YouVersion Logo
Search Icon

II Croiniclibh 2

2
Caibidil II.
Deasughadh arson thogbhala an teampuill.
1Agus do thionnsguin Solamh tigh do dhéanamh dainm an TIGHEARNA, agus tigh dhá rioghachd.
2Agus do áirimh Solamh amach trí fithchid agus deich míle fear diomchar úalach, agus ceithre fithchid míle doibriughadh annsa tslíabh, agus trí mhíle agus sé chead dféachuin ós a ccionn.
3¶ Agus do chuir Solamh (teachda) go Húram rígh Tíor, gha rádh, Mar do rinne tú re mathair Dáibhi, agus gur chuir tú cedair chuige do dhéanamh tighe dhó iona ndéanadh sé comhnuighe, déana marsin riomsa.
4Féuch, atáim ag deanamh tighe dainm mo THIGHEARNA Dé, da choisreagadh dhó, agus do losgadh túise déaghbholaidh dá lathair, agus don narán taisbéanta laetheamhuil, agus do na hofráluibh loisge maidin agus tráthnóna, annsna sabboidibh, agus annsna reéibh núadha, agus a bhféastuighibh sollamanta ar TTIGHEARNA Dé. Atá so dúalach air Israel go bráth.
5Agus an tigh atáim do dhéanamh budh mór é: óir is mór ar Ndía ós cionn gach uile dhée.
6Acht cía fhéadas tigh do dhéanamh dhó, ó nach féidir lé neamh agus re neamh na neamh a rochduin ionta? cía misi air a nadhbharsin, as a ndéanuinn tigh dhó, achd amháin íodhburtha do losgadh as a choinne?
7Cuir chugam anois nimesin duine glic a noibriughadh a nór, agus a nairgiod, agus a bprás, agus a níarann, agus a bpurpuir, agus a ndearg, agus a ngorm, agus agá mbía eólus a ngreannadh a bhfochair na ndáoine nglic atá agamsa ann Iúdah agus ann Ierusalem, noch do sholathair Dáibhi mathair.
8Cuir chugam mar an gceadna croinn chédair, croinn ghiumhuis, agus croinn Algam, as Lebanon: (óir is fios damh gurab éolgach do shearbhfhoghantuighidhse air adhmad do ghearradh a Lebanon); agus, féuch, béid mo mhuinntirse a bhfochair do mhuinntire,
9Eadhon dullmhughadh adhmúid dhamhsa go lór; óir an tigh atáim ar tí do chur súas budh iongantach a mhéid.
10Agus, féach, do bhéara mé dot mhuinntir, na géarrthóirighe ghéarrfus adhmad, fithche míle miosúr do chruithneachd bhuáilte, agus fithche míle miosúr éorna, agus fithche míle soitheach fíona, agus fithche míle soitheach ola.
11¶ Ann sin do fhreagair Húram rígh Tíor a scríbhinn, noch do chuir sé go Solamh, Do bhrígh gur bionmhuin leis an TTIGHEARNA a dhaóine, do rinne sé rígh dhíotsa ós a ccionn.
12A dubhairt Húram fós, Go madh beannuigh an TIGHEARNA Día Israel, noch do rinne neamh agus talamh, noch thug mac glic do Dháibhi rígh, lán do chríonnachd agus do thuigsin, noch do chuirfeadh tigh súas don TIGHEARNA, agus tigh dhá rioghachd.
13Agus anois do chuir misi chugad duine glic, tuigsionach, do mhuinntir mathar Huram,
14Mac mná dingheanuibh Dan, agus duine do Thíor a athair, glic a noibriughadh a nór, agus a nairgiod, a bprás, a níarann, a ccloich, agus a nadhmad, a bpurpuir, a ngorm, agus a linéadach fhínéulta, agus a ndearg; agus mar an gcéadna do ghreannadh gach éantsóirt oibre greanta, agus do bhreith éoluis air gach uile stuáim da ccuirfighthear chuige, maille re do dhaóinibh gliocasa, agus re daoinibh glioca mo THIGHEARNA Dáibhi hathair.
15Anois ar a nadhbharsin an chruithneachd, agus a néorna, a nola, agus an fíon, air ar labhair mo thighearna, cuireadh sé úadh íad chum a shearbhfhoghantuigheadh:
16Agus géarrfuimne adhmad as Lebanon, an mhéid bhus uireasbuidh ort: agus béaram linn na sláoduibh íad air an bhfairge go Ioppa, agus béara túsa as sin go Hierusalem íad,
17¶ Agus do áirimh Solamh a raibh do choimhitheachuibh a ttír Israel, do réir na nuibhreach lear áirimh Dáibhi a athair íad; agus do fríth dhíobh céud agus cáogad míle agus trí mhíle agus sé chéad.
18Agus do chuir sé trí fithchid agus deich míle dhíobh diomchar úalach, agus ceithre fithchid míle doibriughadh san tslíabh, agus trí mhíle agus sé chéud ós ccionn dá mbrostadh iona nobair.

Currently Selected:

II Croiniclibh 2: Bedell

Highlight

Copy

Compare

Share

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in

Video for II Croiniclibh 2