II Croiniclibh 32
32
Caibidil XXXII.
Moidheamh Shennacherib. 24 Tinneas agus liaghais, 25 peacadh, 26 agus aithreachas Heseciah.
1Tar éis na neitheannso, agus a nordughadh go diongmhalta, thaínic Sennacherib rígh na Hassíria, agus do chúaidh a steach go Iúdah, agus do chuir foslungphort re haghaidh na ccaithreach ndaingion, agus do sháoil sé a mbúain amach dhó féin.
2Agus a nuáir do chonnairc Heseciah go ttáinic Sennacherib, agus gur chuir roimhe troid a naghaidh Ierusalem,
3Do rinne sé comhairle re na phrionnsadhuibh agus le dháoinibh cumhachdacha uisgeadha na ttobar do stopadh noch do bhí táobh amuigh don chathruigh: agus do chuidigheadar leis.
4Annsin do thionoladar mórán dáoine a ccionn a chéile, noch do stop na tóibreacha uile, agus a nabhuinn do ghabh tre lár na tíre, gha rádh, Cred fa ttiucfaidís ríghthe na Hassíria agus iomad uisge dfagháil?
5Agus do neartuigh sé é féin, agus do chuir sé súas an balla uile do bhí briste, agus do thóg súas é go nuige na tuir, agus balla oíle táobh amuigh, agus do leasuigh sé Millo a ccathruigh Dháibhi, agus do rinne sé gaéthe agus scíatha go lór.
6Agus do chuir sé caiptinigh cogaidh ós cionn an phobail, agus do chrumnigh chuige íad a bhfarradh a chéile a sráid gheata na caithreach, agus do labhair go meisneamhuil riú, gha rádh,
7Bithí láidir curata, ná bíodh eagla nó anbhúain oruibh roimhe righe na Hassíria, ar son a bhtuil diomad slóigh aige: óir is mó atá linne ná leis:
8Lámh fhéola atá leission; acht atá ar TTIGHEARNA Dia linne chum cuidiughadh linn, agus do throid ar ccath. Agus do sheasadar an pobal aír bhríathruibh Heseciah rígh Iúdah.
9¶ Na dhiaighso do chuir Sennacherib rígh na Hassíria a sherbhisigh go Hierusalem, (acht do bhí féin a bhfoslungphort re haghaidh Lachis, agus a chumhachta uile na fhochair,) go Heseciah rígh Iúdah, agus a raibh ann Ierusalem do Iúdah uile, gha rádh,
10Is marso a deir Sennacherib rígh na Hassíria, Cred iona bhfuil bhur ndóigh, as a bhfantáoi a ndaingion Ierusalem?
11Nach bhfuil Heseciah dá chur dfíachaibh oruibh sibh féin do thabhairt don bhás lé gorta agus lé tart, gha rádh, Sáorfuidh ar TTIGHEARNA Día sinn amach as lánnh rígh na Hassíria?
12Nach ar chuir an Heseciah céadnasin a áite árda agus a altóra ar ccúl, agus nach ar fhúagair do Iúdah agus do Ierusalem, ga rádh, Adhorthaói as coinne áon altóra amháin, agus loisgfidhe túis uirre?
13Nach bhfuil a fhios aguibhsi cred do rinne misi agus maithreacha re huile dháoine chríoch oile? ar théadadar deé chineadhach na ccríoch sin ar mhodh ar bith a bhfearuinn do sháoradh as mo láimhse?
14Cia hé measc dheé na ccríoch sin uile noch do léirsgrios maithresi, dféad a dhaoine do sháoradh as mo lánnhsi, as a mbíadh bur Ndíasa cumasach ar sibhsi do shaóradh óm láimh?
15Anois ar a nadhbharsin ná mealladh Heseciah sibh, agus na bogadh sé sibh air an modhso, agus fos ná creidigh é: oir ni raibh áondía chríche na rioghachda air bith cumasach ar a dháoinibh do shaoradh óm láimhsi, agus ó láimh maithreadh: nach lughe go mór ná sin shaorfeas bhur Ndíaso sibhsi as mo láimh?
16Agus dó labhradar a sherbhísigh fós túilleamh a naghaidh an TIGHEARNA Dé, agus a naghaidh a sherbhisigh Héseciah.
