilg amach as an ccathruigh íad.
16Agus do athnúadhuigh sé altóir an TIGHEARNA, agus do íodhbuir sé ofrála síothchána uirre agus ofralla buidhe agus dfúagair do Iúdah serbhís do dheanamh don TIGHEARNA Día Israel.
17Thairis sin do nídís na dáoine íodhbuirt a ccomhnuidh ann sna háitibh árda, gidheadh is dá TTIGHEARNA Día amháin.
18¶ Anois an chuid oile do ghníomhuibh Mhanasseh, agus a ghuidhe chum a Dhé, agus bríathra na bhfaicsionach do labhair ris a nainm an TIGHEARNA Día Israel, féuch, atáid scríobhtha a leabhar ríogh Israel.
19A ghuidhe mar an ccéadna, agus mar do áontuigh Día dhó, agus a pheacáidh uile, agus a choir, agus na hionuid ar chuir sé súas na háite arda, agus ar chuir súas garráin agus íomháighe greanta, suil do humhluigheadh é: féuch, atáid scríobhtha a measg ráiteadh na bhfaicsionach.
20¶ Ann sin do choduil Manasseh agá aithribh, agus do adhlaiceadar iona thigh féin é: agus do ríoghuidh Ammon a mhac iona áit.
21Do bhí Ammon dhá bhliadhuin agus fithche dáois á nuáir do thosuigh sé a ríghe, agus do bhí na rígh dhá bhliadhuin ann Ierusalem.
22Acht do rinne sé an ní fa holc a bhfiudhnuise an TIGHEARNA, mar do rinne Manasseh a athair: óir díodhbuir Ammon do nuile íomhaigh ghreanta noch do rinne a athair Manasseh, agus thug seirbhis dhóibh;
23Agus níor umhluigh é féin a lathair an TIGHEARNA, mar dumhluigh Manasseh a athair é féin; acht do chiontuigh Ammon nisa mhó agus nisa mhó.
24Agus dfealladar a mhuinntir air, agus do mharbhadar é iona thigh féin.
25¶ Acht do mharbhadar mniantir na tíre an drung uile do rinne a nfealla naghaidh rígh Ammon, agus do rinneadar daóine na tíre rígh do Iosiah a mhac iona áit.

Currently Selected:

II Croiniclibh 33: Bedell

Highlight

Share

Compare

Copy

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in

Video for II Croiniclibh 33