II Croiniclibh 28
28
Caibidil XXVIII.
Do cuireadh iomdha aindeise ar an rí neimhdhiagha Ahas; 22 agus fa mó do mhéuduigh sesin a chionta.
1Do bhí Ahas fithcne blíadhain dáois a núair do thosuigh a ríghe, agus do bhí na rígh sé blíadhna déag an Ierusalem: achd ní dheárnuigh sé an ní fá cheart a radharc an TIGHEARNA, cosmhuil ré Dáibhi a athair:
2Oir do shiubhail sé a slighthibh ríogh Israel, agus do rinne mar an cceadna iomháighe leaghtha do Bhaalim.
3Tuilleamh oile do rinne sé íodhbairt a ngleann mhic Hinnom, agus do loisg sé a chlann annsa teine, do réir ghráineamhlachd na ngeinteadh noch do theilg an TIGHEARNA amach roimhe chloinn Israel.
4Do rinne sé íodhbairt mar an ccéadna agus do loisg sé túis annsna háitibh árda, agus air na cnocaibh, agus faói gach áonchrann ghlas.
5Uíme sin do sheachuid a THIGHEARNA Día é a láimh rígh na Síria; agus do bhúail sé é, agus rug móran diobh leis a láimh, agus rug go Damascus íad. Tugadh fós a láimh rígh Israel e, noch do bhuail é lé hár mór.
6Oir do mharbh Pecah mhac Remaliah ann Iúdah céud agus fithche míle a naon ló, fir chródha uile; do bhrígh gur thréigeadar an TIGHEARNA Día a naithreadh.
7Agus Sichri, duine cumhachtach do Ephraim, do mharbh sé Maaseiah mac an rígh, agus Asricam úachtarán an tighe, agus Elcanah noch do bfoigsi don rígh.
8¶ Agus rugadar clann Israel leó a láimh dá ndearbhráithribh dhá chéad mile, bean, mac, agus inghean, agus rugadar mar an ccéadna móran éadála úatha, agus rugadar a néadáil go Samária.
9Acht do bhí fáigh don TIGHEARNA ann sin, dar bhainm Oded: agus do chúaidh sé amach a ccoinne an tslóigh tháinic go Samária, agus a dubhairt sé riú, Féuchuidh, do bhrígh go raibh an TIGHEARNA Día bhur naithreadh feargach re Iúdah, thug sé ion bhur láimhse íad, agus do mharbhabhair íad a ndíbhfheirg roithchios súas go neamh.
10Agus anois sé do chuireabhair romhuibh clann Iúdah agus Ierusalem do chonngmháil fúibh na bhfearuibh agus na mnáibh dáora dháoibh féin: achd ané nach bhfuil oruibhse, eadhon oruibhsi féin, peacaidh a naghaidh bhur TTIGHEARNA Dé?
11Anois éistigh riomsa ar a nadhbharsin, agus léigidh amach na braighde a rís, noch do ghabhabhair a laímh da bhur ndearbhráithribh: óir atá fearg fhíochmhar an TIGHEARNA ribh.
12Annsin do sheasadar súas cuid áirigh do cheannuibh chloinne Ephraim, Asariah mhac Iohanan, Berechiah mhac Messillemot, agus Iehisciah mhac Sallum, agus Amasa mhac Hadlai, a naghaidh na muinntire tháinic ón chogadh,
13Agus a dubhradar riú, Ní thiubharthaói na braighde a steach annso: óir an tionad ar chiontuigheamairne a naghaidh an TIGHEARNA, ris mían libhse tuilleamh do chur a ccionn ar bpeacadh agus ar sáruighthe: óir is mór ar ccóir, agus atá fearg fhiochmhar a naghaidh Israel.
14Marsin dfágbhadar na fir armtha na braighde agus a néadail a bhfíadhnuise na bprionnsadh agus an chomhchruinnigh uile.
15Agus déirgheadar súas na daoine do goireadh as a nainm, agus do ghlacadar na braighde, agus do néadail do chuireadar éadach air a raibh lomnochd dhíobh, agus do éaduigheadar íad, agus thugadar broga dhóibh, agus thugadar biadh agus deoch dhóibh, agus dungadar íad, agus do iomchradar an mhéid do bhí lag aca air assaluibh, agus thugadar íad go Iericho, cathair na ccrann pailme, chum a ndearbhráithreach: annsin dfilleadar go Samaria.
16¶ Annsa namsin do chuir Ahas athchuinge go ríghthibh na Hassiria do chungnamh ris.
17Oír thangadar na Hédomitígh a rís, agus do bhúaileadar Iúdah, agus rugadar braighde leó.
18Dionnsuigheadar na Philistinigh mar an gcéadna caithreacha na tíre íochdaruigh, agus an táobh theas do Iúdah, agus do ghabhadar Bet‐semes, agus Aialon, agus Gederot, agus Socho gun a bhailtibh, agus Timnah gun a bhailtibh, Gimso fós gun a bhailtibh: agus do áitreabhadar annsin.
19Oír do chuir an TIGHEARNA Iúdah síos ar son Ahas righ Israel; óir do rinne sé Iúdah tárrnochd, agus do chiontuigh sé a naghaidh an TIGHEARNA go mór.
20Agus tháinic Tílgat‐pilneser rígh na Hassíria chuige, agus do chuir aindeise air, agus níor neartuigh sé é.
21Oír rug Ahas roinn as tigh an TIGHEARNA, agus as tigh an rígh, agus ó na prionnsadhuibh, agus thug sé do rígh na Hassíria sin: achd níor chuidigh sé leis.
22¶ Agus a naimsir a aindesi do chiontuigheadh sé fós ní sa mhó a naghaidh an TIGHEARNA: an ríghsi féin Ahas.
23Oir díodhbuir sé do dheéibh Dhamascus, noch do bhúail é: agus a dúbhairt sé, Do bhrígh gur chuidigh deé ríogh na Síria leó, uime sin do dhéansa íodhbuirt dhóibh, chor go ttárthochuid mé. Acht isiad do sgrios eision, agus Israel uile.
24Agus do chruinnigh Ahas a gcionn a chéile soithighe thighe Dé uile, agus do gheárr sé na mblodhuibh soithighe thighe Dé, agus do dhruid doirse thighe an TIGHEARNA, agus do rinne altóra dhó feín ann gach éanchoirnéul do Ierusalem.
25Agus ann gach aon chathruigh fa leith do Iúdah do rinne sé aíte árda do losgadh túise do dhéeibh oile, agus do bhrostuigh sé chum feirge an TIGHEARNA Día a aithreadh.
26¶ Anois an chuid oile dá ghníomhuibh agus dá shlighthibh uile, ó thús go deireadh, feúch, atáid scríobhtha a leabhar ríogh Iúdah agus Israel.
27Agus do choduil Ahas agá aithribh, agus do adhlaiceadar é annsa chathruigh, eadhon ann Ierusalem: acht ní thugadar é go túama ríogh Israel: agus do ríoghuidh Heseciah a mhac iona áit.
Currently Selected:
II Croiniclibh 28: Bedell
Highlight
Share
Compare
Copy
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.
Maintained by the British and Foreign Bible Society (BFBS) on behalf of the National Bible Society of Ireland (NBSI) and the Bible Society in Northern Ireland (BSNI)