17Do scríobh sé litreacha mar an ccéadna do cháineadh an TIGHEARNA Dia Israel, agus do labhairt iona aghaidh, gha rádh, Mar nar sháoradar deé na ccríoch oile a ndáoine as mo láimhsi, is marsin nach sáorfuidh Día Heseciah a dhaoine as mo láimh.
18Ann sin déigheadar do ghuth árd annsa teanguidh luduidhe ar mhumntir Ierusalem do bhí air an mballa, do chur eagla orra, agus da mbúaidhreadh; chor go ngéabhaidís an chathair.
19Agus do labhradar a naghaidh Dé Ierusalem, amhuil do laibheoraidís a naghaidh deé dhaoine na talmhan, noch dob obair lámh duine.
20¶ Ar a nadhbharso do ghuidh agus do éigh Heseciah an rígh, agus an fáigh Isaiah mhac Amos, chum nimhe.
21Agus do chuir an TIGHEARNA aingeal uadh, noch do ghéarr a mach na fir chalma uile, agus cinn feadhna agus na cáiptinigh annsa bhfoslongphort ag righ na Hassíria. Mar sin dfill sé re náire air a éadan dá dhúthaigh féin. Agus a nuáir tháinic sé go tigh a dhé, an luchd tháinic amach as a innighibh fein do mharbhadar ann sin é leis an ccloidhemh.
22Marso do chamhduigh an TIGHEARNA Heseciah agus muinntir Ierusalem ó láimh Shennacherib rígh na Hassíria, agus o láimh a nuile dhuine oile, agus do thréoruigh sé iad air gach uile tháobh.
23Agus thugadar mórán daóine tiodhlaice chum an TIGHEARNA go Hierusalem, agus bpronntadha go Heseciah rígh Iudah: iondus gur méuduigheadh é a radharc gach uile chriche ó sin amach.
24¶ Annsna laéthibh sin do bhí Heseciah tinn chum báis, agus do ghuidh sé chum an TIGHEARNA: agus do labhair sé ris, agus thug sé comhartha dhó.
25Acht níor chúitigh Heseciah a rís do réir na máitheasa do rinneadh dhó; acht do tógbhadh a chroidhe suas: uimesin tháinic dioghaltas air, agus air Iúdah agus air Ierusalem.
26Tharis sin dumhluigh Heseciah é féin ar son úabhair a chroidhe, (é féin aráon agus muinntir Ierusalem,) iondus nach dtáinic dioghaltas Dé orra re linn Heseciah.
27¶ Agus do bhí iomarcaidh saídhbhris agus onóra ag Heseciah: agus do rinne sé stórúis do féin chum airgid, agus chum óir, agus chum cioch mbúadha, agus chum spiosradha, agus chum sciathadh, agus chum a nuile short séud náluinn;
28Tighthe stórúis mar an ccéadna chum bisigh a narbha, agus a nfíona, agus na hola; agus stalladha do nuile short beathach, agus máinreacha da threuduibh.
29Tuilleamh oile dullmhuigh sé dhó féin caithreacha, agus sealbha do thréuduibh agus dealbhaibh go lór: óir thug Día iomarcaigh maóine dhó.
30Do stop an Teseciah céadnaso cúrsa uisge úachtarach Gihon, agus thug go díreach anúas fa táobh shíar do chaithreadh Daibhi é. Agus do chúaidh Heseciah ar a aghaidh iona oibreachaibh uile.
31¶ Acht cheana a ttáobh theachtadh phrionnsadh na Baibilóine, noch do chuir teachta chuige dfagháil sgéul a niongnuidh do rinneadh annsa tir, do léig Día na leith féin, é, da dhearbhadh, chor go mbeith fios a nuile ni da raibh iona chroidhe aige.
32¶ Anois an chuid oile do ghníomhuibh Heseciah, agus a mhaith, féuch, atáid scríobhtha a bhfis Isaiah an fáigh, mac Amos, agus a leabhar riogh Iúdah agus Israel.
33Agus do choduil Heseciah agá aithribh, agus do adhlaiceadar é annsa túama dob onoruigh ag macaibh Dháibhi: agus do rinne Iúdah uile agus áitreabhuigh Ierusalem onóir dhó a nam a bháis. Agus do ríoghuidh Manasseh a mhac ióna áit.
Currently Selected:
II Croiniclibh 32: Bedell
Highlight
Share
Compare
Copy
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.
Maintained by the British and Foreign Bible Society (BFBS) on behalf of the National Bible Society of Ireland (NBSI) and the Bible Society in Northern Ireland (BSNI)